An dul chun cinn a dhéantar maidir le spriocanna fuinnimh in-athnuaite 2020 an Aontais Eorpaigh a bhaint amach
ACHOIMRE AR:
Tuarascáil ar an dul chun cinn maidir le fuinneamh in-athnuaite – COM(2015) 293 final
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN TUARASCÁIL SEO?
Déantar measúnú sa tuarascáil seo ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas Eorpach (AE) agus ag na tíortha AE maidir leis na spriocanna seo a leanas a bhaint amach: 20 % d’ídiú iomlán fuinnimh agus 10 % d’ídiú fuinnimh san earnáil iompair a fháil ó fhoinsí in-athnuaite* faoi 2020. Comhlíonann an tuarascáil na riachtanais atá leagtha amach sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite 2009, treoir a bhfuil riachtanas inti chun tuarascálacha a chur le chéile gach 2 bhliain i ndáil leis an dul chun cinn a dhéantar maidir le fuinneamh in-athnuaite.
PRÍOMHPHOINTÍ
CÚLRA
Cheadaigh AE an chéad dlí maidir le fuinneamh in-athnuaite in 2001, Treoir 2001/77/CE, a chuir leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite chun cinn. Cuireadh Treoir 2003/30/CE i bhfeidhm ina dhiaidh sin, lena leagadh síos bonn dlíthiúil maidir le húsáid bithbhreoslaí agus foinsí in-athnuaite eile san earnáil iompair. Rinneadh an bealach a réiteach leis na treoracha sin don treoir um fhuinneamh in-athnuaite in 2009.
EOCHAIRTHÉARMAÍ
*Déanannfoinsí in-athnuaitetagairt d’fhoinsí f uinnimh nach féidir iad a laghdú, amhail cumhacht na gaoithe, cumhacht na gréine nó bithmhais inbhuanaithe. De réir réamh-mheastachán 2014, ba iad bithmhais (47 %), hidreachumhacht (17 %) agus cumhacht na gaoithe (11 %) na trí phríomhfhoinse fhuinnimh in-athnuaite in AE.
GNÍOMH
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Tuarascáil ar an dul chun cinn maidir le fuinneamh in-athnuaite (COM(2015) 293 final an 15.6.2015)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lgh. 16-62)
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 2009/28/CE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.
Nuashonraithe 10.11.2015