Fuinneamh Gorm — fuinneamh in-athnuaite na n-aigéan

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (AE (2014) 8 final) — Fuinneamh Gorm — Gníomhaíocht de dhíth chun leas a bhaint as acmhainneacht fhuinneamh na n-aigéan i bhfarraigí agus in aigéin na hEorpa faoi 2020 agus ina dhiaidh sin

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá roinnt dúshlán ann, nach mór aghaidh a thabhairt orthu, lena gcuirtear bac ar fhás earnáil fhuinneamh na n-aigéan. Áirítear orthu sin:

Beidh cláir reatha amhail an Chomhghuaillíocht Eorpach um Thaighde san Fhuinneamh, Ocean Energy ERA-NET agus Fís 2020 tábhachtach maidir le méideanna arda leictreachas ísealcharbóin chuig an Eoraip óna farraigí agus óna haigéin a éascú.

Beartaítear dhá chéim ghníomhaíochta sa teachtaireacht chun leas a bhaint as acmhainneacht fhuinneamh na n-aigéan:

Is é is aidhm leis an gcéad chéim, ó 2014 go 2016 iad seo a leanas a bhunú:

Is é is aidhm leis an dara céim, ó 2017 go 2020:

Léirítear go soiléir leis an bhfás le blianta beaga anuas in earnáil an fhuinnimh ghaoithe agus in earnáil an ghrianfhuinnimh gur féidir na dreasachtaí a sholáthar a theastaíonn ón tionscal le torthaí a sheachadadh nuair a chuirtear an beartas agus an maoiniú cuí ar fáil.

CÚLRA

Tá acmhainneacht ollmhór ag fuinneamh na n-aigéan. Tá roinnt teicneolaíochtaí éagsúla ann chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin ó thonnta, sruthanna taoide, cumhacht na gaoithe amach ón gcósta agus tiontú difríochtaí i dteocht agus i salandacht go leictreachas.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Fuinneamh Gorm — Gníomhaíocht de dhíth chun leas a bhaint as acmhainneacht fhuinneamh na n-aigéan i bhfarraigí agus in aigéin na hEorpa faoi 2020 agus ina dhiaidh sin (COM (2014) 8 final, 20.1.2014)

Nuashonraithe 11.10.2016