Scéim Eorpach um athlonnú dídeanaithe
ACHOIMRE AR:
Moladh (AE) 2015/914 maidir le scéim Eorpach um athlonnú
CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?
PRÍOMHPHOINTÍ
Cad is beart um athlonnú ann?
Eochair dháilte
Dáilfear na háiteanna athlonnaithe foriomlána i measc tíortha AE ar bhonn eochair dháilte bunaithe ar na critéir seo a leanas:
Ar bhonn na heochrach sin, athlonnódh an Ghearmáin an líon is mó daoine (3,086 nó 15.4 %), agus ina dhiaidh sin an Fhrainc (2,375 — 11.8 %), an Ríocht Aontaithe (2,309 — 11.5 %) agus an Iodáil (1,989 — 9.9 %).
Buiséad
Bhainfí úsáid as €50 milliún eile ó bhuiséad 2015 AE chun tacú leis an scéim seo. Chuirfí airgead breise don scéim AE um athlonnú (leata go cothrom ar fud 2015 agus 2016) leis an gCiste speisialta um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht.
Cur chun feidhme
Tá rannpháirtíocht ar an scéim um athlonnú deonach. Iarradh ar thíortha AE iad féin a thiomnú do na háiteanna athlonnaithe a moladh faoi Mheán Fómhair 2015.
Tá UNHCR agus eagraíochtaí ábhartha eile le cuidiú leis an Aontas Eorpach leis an scéim a chur chun feidhme (le bearta amhail iarrthóirí tearmainn a aithint agus iad a aistriú). Beidh páirt ag an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn sa scéim chomh maith.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN MHOLTA?
Mairfidh an scéim 2 bhliain, ón dáta a glacadh an moladh (8 Meitheamh 2015).
CÚLRA
I ndiaidh roinnt tubaistí ina bhfuair na mílte duine bás agus iad ag iarraidh cóstaí Meánmhara AE a bhaint amach, chuir AE comhfhreagairt ar an imirce ar aghaidh.
I mí na Bealtaine 2015, chuir an Coimisiún Clár Oibre AE maidir leis an Imirce i láthair, ina leagtar amach cur chuige cuimsitheach lena n-áirítear an chéad phacáiste cur chun feidhme beart, is iad sin:
I ndiaidh an mholta seo tháinig na conclúidí ó ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle an 20 Iúil 2015 chun 22,504 duine ar léir gur theastaigh cosaint idirnáisiúnta uathu a athlonnú trí scéimeanna iltaobhacha agus náisiúnta. Dáileadh na háiteanna athlonnaithe idir tíortha AE agus an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis de réir na ngealltanas arna leagan amach san iarscríbhinn a ghabhann leis na conclúidí agus ní de réir na heochrach leithdháilte a leagadh amach sa mholta.
Mhol an Coimisiún sraith eile beart imirce i Meán Fómhair 2015. Áirítear orthu sin togra um athlonnú práinneach do 120,000 duine ar léir gur theastaigh cosaint uathu (ón nGréig, ón Ungáir agus ón Iodáil) agus sásra buan um athlonnú géarchéime do gach tír AE.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Athshuíomh: scéim trína soláthraíonn tíortha AE cosaint idirnáisiúnta agus réiteach fadtéarmach ina gcríocha do dhídeanaithe agus do dhaoine easáitithe. Aithníonn UNHCR na daoine sin mar a bheith incháilithe i leith athlonnaithe ag féachaint do stádas dlíthiúil slán a thabhairt dóibh. Tá tíortha AE fós freagrach as cinntí aonair um ligean isteach.
Athlonnú: aistriú daoine a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uatha, nó a bhfuil leas á bhaint acu as cosaint idirnáisiúnta cheana, i dtír AE amháin go tír AE eile ina dtabharfaí cosaint chomhchosúil dóibh. Beart dlúthpháirtíochta AE is ea athlonnú chun cuidiú le tíortha AE a bhfuil acu déileáil le mórphlódú isteach iarrthóirí tearmainn.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Moladh (AE) 2015/914 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2015 maidir le scéim Eorpach um athlonnú (IO L 148, 13.6.2015, lgh. 32-37)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce (COM(2015) 240 final, 13.5.2015)
Nuashonraithe 18.08.2016