Todhchaí na gabhála agus na stórála carbóin san Eoraip

Is éard is gabháil agus stóráil charbóin (GSC) ann teicníc le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó fhoinsí móra, amhail gléasraí cumhachta, a ghabháil, iad a chomhbhrú agus a iompar dá stóráil shábháilte go domhain sa talamh. Tá cumas mór ag an teicneolaíocht cuidiú leis an athrú aeráide a mhaolú. Mar sin féin tá na costais atá i gceist ard, ach go háirithe maidir le gabháil na n-astaíochtaí.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le todhchaí na gabhála agus na stórála carbóin san Eoraip (COM(2013) 180 final an 27.3.2013)

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID?

Cuirtear in iúl go láidir sa chumarsáid ón gCoimisiún Eorpach gur príomhtheicneolaíocht í GSC san aistriú go dtí geilleagar ísealcharbóin faoi 2050. Tá sé de chumas aici an t-éileamh ar bhreosla iontaise, atá ag méadú, a réiteach leis an ngá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Leagtar amach léi an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus lorgaítear tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir le roinnt roghanna chun úsáid níos forleithne agus indéanta ó thaobh na tráchtála de a spreagadh san Aontas Eorpach (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

Ar fud an domhain, tá breis agus 20 tionscadal GSC ar scála taispeántais ag feidhmiú go rathúil. Déanann ocht díobh sin an ghabháil, iompar agus stóráil iomlán. Níl ceann ar bith díobh in AE.

Ainmnítear na bacanna ar úsáid níos forleithne GSC sa chumarsáid:

Tá maoiniú do thionscadail taispeántais mhórscála GSC ar fáil ón gclár fuinnimh Eorpach do théarnamh agus ón gclár NER300.

CÚLRA

Féadfar CO2 a stóráil in áiteanna éagsúla, ach go háirithe i dtaiscumair ola, gáis nó shalanda doimhne agus síoga guail nach féidir mianadóireacht a dhéanamh orthu. Ní féidir léi teacht i dteagmháil leis an atmaisféar. Le reachtaíocht atá i bhfeidhm ó 2009 maidir le stóráil gheolaíoch CO2, ar a dtugtar an Treoir GSC, sainítear an chaoi ina gcaithfear suíomhanna stórála a roghnú, a cheadú, a oibriú agus a dhúnadh. Ní mór dóibh a léiriú nach bhfuil aon chontúirt shuntasach ann de sceitheadh nó damáiste do shláinte an duine nó don chomhshaol.

I dtuarascáil sa bhliain 2005 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, measadh go bhfuil sé “an-dóchúil”, má roghnaítear agus má bhainistítear iad mar is cuí, go gcoinneoidh taiscumair gheolaíocha breis agus 99 % den CO2 stóráilte ar feadh breis agus 100 bliain agus go bhfuil sé “dóchúil” go coinneoidh siad 99 % ar feadh breis agus 1 000 bliain.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh um ghabháil agus stóráil gheolaíochcharbóin.

Nuashonraithe 19.08.2015