Truailliú muirí ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis
I mí Iúil 2014, ghlac an tAontas Eorpach (AE) le dlí lena ráthaítear cistiúchán don obair a bhíonn ar siúl ag an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) chun truailliú ar muir a chomhrac don tréimhse 2014-20.
ACHT
Rialachán (AE) Uimh. 911/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le cistiú ilbhliantúil i gcomhair ghníomhaíocht na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí i réimse na freagartha ar thruailliú mara ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis.
ACHOIMRE
I mí Iúil 2014, ghlac an tAontas Eorpach (AE) le dlí lena ráthaítear cistiúchán don obair a bhíonn ar siúl ag an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) chun truailliú ar muir a chomhrac don tréimhse 2014-20.
Bunaíodh EMSA chun ardleibhéil sábháilteachta ar muir a chinntiú agus chun truailliú ó longa, amhail sceití ola agus substaintí contúirteacha, a chosc agus a láimhseáil. Sa bhliain 2013, cuireadh truailliú ó shuiteálacha ola agus gáis le sainchúram EMSA.
CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN?
Cuirtear cistiúchán ar fáil faoin rialachán, a chuireann ar chumas EMSA a chuid cúraimí maidir le freagairt don truailliú muirí a chomhlíonadh. Sonraítear go sainráite sa rialachán gur cheart go mbeadh freagracht ar thíortha go fóill a sásraí riachtanacha féin a bheith acu, fiú más rud é gur cuireadh EMSA ar bun.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cuireann an cistiúchán ar chumas EMSA infheistiú:
— |
i longa agus i dtrealamh speisialaithe a bheadh ar fáil i gcónaí chun cabhrú leis nuair a bheadh gá leis;
|
— |
in íomhánna agus i dtrealamh satailítechun truailliú a aimsiú agus chun cabhrú leis plean a leagadh amach chun dul i ngleic leis an truailliú sin .
|
Is iad seo príomhchúraimí EMSA:
— |
oibriú go dlúth leis an gCoimisiún Eorpach agus le tíortha AE agus cúnamh teicniúil agus eolaíochta a chur ar fáil dóibh chun an truailliú a chomhrac;
|
— |
dea-chleachtais agus saineolas a anailísiú agus a scaipeadh;
|
— |
a ghníomhaíochtaí a chomhordú le comhaontuithe reatha um an comhar réigiúnach;
|
— |
seirbhís satailíte na hEorpa um monatóireacht ola (“Cleanseanet”) a chothú, a chabhraíonn le truailliú a aimsiú go luath agus leis na longa agus na suiteálacha is cúis leis an truailliú a aithint.
|
Is féidir leis na tíortha lena mbaineann iarraidh ar chúnamh EMSA trí Shásra Cosanta Sibhialta AE.
Tabharfaidh EMSA spreagadh freisin do na tíortha neamh-AE a roinneann imchuach farraige leis an Aontas Eorpach faisnéis faoina longa agus faoina gcuid trealaimh a chur i dtoll a chéile agus sonraí a chur ar fáil faoina sásraí freagartha agus faoina gcumais fhreagartha.
CISTIÚCHÁN
€160.5 milliún. Íocann EMSA as na conarthaí d’árthaigh chúltaca agus do threalamh cúltaca. Ach íocann na tíortha lena mbaineann as costais na n-oibríochtaí glantacháin a tharlaíonn ina n-uiscí féin.
CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN SEO?
An 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.
CÚLRA
Féach láithreán gréasáin EMSA.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (AE) Uimh. 911/2014 |
29.8.2014 |
- |
ACHTANNA GAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lgh. 1-9)
Rialachán (CE) Uimh. 724/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 129, 29.4.2004, lgh. 1-5).
Rialachán (CE) Uimh. 100/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 39, 9.2.2013, lgh. 30-40).
Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Cosanta Sibhialta an Aontais (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 924-947).
Nuashonrú is déanaí: 08.12.2014