Eolas a roinnt faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh san Aontas Eorpach (AE)

Leagtar amach sa dlí na rialacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le hoibleagáid a chur ar Bhallstáit an AE chun sonraí agus eolas a thabhairt don Choimisiún, sonraí agus eolas faoi thionscadail infheistíochta i mbonneagar fuinnimh an AE a bhaineann le raon leathan earnálacha fuinnimh.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach agus a chuirtear in ionad Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón gComhairle.

ACHOIMRE

Ón 1 Eanáir 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, beidh ar thíortha an AE fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh sna hearnálacha seo a leanas:

ola;

gás nádúrtha;

leictreachas (lena n-áirítear leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite, leictreachas ó ghual agus ó lignít, agus comhghiniúint leictreachais agus teasa úsáidigh);

bithbhreosla a tháirgeadh;

an dé-ocsaíd charbóin a tháirgtear sna hearnálacha seo a ghabháil, a iompar agus a stóráil.

Cuirfear an rialachán i bhfeidhm maidir leis na cineálacha tionscadal infheistíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn, tionscadail a bhfuil tús curtha leis an obair thógála nó dhíchoimisiúnaithea ndearnadh cinneadh deiridh infheistíochta ina leith.

Cabhróidh na sonraí leis an Choimisiún léargas ginearálta a fháil ar fhorbairt ar an infheistíocht sa bhonneagar fuinnimh san AE. Cuirfear sonraí agus eolas nuashonraithe ar fáil go rialta, rud a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin comparáidí agus measúnuithe a dhéanamh, nó bearta ábhartha a mholadh.

De réir Airteagail 5, roinnfear an cineál eolais seo a leanas leis an Choimisiún:

méid na hacmhainneachta atá beartaithe nó atá á tógáil;

cineál agus príomhthréithe an bhonneagair nó na hacmhainneachta atá beartaithe nó atá á tógáil, lena n-áirítear suíomh na dtionscadal trasteorann tarchurtha, más infheidhme;

bliain dhóchúil an choimisiúnaithe;

na cineálacha foinsí fuinnimh a úsáidtear;

na gléasraí ar féidir freagairt do ghéarchéimeanna maidir le slándáil soláthair, amhail trealamh ar féidir feidhm a bhaint as chun sreafaí cúltreo nó chun aistriú breoslaí a chumasú; agus

an trealamh a bhaintear feidhm as i gcórais gabhála carbóin nó i meicníochtaí aisfheistithe chun carbón a ghabháil agus a stóráil.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 256/2014

9.4.2014

-

IO L 84, 20.3.2014, lch. 61-68

Nuashonrú is déanaí: 08.08.2014