An ceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla

Ní mór daoine atá faoi dhrochamhras nó ar cúisíodh iad as cion coiriúil i dtír AE a chur ar an eolas faoina gcearta nós imeachta agus faoi na cúisimh ina n-éadan.

GNÍOMH

Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla.

ACHOIMRE

Ní mór daoine atá faoi dhrochamhras nó ar cúisíodh iad as cion coiriúil i dtír AE a chur ar an eolas faoina gcearta nós imeachta agus faoi na cúisimh ina n-éadan.

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Leagtar amach na híoschaighdeáin sa treoir seo do gach tír AE beag beann ar stádas dlíthiúil, ar shaoránacht nó ar náisiúntacht an duine. Tá sé deartha chun iomrall ceartais a chosc agus líon na n-achomharc a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine a cúisíodh a chur ar an eolas go pras, i scríbhinn nó ó bhéal, faoi roinnt cearta nós imeachta. Áirítear orthu siúd:

Ina theannta sin, ní mór do dhaoine gafa Litir um Chearta a fháil go pras ó na húdaráis forfheidhmiúcháin dlí (i.e. na póilíní nó an t-aire ceartais, ag brath ar an tír AE), agus í scríofa i dteanga shimplí, ina gcuirtear faisnéis ar thuilleadh ceart ar fáil, lena n-áirítear:

Sa chás go ngabhtar duine faoi Bharántas Gabhála Eorpach, ní mór do na húdaráis forfheidhmiúcháin dlí Litir um Chearta shainiúil a thabhairt dóibh ina léirítear na cearta éagsúla lena mbaineann sa chás sin.

Ina theannta sin, ní mór faisnéis a thabhairt do na daoine atá faoi dhrochamhras nó na daoine a cúisíodh maidir leis an ngníomh coiriúil a bhfuil sé in ainm a bheith déanta acu agus (níos déanaí) le faisnéis mhionsonraithe maidir leis an gcúiseamh. Má ghabhtar iad nó má choinnítear iad ní mór na cúiseanna leis an ngabháil sin nó leis an gcoinneáil sin a chur in iúl dóibh fosta. Ní mór dóibh rochtain a bheith acu ar ábhair an cháis chomh maith ionas gur féidir leo a gcearta chun cosanta a fheidhmiú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tháinig an treoir i bhfeidhm an 21 Meitheamh 2012 agus bhí ar na tíortha AE í a thrasuí faoin 2 Meitheamh 2014.

CÚLRA

Tá an treoir ar an dara céim i sraith beart atá, le chéile, ceaptha le híosrialacha a bhunú maidir le cearta nós imeachta ar fud AE de réir Threochlár 2009 um chearta nós imeachta. Tagann sé i ndiaidh threoir 2010 maidir leis na cearta chun ateangaireachta agus aistriúcháin.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2012/13/AE

21.6.2012

2.6.2014

IO L 142, 1.6.2012, lgh. 1-10

Nuashonraithe 02.03.2015