Cinneadh 2014/415/AE ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an chlásail dlúthpháirtíochta
Cinneadh 2014/415/AE ón gComhairle an 24 Meitheamh 2014 maidir leis na socruithe a bhaineann le cur i bhfeidhm an chlásail dlúthpháirtíochta ag an Aontas.
Buíochas leis an gclásal dlúthpháirtíochta, cuirtear ar chumas an Aontais Eorpaigh (AE) agus na mBallstát AE gníomhú i dteannta a chéile chun cuidiú le Ballstát AE eile, Ballstát a ndearnadh ionsaí sceimhlitheoireachta air nó a tharla tubaiste nádúrtha nó shaorga ann.
Leagtar síos sa chinneadh na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an gclásal dlúthpháirtíochta a fheidhmiú. Áirithíonn an cinneadh go n-oibríonn na páirtithe uile ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE as lámha a chéile chun freagairt go tapa, go héifeachtach agus go comhsheasmhach d’ionsaithe sceimhlitheoireachta nó do thubaistí nádúrtha nó saorga.
Cuirtear an clásal i bhfeidhm:
Leas a bhaint as an gclásal dlúthpháirtíochta
Féadfaidh an Ballstát AE lena mbaineann leas a bhaint as an gclásal dlúthpháirtíochta má mheastar go bhfuil an iomarca brú á chur ar chumais fhreagartha an Bhallstáit.
Ní mór don Bhallstát a iarratas a chur in iúl d’Uachtaránacht na Comhairle agus d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh trí mheán Ionad Freagartha Éigeandála an Choimisiúin.
Sásra freagartha in AE
A luaithe is a bhaintear leas as an gclásal dlúthpháirtíochta, baineann AE feidhm as na hionstraimí agus as na struchtúir uile a bhfuil rochtain aige orthu, ar ionstraimí agus struchtúir oibríochtúla, beartais nó airgeadais iad a bhaineann le hearnáil áirithe. Áirítear leis na hionstraimí agus na struchtúir seo Sásra Cosanta Sibhialta AE, na hionstraimí a thagann faoi Straitéis Slándála Inmheánaí AE agus na struchtúir arna bhforbairt i gcomhthéacs Chomhbheartas Slándála agus Cosanta AE (CBSC).
Buíochas leis an gComhairle, áirithítear treo polaitiúil agus straitéiseach na freagartha, agus inniúlachtaí an Choimisiúin agus an Ard-Ionadaí á gcur san áireamh go hiomlán. Gníomhachtaítear na Socruithe i leith Freagartha Comhtháite do Ghéarchéim Pholaitiúil (IPCR) ar an bpointe ag an gComhairle, rud a áirithíonn freagairt chomhsheasmhach ar leibhéal AE.
San am céanna, déanann an Coimisiún agus Ard-Ionadaí AE:
Cuireadh an cinneadh i bhfeidhm an 20 Iúil 2014.
Cuirtear Airteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i bhfeidhm le clásal dlúthpháirtíochta AE.
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Cinneadh 2014/415/AE |
21.7.2014 |
- |
|
- |
- |
||
- |
- |
Nuashonraithe 21.09.2015