Idirnasc níos fearr le córas leictreachais na hEorpa

ACHOIMRE

Le heangach fuinnimh Eorpach idirnasctha cuideofar le fuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe a chinntiú, agus soláthrófar fás agus poist ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) léi.

CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID?

Leagtar amach na bearta is gá inti chun an sprioc 10 % d’idirnasc leictreachais a d’fhógair Comhairle na hEorpa in 2014 a bhaint amach faoi 2020. Glacadh í mar aon le doiciméad níos leithne ina leagtar amach an chreatstraitéis maidir le haontas fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach don athrú aeráide.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cad a chiallaíonn an sprioc 10 %?

Beidh ar gach tír AE cáblaí cumhachta a chur i gcóir trínar féidir 10 % ar a laghad den leictreachas a tháirgtear a iompar chuig tíortha AE máguaird.

Buntáistí

Áirítear iad seo a leanas ar na buntáistí a bhaineann le hidirnasc d’AE agus dá thíortha aonair:

Níl 12 tír AE nasctha go maith le tíortha AE eile (i.e. tá leibhéal idirnaisc faoi 10 % iontu):

Cén dóigh a mbainfear an sprioc amach?

Is é an liosta “tionscadail leasa choitinn” um bonneagar an phríomhuirlis. Tá 37 gcinn de na tionscadail sin ina dtionscadail um idirnasc leictreachais i dtíortha AE. Má bhíonn na tionscadail sin curtha i gcrích faoi 2020, is sa Spáinn agus sa Chipir amháin a bhfuiltear ag súil nach mbeidh an sprioc 10 % bainte amach acu.

An creat airgeadais agus rialála

Tá sé measta go mbeidh EUR 35 billiún de dhíth chun an sprioc 10 % a bhaint amach faoi 2020. D’fhéadfaí roinnt tionscadal tairbhe a fháil ó dheontas ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Féadfaidh tíortha AE leas a bhaint as Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa faoi choinníollacha áirithe. D’fhéadfadh tionscadail leasa choitinn tairbhe a bhaint as an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chomh maith.

Bunaítear an fhéidearthacht le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 maidir le gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha (TEN-E) chun costais a roinnt ar fud theorainneacha AE bunaithe ar na tairbhí a ghinfear don tír AE lena mbaineann.

Tuarascálacha bliantúla

Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil do Chomhairle na hEorpa maidir le tionscadail leasa choitinn a chur i bhfeidhm agus maidir leis an dul chun cinn i dtreo na sprice 10 %.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. *Meascán fuinnimh: raon na bhfoinsí fuinnimh atá ar fáil.
  2. * Eangach fuinnimh: an córas dáilte fuinnimh (ina gcuimsítear cábla, fostáisiúin, etc.).
  3. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

GNÍOMH

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - An sprioc 10 % um idirnasc leictreachais a bhaint amach: eangach leictreachais na hEorpa a dhéanamh oiriúnach do 2020 (COM(2015) 82 final an ).

Iarscríbhinní leis an gCumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - An sprioc 10 % um idirnasc leictreachais a bhaint amach: eangach leictreachais na hEorpa a dhéanamh oiriúnach do 2020 (COM(2015) 82 final/2 an ).

nuashonrú is deireanaí

(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an ann.