Straitéis AE maidir le hastaíochtaí CO2 ó loingseoireacht a laghdú

Tá clár oibre uaillmhianach ag an Aontas Eorpach (AE) chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Go dtí seo, tá gach modh iompair, ach amháin an earnáil mhuirí idirnáisiúnta, ag cur leis na cuspóirí atá leagtha síos ag AE dó féin. Tá gníomh á dhéanamh anois ionas go n-imreoidh an loingseoireacht a ról.

ACHT

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle, an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún - Astaíochtaí iompair mhuirí a chomhtháthú i mbeartais um laghdú gás ceaptha teasa AE (COM(2013) 479 final an 28.6.2013).

ACHOIMRE

Tá clár oibre uaillmhianach ag an Aontas Eorpach (AE) chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Go dtí seo, tá gach modh iompair, ach amháin an earnáil mhuirí idirnáisiúnta, ag cur leis na cuspóirí atá leagtha síos ag AE dó féin. Tá gníomh á dhéanamh anois ionas go n-imreoidh an loingseoireacht a ról.

CAD A DHÉANANN AN CHUMARSÁID?

Cuireann AE in iúl go soiléir go dtugann sé tacaíocht iomlán d’iarrachtaí idirnáisiúnta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) muirí a laghdú. Ag an am céanna, tá a dtionscnaimh féin á ndéanamh ag AE. Leagtar amach cur chuige de réir a chéile sa chumarsáid seo chun loingseoireacht a chuimsiú ina sprioc fhoriomlán chun astaíochtaí GCT a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuimsíonn an cur chuige de réir a chéile na 3 chéim seo a leanas:

CÚLRA

Is í loingseoireacht na hEorpa is cúis le 4 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa AE ar fad. Mar sin féin, tiocfaidh méadú suntasach orthu sin amach anseo - méadú 50 % faoi 2050 i gcomparáid le leibhéil 2010 b’fhéidir. Trí na hastaíochtaí sin a laghdú, ní amháin go gcuideofar le dul i ngleic leis an athrú aeráide, ach laghdófar ídiú breosla agus costais oibriúcháin árthaigh.

Chun tuilleadh eolais a fháil , féach suíomh Gréasáin an Choimisiúin maidir le Astaíochtaí a laghdú ón earnáil loingseoireachta.

ACHTANNA GAOLMHARA

Moladh maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le monatóireacht, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí dí-ocsaíd charbóin ó iompar muirí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (COM(2013) 480 final an 28.6.2013).

Nuashonraithe 19.03.2015