Tá dúshláin dhomhanda os comhair chóras fuinnimh an Aontais Eorpaigh (AE). Mar sin, caithfidh na tíortha AE teacht le chéile agus obair a dhéanamh le chéile chun fuinneamh slán, inacmhainne agus inbhuanaithe a chur ar fáil do thomhaltóirí.
Leagtar amach sa teachtaireacht seo an straitéis a thacaíonn le pacáiste an aontais fuinnimh atá molta ag AE. Déantar fuinneamh a rialú ar leibhéal náisiúnta in AE, ach féachtar leis an aontas fuinnimh córas fuinnimh AE a athrú go hiomlán, córas a bhfuil 28 gcreat náisiúnta faoi chreat AE amháin ann faoi láthair.
Leagtar amach sa teachtaireacht cúig phríomhdhiminsean ar a mbunaítear straitéis an aontais fuinnimh, diminsin a chuirfidh le slándáil, le hinbhuanaitheacht agus le hiomaíocht.
Chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a chinntiú, caithfidh AE:
Áirítear le spriocanna fuinnimh 2030 AE laghdú 40 % ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa i gcomparáid le leibhéil na bliana 1990. Chun é sin a bhaint amach, rachfar i mbun na ngníomhaíochtaí seo a leanas, i measc gníomhaíochtaí eile:
Cuirfear margadh inmheánach fuinnimh AE, atá comhtháite go hiomlán, i bhfeidhm trí:
Má thagann laghdú ar an ídiú fuinnimh, creideann AE go dtiocfaidh laghdú freisin ar iompórtálacha fuinnimh agus ar an truailliú agus go dtiocfaidh feabhas ar chaomhnú na n-acmhainní inmheánacha fuinnimh. Leagtar béim ach go háirithe sa teachtaireacht ar an riachtanas atá ann cur le hinfheistíocht, agus le feasacht faoin méid fuinnimh a d’fhéadfaí a chaomhnú, sna hearnálacha foirgníochta agus iompair.
Measann AE go ndéanfar dul chun cinn maidir le teicneolaíochtaí ísealcharbóin. Ba cheart go ndéanfar an dul chun cinn sin trí thionscadail taighde agus mhaoinithe a chomhordú i gcomhpháirtíocht leis an earnáil phríobháideach.
Féach an t-aontas fuinnimh ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta - Creatstraitéis um aontas seasmhach fuinnimh a bhfuil beartas aeráide réamhbhreathnaitheach aige (COM(2015) 80 final an )
nuashonrú is deireanaí