Comhairliúchán - síneadh a chur leis an gcosaint do shonraí geografacha an Aontais Eorpaigh chuig táirgí neamhthalmhaíochta

Féachann an páipéar seo ar na hargóintí ar son agus i gcoinne síneadh a chur le cosaint sonraí geografacha chuig tháirgí neamhthalmhaíochta (deonaithe cheana féin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) do tháirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe sonracha acu atá nasctha lena mbunáitíocht). Ardaíonn sé sraith ceisteanna maidir le gnéithe éagsúla den topaic. Iarradh ar ghrúpaí a bhfuil leas acu sa cheist freagra a thabhairt orthu ionas go mbeifí in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an ngníomh ba cheart don Aontas Eorpach a ghlacadh.

GNÍOMH

Páipéar Uaine - An leas is fearr a bhaint as fios gnó na hEorpa: síneadh féideartha ar chosaint sonraí geografacha an Aontais Eorpaigh do tháirgí neamhthalmhaíochta (COM(2014) 469 final an 15 Iúil 2014).

ACHOIMRE

Féachann an páipéar seo ar na hargóintí ar son agus i gcoinne síneadh a chur le cosaint sonraí geografacha chuig tháirgí neamhthalmhaíochta (deonaithe cheana féin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) do tháirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe sonracha acu atá nasctha lena mbunáitíocht). Ardaíonn sé sraith ceisteanna maidir le gnéithe éagsúla den topaic. Iarradh ar ghrúpaí a bhfuil leas acu sa cheist freagra a thabhairt orthu ionas go mbeifí in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an ngníomh ba cheart don Aontas Eorpach a ghlacadh.

CAD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?

Is é aidhm an doiciméid chomhairliúcháin iarraidh ar ghrúpaí lena mbaineann cibé ar cheart go mbeadh cosaint ar fud AE do shonraí geografacha (GI) táirgí neamhthalmhaíochta. Tá 45 ceist á gcur idir cén sórt comhartha ar cheart cosaint a thabhairt dó agus cad iad na hiarmhairtí féideartha a bheadh ag córas cosanta GI ar fud AE. Úsáidfidh an Coimisiún a gcuid freagraí nuair a dhéanfaidh siad cinneadh maidir leis an ngníomh breise a ghlacfar.

EOCHAIRPHOINTÍ

CÚLRA

D’aithin an Coimisiún Eorpach an tsaincheist maidir le cosaint GI do tháirgí neamhthalmhaíochta i dteachtaireacht in 2011. Ina dhiaidh sin tháinig Staidéar maidir le sonraí geografacha do tháirgí neamhthalmhaíochta sa Mhargadh Inmheánach agus bhí údair an staidéir sin i bhfabhar cosaint GI a thabhairt isteach ar leibhéal AE. In 2013, tionóladh éisteacht phoiblí inar neartaíodh tuilleadh an seasamh sin. Mar thoradh air sin ar fad d’fhoilsigh an Coimisiún an páipéar seo ina bhféachtar le tuairimí gach páirtí leasmhar a bhailiú le chéile.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

Is ionann Sonraí Geografacha (GIanna) agus comharthaí a úsáidtear ar earraí a bhfuil bunús geografach sonrach acu agus saintréithe atá inchurtha ina leith sin. Nuair a úsáidtear GI cabhraíonn sé le táirgeoirí dul in iomaíocht ar bhealach níos cothroime, agus faigheann tomhaltóirí faisnéis níos iontaofa maidir leis na táirgí atá á gceannach acu.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar shuíomh Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide.

Nuashonraithe 08.12.2014