Tacú le comhar AE i gcúrsaí fioscacha: Fiscalis 2020

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 1286/2013 — clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais don tréimhse 2014-2020

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is clár AE um chomhar, don tréimhse 2014 go 2020, é Fiscalis 2020, a chuireann le cláir gníomhaíochta ilbhliantúla cánach roimhe seo. Is é cuspóir foriomlán an chláir feidhmiú córas cánachais AE a fheabhsú tríd an gcomhar a mhéadú idir na tíortha rannpháirteacha, a n-údaráis cánach agus a n-oifigigh.

Féachtar go sonrach sa chlár le calaois, le himghabháil agus le seachaint cánach a chomhrac agus le dlí cánach AE a chur i bhfeidhm trí na nithe a leanas:

PRÍOMHPHOINTÍ

Conas a oibríonn an clár agus cad is féidir a dhéanamh leis

Treorófar Fiscalis 2020 bunaithe ar chláir oibre bhliantúla a ghlacfaidh an Coimisiún Eorpach. Maoinítear gníomhartha an chláir trí bhíthin deontas, conarthaí soláthair phoiblí nó aisíocaíocht chostais na saineolaithe seachtracha.

Is le haghaidh oifigigh a oibríonn i riaracháin custaim i dtíortha AE na gníomhartha seo, ach tá fáil orthu freisin ag a gcontrapháirtithe i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha a ghlac páirt sa chlár, agus ag a gcontrapháirtithe i dtíortha comhpháirtíochta bheartas comharsanachta na hEorpa i gcúinsí áirithe.

Áirítear le cuspóirí oibríochtúla an chláir:

Buiséad agus gníomhartha incháilithe

Is é buiséad an chláir don tréimhse 2014 go 2020 EUR 223.4 milliún. Is iad seo a leanas samplaí de ghníomhartha incháilithe:

Táthar ag súil leis go gcuirfidh gníomhaíochtaí Fiscalis 2020 leis an Straitéis: Eoraip 2020 i leith fostaíochta agus fáis a bhaint amach, go háirithe an clár oibre digiteach don Eoraip.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2014.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 25-32)

Nuashonraithe 05.04.2018