Is mian leis an Aontas Eorpach fuinneamh iontaofa agus inacmhainne a sholáthar dá dhaoine agus a spriocanna 2030 a bhaint amach. Chuige seo, tá sé beartaithe aige a mhargadh fuinnimh a bhunathrú, lena n-áirítear athdhearadh ar a mhargadh leictreachais chun tuilleadh infheistíochta a mhealladh.
Leis an Teachtaireacht seo ón gCoimisiún Eorpach, seoltar comhairliúchán poiblí maidir leis na tairbhí a bhaineann le dearadh nua ar an margadh leictreachais i dtéarmaí na nuatheicneolaíochta agus méadaithe ar infheistíocht.
Cuirtear i dtreis inti go bhfuil margaí trasteorann, gearrthéarmacha (lena n-áirítear margaí ionlae) ríthábhachtach do mhargadh leictreachais éifeachtúil. Ní mór iad seo a dhearadh agus an córas fuinnimh sa todhchaí á chur san áireamh, i.e. ceann ina mbeadh sruthanna leictreachais mórscála, trasteorann agus méideanna móra de tháirgeadh athnuaiteán inathraithe1 cumasctha lena chéile. Bheidís seo ag freagairt don fhás tapa in athnuaiteáin inathraithe agus an gá le feidhmiú slán agus socair na heangaí leictreachais.
D’fhonn a chinneadh cé acu an bhfuil a chórais fuinnimh imleor, lorgaíonn an Coimisiún measúnú ar an ról a bhíonn ag gach ceann díobh seo a leanas:
D’fhéadfadh sé seo cuidiú le cinneadh cé acu an bhfuil gá le meicníocht toillte nó nach bhfuil. Is éard a bheadh i gceist leis seo íocaíochtaí ar leith a dhéanamh toilleadh atá ar fáil seachas íocaíocht as an leictreachas a sheachadtar. Tá na híocaíochtaí seo ar thoilleadh atá ar fáil ceaptha le luach saothair a thabhairt do sholáthraithe toillte as toilleadh atá ann cheana a choinneáil nó as infheistíocht a dhéanamh i dtoilleadh nua. Mar sin féin, tugann an Coimisiún rabhadh gur féidir le meicníochtaí den sórt sin a bheith costasach agus margaí a shaobhadh.
D’fhéadfaí rialacha a fhorbairt ar leibhéal AE i dtaca le rannpháirtíocht i meicníochtaí toillte thíortha AE éagsúla. Molann an Coimisiún freisin go gcruthófaí samhail tagartha do mheicníocht toillte le húsáid ar bhonn réigiúnach. Chuideodh sí seo le rannpháirtíocht trasteorann agus laghdódh sí saobhadh ar an margadh.
Fuinneamh: Dearadh nua margaidh le cuidiú le margadh nua a chruthú do thomhaltóirí — bileog eolais
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: An próiseas comhairliúcháin phoiblí a sheoladh i dtaca le dearadh nua ar an margadh fuinnimh (COM(2015) 340 final, )
nuashonrú is deireanaí