Imoibreoirí núicléacha sa Liotuáin - cúnamh AE don díchoimisiúnú

Ghlac an Liotuáin uirthi féin, le linn caibidlíochta chun dul isteach san Aontas Eorpach (AE), go ndúnfaí an stáisiún núicléach Ignalina - atá leagtha amach cosúil le Chernobyl - faoi dháta comhaontaithe. D’aontaigh AE go gcabhrófaí leis an Liotuáin íoc as na costais arda a bhaineann leis an bpróiseas díchoimisiúnaithe*.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 ón gComhairle an 13 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht an Aontais do chláir chúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach sa Liotuáin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1990/2006.

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

Déantar cur síos sa rialachán ar chlár tacaíochta airgeadais AE maidir le díchoimisiúnú gnéithe d’aonaid 1 agus 2 de stáisiún núicléach Ignalina sa Liotuáin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha chlár Ignalina:

Comhchlár oibre bliantúil

Gach bliain, idir 2014 agus 2020, glacfaidh an Coimisiún Eorpach le comhchlár oibre bliantúil le haghaidh Ignalina. Sonrófar sna comhchláir sin cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo, táscairí feidhmíochta agus amlíne maidir le húsáid na gcistí.

Buiséad

Gheobhaidh an clár síntiús €450,818,000 ag praghsanna reatha ón Aontas Eorpach.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN SEO?

Ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh. Aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 1990/2006 le héifeacht ón dáta céanna.

EOCHAIRTHÉARMA

Díchoimisiúnú: an chéim dheireanach i saolré gléasra núicléach amhail stáisiún cumhachta nó imoibreoir taighde. Tagraíonn an téarma do gach uile ghníomh, idir an gléasra a dhúnadh agus an t-ábhar núicléach a bhaint amach agus limistéar an láithreáin agus an limistéar thart timpeall air a athbhunú. Tógfaidh an próiseas seo suas le 30 bliain.

Féach leathanach Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le díchoimisiúnú saoráidí núicléacha chun tuilleadh faisnéise a fháil.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 ón gComhairle

21.12.2013

-

IO L 346, 20.12.2013, lgh. 7-11

Ceartúchán

-

-

IO L 8, 11.1.2014, lgh. 30-30

Ceartúchán

-

-

IO L 121, 24.4.2014, lgh.59-59

Nuashonraithe 17.03.2015