Pacáiste infheistíochta sóisialta (ESI) AE
ACHOIMRE AR:
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?
Soláthraítear treoir inti do thíortha AE maidir le conas spriocanna Eoraip 2020 a bhaint amach trí infheistíocht shóisialta níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla lena n-áirítear an dóigh is fearr le tacaíocht airgeadais AE a úsáid.
Gabhann líon doiciméad eile léi lena n-áirítear Moladh maidir le “hInfheistiú ar mhaithe le páistí: deireadh a chur le timthriall an mhíbhuntáiste”. Le chéile, is cuid de phacáiste Infheistíochta Sóisialta AE iad.
PRÍOMHPHOINTÍ
Dúshláin
Sainaithnítear líon dúshlán sóisialta sonrach sa teachtaireacht:
— |
déimeagrafaíocht atá ag athrú — crapadh daonra oibrithe agus méadú ar líon na ndaoine scothaosta
|
— |
acmhainn do thuilleadh éifeachtachta i mbeartais shóisialta
|
— |
an gá le heagraíochtaí príobháideacha agus seachbhrabúis an earnáil phoiblí a chomhlánú
|
— |
an gá le hinfheistíocht i gcaipiteal daonna i rith an tsaoil agus slite beatha imleora a chinntiú
|
— |
an ghné inscne — tá 12 mhilliún níos mó ban ná fear faoi bhochtaineacht agus tá tuilleamh iomlán ban 40 % ar an meán níos lú ná fir.
|
Gníomh
Cuirtear líon moltaí ar aghaidh sa teachtaireacht chun dul i ngleic leis na dúshláin sin. Áirítear orthu sin moltaí i leith gnímh ag tíortha AE agus bearta a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach chun tacú le tíortha AE.
Inbhuanaitheacht agus leorgacht córas sóisialta a mhéadú trí shimpliú agus spriocdhíriú níos fearr
Déantar tíortha AE a ghríosú chun:
— |
béim níos mó a chur ar bheartais amhail cúram (páistí), oideachas, oiliúint, beartais um margadh saothair gníomhach, tacaíocht tithíochta, athshlánú agus seirbhísí sláinte;
|
— |
córais sochair agus a riarachán a shimpliú d’úsáideoirí agus do sholáthraithe, na hualaí riaracháin agus calaois a laghdú, agus a n-úsáid a mhéadú.
|
Tugann an Coimisiún tacaíocht do thíortha AE trí:
— |
monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht córas sóisialta agus ar a mbéim ar infheistíocht shóisialta, ag féachaint le feabhas a chur ar leorgacht agus inbhuanaitheacht chomh maith;
|
— |
painéal saineolaithe a bhunú chun comhairle neamhspleách a sholáthar maidir le bealaí éifeachtúla chun infheistíocht a dhéanamh i gcúram sláinte.
|
Beartais infheistíochta a dhéanamh a ghníomhachtaítear agus a chumasaítear trí thacaíocht spriocdhírithe, choinníollach agus trí thacaíocht níos éifeachtúla
Déantar tíortha AE a ghríosú chun roinnt beart a dhéanamh lena n-áirítear:
— |
an difreálach pá idir na hinscní a dhúnadh agus dul i ngleic le bacainní eile ar rannpháirtíocht ban agus oibrithe eile faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair;
|
— |
dul i ngleic le heaspa dídine trí straitéisí cuimsitheacha bunaithe ar chosc, ar bheartais tithíochta agus ar athbhreithniú a dhéanamh ar rialacháin agus ar chleachtais um dhíshealbhú.
|
Áirítear ar ghníomh an Choimisiúin chun tacú le tíortha AE:
— |
soiléiriú a dhéanamh ar an dóigh a mbaineann Státchabhair, an margadh inmheánach agus soláthar poiblí le seirbhísí sóisialta, trí threoir cothrom le dáta agus malairtí rialta faisnéise le páirtithe leasmhara;
|
— |
tuilleadh eolais a thabhairt don phobal maidir lena gcearta sóisialta trí Threoracha Cosanta Sóisialta níos áisiúla.
|
Infheistíocht shóisialta trí shaol duine aonair
Déantar tíortha AE a ghríosú chun roinnt beart a dhéanamh lena n-áirítear:
— |
an Moladh “Infheistiú ar mhaithe le páistí: deireadh a chur le timthriall an mhíbhuntáiste” a chur chun feidhme trí mheascán airgid thirim agus sochar coibhéiseach, agus trí rochtain ar sheirbhís ardchaighdeáin luathoideachais, sláinte agus sóisialta
|
— |
an Moladh maidir le “Beartais chun Luathfhágáil Scoile a Laghdú” a chur chun feidhme agus beartais i gcoinne luathfhágáil scoile a fhorbairt lena n-áirítear bearta um chosc, um idirghabháil agus um chúiteamh.
|
Áirítear ar ghníomh tacaíochta an Choimisiúin:
— |
feabhas a chur ar bhailiú sonraí athfhillteacha ar na hábhair chéanna thar thréimhse ama, agus an bhéim ar pháistí.
|
Maoiniú AE
Maidir le maoiniú AE, déantar tíortha AE a ghríosú chun roinnt beart a dhéanamh lena n-áirítear:
— |
dul i ngleic le mórán riachtanas na ndaoine faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear iad siúd atá ina gcónaí i gceantair bhochta agus iargúlta, le gníomh comhordaithe arna dhéanamh trí Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (ESI).
|
Soláthróidh an Coimisiún tacaíocht trí bhearta amhail:
— |
banc eolais a fhorbairt le tíortha AE agus leis an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú chun cuidiú leis na ceachtanna a fhoghlaimítear a chomhroinnt, lena n-áirítear ceachtanna beartais agus dea-chleachtais araon ó na Cistí ESI.
|
Tionscnaimh AE
Leagtar amach roinnt tionscnamh sa teachtaireacht chomh maith chun:
— |
maoiniú san infheistíocht shóisialta a spreagadh;
|
— |
tacú le slite beatha imleora/feabhas a chur ar fheasacht ceart sóisialta;
|
— |
infheistiú ar mhaithe le páistí/oideachas agus cúram na luathóige.
|
CÚLRA
— |
— |
GNÍOMH
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: I dTreo Infheistíochta Sóisialta le haghaidh Fáis agus Comhtháthaithe — lena n-áirítear cur chun feidhme Chiste Sóisialta na hEorpa 2014-2020 (COM(2013) 83 final an 20.2.2013)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Moladh ón gCoimisiún an 20.2.2013 — Infheistiú ar mhaithe le páistí: deireadh a chur le timthriall an mhíbhuntáiste (C(2013) 778 final)
Nuashonraithe 11.01.2016