Straitéis Eorpach um Ríomhcheartas
Tugtar an tábhacht atá ag méadú maidir le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) chun suntais sa straitéis seo mar bhealach chun éifeachtúlacht na bpróiseas agus na n-údarás dlíthiúil i measc thíortha AE a mhéadú. Baintear leas inti as an obair atá déanta cheana, lena n-áirítear an tairseach Eorpach don cheartas - pointe rochtana aonair, áisiúil ar an gcóras iomlán Eorpach um ríomhcheartas - agus an chéad phlean gníomhaíochta Eorpach ilbhliantúil maidir le ríomhcheartas (2009-2013).
GNÍOMH
Plean gníomhaíochta Eorpach ilbhliantúil maidir le ríomhcheartas 2014-2018 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 182 an 14 Meitheamh 2014, lgh. 2-13)
ACHOIMRE
Tugtar an tábhacht atá ag méadú maidir le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) chun suntais sa straitéis seo mar bhealach chun éifeachtúlacht na bpróiseas agus na n-údarás dlíthiúil i measc thíortha AE a mhéadú. Baintear leas inti as an obair atá déanta cheana, lena n-áirítear an tairseach Eorpach don cheartas - pointe rochtana aonair, áisiúil ar an gcóras iomlán Eorpach um ríomhcheartas - agus an chéad phlean gníomhaíochta Eorpach ilbhliantúil maidir le ríomhcheartas (2009-2013).
CAD A DHÉANTAR SA STRAITÉIS SEO?
Tugtar na tairbhí a bhaineann le ríomhcheartas Eorpach chun suntais inti, go háirithe maidir le cásanna ina bhfuil dhá thír AE bainteach. Áirítear orthu sin:
|
— |
rochtain níos mó ar fhaisnéis cheartais agus bhreithiúnach do chách;
|
|
— |
comhoibriú níos fearr idir údaráis bhreithiúnacha thíortha AE;
|
|
— |
meas ar neamhspleáchas agus éagsúlacht córais bhreithiúnach tíortha agus ar chearta bunúsacha.
|
Na príomhéachtaí maidir le ríomhcheartas Eorpach
|
— |
Treoirthionscadail i measc thíortha AE, e.g. e-CODEX (malartú sábháilte sonraí dlíthiúla);
|
|
— |
Idirnasc bunachair shonraí náisiúnta (Idirnasc Cláir Dhócmhainneachta, Faigh Dlíodóir, Faigh Nótaire, etc.);
|
|
— |
Físchomhdháil in imeachtaí breithiúnacha;
|
|
— |
|
— |
Aitheantóir Cásdlí Eorpach (ECLI).
|
Prionsabail ghinearálta
Tá ríomh-Cheartas Eorpach comhsheasmhach le creat ginearálta ríomhsheirbhísí an Rialtais agus leis an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta, agus tá sé bunaithe ar na prionsabail seo:
|
— |
gníomh deonach;
|
|
— |
dílárú;
|
|
— |
idir-inoibritheacht (i.e. cumas córais teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus na bpróiseas gnó lena dtacaíonn siad chun sonraí a mhalartú agus chun comhroinnt faisnéise agus eolais a chumasú);
|
|
— |
gné Eorpach (an dlí sibhialta, coiriúil, riaracháin).
|
An straitéis a neartú
Sa straitéis um ríomhcheartas 2014-2018 iarrtar an méid seo a leanas a fhorbairt tuilleadh:
|
— |
an tairseach Eorpach don cheartas (lena n-áirítear ábhar dlí AE agus dlí náisiúnta thíortha AE);
|
|
— |
idir-inoibritheacht (naisc idir údaráis ábhartha, gairmithe, an pobal i gcoitinne agus gnóthaí);
|
|
— |
úsáid chomhsheasmhach TFC le reachtaíocht úr AE;
|
|
— |
cosaint sonraí pearsanta;
|
|
— |
idirnasc clár náisiúnta;
|
|
— |
gréasáin ríomhcheartais;
|
|
— |
comhoibriú le gairmithe dlíthiúla;
|
|
— |
meicníochtaí chun aistriúchán a chur ar fáil;
|
|
— |
maoiniú dóthanach ar leibhéal AE.
|
Tá an straitéis úr um ríomhcheartas tacaithe ag plean gníomhaíochta ilbhliantúil 2014-2018, ina leagtar síos meicníocht tosaíochta chun gach tionscadal ríomhcheartais úra agus leanúnacha a chur i bhfeidhm.
Pléadh buarthaí a ardaíodh sa straitéis maidir le cosaint sonraí pearsanta ó shin tríd an gcinneadh ón gCoimisiún Eorpach a ghlacadh an 5 Meitheamh 2014. Rialaítear an áit go díreach a bhfuil freagrachtaí ag an gCoimisiún mar rialtóir sonraí leis an ionstraim dhlíthiúil seo.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an ríomhcheartas Eorpach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Dréacht-straitéis maidir le Ríomhcheartas Eorpach 2014-2018 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 376 an 21 Nollaig 2013, lgh. 7-11)
Cinneadh 2014/333/AE ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2014 maidir le cosaint sonraí pearsanta sa tairseach Eorpach don Cheartas (OJ L 167 an 6 Meitheamh 2014, pp. 57-60).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún - I dtreo Straitéise Eorpaí maidir le Ríomhcheartas - (COM(2008) 329 final an 30 Bealtaine 2008).
Nuashonrú is déanaí: 23.07.2015