Nós imeachta um thabhairt suas idir tíortha AE agus an Íoslainn agus an Iorua
ACHOIMRE AR:
Cinneadh 2014/835/AE — comhaontú maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir tíortha AE agus an Íoslainn agus an Iorua
CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH?
-
Formheastar leis an gcomhaontú maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas* idir tíortha AE agus an Íoslainn agus an Iorua.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Is é is aidhm leis an gcomhaontú feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla idir tíortha AE agus an Íoslainn agus an Iorua.
-
Bunaítear leis go sonrach córas um thabhairt suas chun dlús a chur le haistriú amhrastach agus daoine faoi choimeád agus chun rialuithe imleora a chinntiú maidir le barántais ghabhála a fhorghníomhú.
Raon feidhme
-
Féadfar an barántas gabhála a eisiúint le haghaidh gníomhartha lena ngabhann pianbhreith phríosúin nó orduithe coinneála 12 mhí ar a laghad nó, sa chás gur ritheadh pianbhreith nó go ndearnadh ordú coinneála, le haghaidh pianbhreith 4 mhí ar a laghad.
-
Maidir le cionta lena ngabhann pianbhreith phríosúin 3 bliana ar a laghad, féadfaidh na páirtithe dearbhú a dhéanamh ina sonraítear nach dteastaíonn uatha coinníollacha na coireachta dúbailte*. Áirítear orthu sin:
-
rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil,
-
sceimhlitheoireacht,
-
gáinneáil ar dhaoine,
-
pornagrafaíocht leanaí,
-
gáinneáil neamhcheadaithe ar orgáin an duine,
-
támhshuanaigh.
Is ionann liosta na gcionta agus liosta na gcionta a úsáideann tíortha AE don Bharántas Gabhála Eorpach.
Foras do neamhfhorghníomhú an bharántais ghabhála
Diúltóidh na húdaráis bhreithiúnacha barántas gabhála a eisiúint má:
-
tá an cion ar a bhfuil sé bunaithe cumhdaithe faoi mhaithiúnas;
-
cuireadh an duine faoi thriail cheana do na gníomhartha céanna agus cuireadh an phianbhreith isteach nó tá an phianbhreith á cur isteach;
-
ní féidir an fhreagracht choiriúil a chur ar dhuine i ngeall ar a n-aois.
Os a choinne sin, féadfaidh na tíortha diúltú an barántas gabhála a fhorghníomhú i roinnt cásanna, lena n-áirítear má:
-
ní hionann na gníomhartha ar a bhfuil an barántas bunaithe agus cion sa tír ina bhfuil an amhrastach á choinneáil (“stát forghníomhaitheach”), ach amháin maidir le cánacha, dleachtanna, custam agus malartú;
-
tá an duine á ionchúiseamh nó a hionchúiseamh sa stát forghníomhaitheach don ghníomh céanna;
-
rith an stát breithiúnas deiridh do na gníomhartha céanna, rud a chuireann bac ar imeachtaí eile;
-
chinn na húdaráis sa stát forghníomhaitheach gan an duine a ionchúiseamh nó chuir siad stop leis na himeachtaí;
-
náisiúnach nó cónaitheach den stát forghníomhaitheach is ea an duine iarrtha agus tá sé beartaithe ag an stát sin an phianbhreith a chur i gcrích;
-
rinneadh na cionta lasmuigh de chríoch na tíre a bhfuil an barántas á eisiúint aici (“stát eisiúna”) nó ní cheadaítear ionchúiseamh as na cionta sin i ndlí an stáit fhorghníomhaithigh.
Barántas gabhála
-
Tá sonraí sa bharántas gabhála maidir le haitheantas maidir leis an duine iarrtha, maidir leis an údarás eisiúna, maidir leis an bpianbhreith agus maidir leis an gcineál ciona.
-
Déantar é a tharchur a luaithe is a fhaightear an duine iarrtha, agus cuirtear in iúl é ansin don Chóras Faisnéise Schengen nó, murar féidir é sin a dhéanamh, do Interpol.
-
Má thoilíonn an duine dá dtabhairt suas, ba cheart an cinneadh deiridh maidir le forghníomhú an bharántais ghabhála a dhéanamh laistigh de 10 lá; seachas sin ba cheart é a dhéanamh laistigh de 60 lá ón ngabháil.
-
Murar féidir é sin a dhéanamh, ní mór an chúis leis an mhoill a chur in iúl do na húdaráis agus féadfar 30 lá a chur leis an teorainn ama.
Nós imeachta um thabhairt suas
-
Nuair a ghabhtar an duine, ní mór iad a chur ar an eolas faoin mbarántas gabhála agus faoina ábhar, faoin bhféidearthacht atá ann toiliú do thabhairt suas don údarás breithiúnach eisitheach agus faoina gceart cúnamh a fháil ó dhlíodóir agus ó ateangaire.
-
Seoltar an éisteacht de réir dhlí an stáit fhorghníomhaithigh agus faoi choinníollacha arna socrú le comhaontú comhchoiteann. Is féidir leis an duine rogha a dhéanamh maidir le toiliú don tabhairt suas nó gan toiliú don tabhairt suas má chuirtear an rogha sin in iúl go deonach agus go bhfuil sé nó sí lánfheasach ar na hiarmhairtí.
-
Ba cheart an duine a thabhairt suas laistigh de 10 lá den chinneadh an barántas a fhorghníomhú, nó murar féidir é sin a dhéanamh, laistigh de 10 lá ón dáta don tabhairt suas a comhaontaíodh idir na húdaráis. Má tá duine faoi choinneáil fós ag deireadh na tréimhse sin, ní mór iad a scaoileadh amach.
-
Déanfaidh an t-údarás forghníomhaitheach maoin a d’fhéadfadh bheith mar fhianaise nó a fuair an duine mar thoradh an chiona a urghabháil agus a thabhairt ar láimh.
Tabhairt suas an duine iarrtha
Ní mór do na tíortha atá ina bpáirtithe sa chomhaontú cead a thabhairt don duine atá á thabhairt nó á tabhairt suas dul trína gcríoch, ar an gcoinníoll gur dtugadh faisnéis dóibh maidir le:
-
aitheantas an duine,
-
go bhfuil an barántas gabhála ann,
-
an cineál ciona, agus
-
cur síos ar na himthosca.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Tá sé i bhfeidhm ón 28 Samhain 2014.
CÚLRA
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Nós imeachta um thabhairt suas: nós imeachta lena gceadaítear do thír duine a thabhairt suas do thír eile chun ionchúiseamh coiriúil a sheoladh nó chun pianbhreith choimeádta nó tréimhse faoi choinneáil a fhorghníomhú.
Coiriúlacht dhúbailte: an ceanglas nach mór don chion lena mbaineann a bheith ina chion sa tír ina bhfuil an t-amhrastach á choinneáil agus sa tír ar mian leo iad a thabhairt ar láimh lena gcur faoi thriail.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh 2014/835/AE ón gComhairle an 27 Samhain 2014 maidir le conclúid an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Poblacht na hIorua maidir leis an nós imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua (IO L 343, 28.11.2014, lgh. 1-2)
Nuashonraithe 24.10.2016