Fuinneamh glan don iompar: Straitéis Eorpach um breoslaí ionadúla
Braitheann an Eoraip go mór ar an ola allmhairithe mar bhreosla don chóras iompair Eorpach, rud atá an-chostasach don gheilleagar Eorpach, atá ina chúis imní maidir le slándáil an tsoláthair, agus atá neamh-inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtéarma. Ní mór breoslaí ionadúla a bhfuil an bonneagar riachtanach ag gabháil leo a chur in ionad an spleáchais sin.
GNÍOMH
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Fuinneamh glan don iompar: Straitéis Eorpach um breoslaí ionadúla (COM(2013) 17 final an 24.1.2013).
ACHOIMRE
Braitheann an Eoraip go mór ar an ola allmhairithe mar bhreosla don chóras iompair Eorpach, rud atá an-chostasach don gheilleagar Eorpach, atá ina chúis imní maidir le slándáil an tsoláthair, agus atá neamh-inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtéarma. Ní mór breoslaí ionadúla a bhfuil an bonneagar riachtanach ag gabháil leo a chur in ionad an spleáchais sin.
CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT?
Leagtar amach sa teachtaireacht straitéis uilechuimsitheach le haghaidh breoslaí ionadúla agus mínítear inti conas breoslaí ionadúla a chur i bhfeidhm le haghaidh gach cineál iompair. Cuimsíonn an straitéis forbairtí teicneolaíochta agus infheistíocht in úsáid breoslaí nua. Sonraítear inti freisin conas na sochair a mhíniú do mhuintir an phobail.
PRÍOMHPHOINTÍ
CÚLRA
Sa bhliain 2012, úsáideadh ola chun 94 % den fhuinneamh a ghiniúint a úsáideadh san earnáil iompair, sin easnamh de thimpeall 2,5 % den olltáirgeacht intíre i gcomhardú trádála AE. D’fhéadfaí breoslaí ionadúla a úsáid chun bille allmhairithe ola AE a laghdú €4,2 billiún faoi 2020, ag ardú go €9,3 billiún sa bhliain 2030.
Féach láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Fuinneamh glan don iompar chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Nuashonraithe 30.04.2015