Lánpháirtiú na Romach sa réimse fostaíochta
ACHOIMRE
Iarrtar i moladh ón gComhairle ó 2013 glacadh le bearta i roinnt réimsí, an réimse fostaíochta san áireamh, chun lánpháirtiú na Romach, an mionlach eitneach is mó san Eoraip, a neartú.
CAD É CUSPÓIR AN MHOLTA?
Léirítear sa mholadh gealltanas láidir comhroinnte polaitiúil na dtíortha AE uile chun iarracht bhreise a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:
-
eisiamh sóisialta agus idirdhealú a chomhrac, agus
-
forbairtí cearta a bhaint amach maidir le lánpháirtiú na Romach a chur chun cinn sna réimsí seo a leanas: fostaíocht, oideachas, sláinte agus tithíocht.
PRÍOMHPHOINTÍ
Maidir le cóir chomhionann na Romach i ndáil le rochtain ar an margadh saothair agus ar dheiseanna fostaíochta, iarrtar sa mholadh ar na tíortha AE bearta a ghlacadh chun a chinntiú:
-
go dtacófar le taithí thosaigh oibre, le gairmoiliúint, le hoiliúint sa láthair oibre, le foghlaim ar feadh an tsaoil agus le scileanna forbartha,
-
go dtacófar le daoine féinfhostaithe agus le fiontraithe,
-
go gcuirfear rochtain chomhionann ar ghnáthsheirbhísí fostaíochta poiblí ar fáil, mar aon le rochtain ar sheirbhísí chun tacú le cuardaitheoirí poist aonair, ag díriú ar threoir phearsantaithe agus ar phleanáil ghníomhaíochta aonair agus, más iomchuí, go gcuirfear deiseanna fostaíochta chun cinn sa státseirbhís,
-
go gcuirfear deireadh le bacainní, idirdhealú san áireamh, maidir le dul isteach (arís) sa mhargadh saothair.
Faireachán agus measúnú
-
Ní mór do na tíortha AE faireachán agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart lena nglacann siad, i dtéarmaí a straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach agus laistigh dá mbeartais ghinearálta maidir le cuimsiú sóisialta (e.g. bochtaineacht a chomhrac).
-
Is féidir é sin a dhéanamh trí spriocanna a leagadh amach nó trí shonraí cáilíochtúla nó cainníochtúla a bhailiú faoi na tionchair shóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis na bearta lena nglactar leo.
-
Tá Clár Ilbhliantúil maidir le Romaigh (2012–20) curtha le chéile ag an nGníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha. Déanann an ghníomhaireacht tuarascálacha a ullmhú go rialta maidir leis an dul chun cinn a dhéantar agus tugann sí comhairle fhianaise-bhunaithe do na hinstitiúidí agus tíortha AE, bunaithe ar na sonraí a bhailítear ó gach cearn den Eoraip.
-
Sa bhliain 2014, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha tuarascáil maidir le bochtaineacht agus le fostaíocht i measc na Romach. Fuarthas amach nach raibh ach trian de na Romaigh a rinne an suirbhé i bpost íoctha, post neamhchinnte neamhfhoirmiúil go minic, cé go ndéanann an chuid is mó de na Romaigh poist a chuardach go gníomhach. Léiríodh go háirithe go bhfuil ard-rátaí dífhostaíochta ann i measc an ógra sa phobal Romaigh.
Tuairisciú agus obair leantach
Ní mór do na tíortha AE na bearta a nglactar leo i gcomhréir leis an moladh a chur in iúl don Choimisiún Eorpach faoin 1 Eanáir 2016; caithfidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil go bliantúil i ndiaidh an dáta sin.
Cinntíonn an Coimisiún ansin go n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil mar bhunús don tuarascáil bhliantúil aige, tuarascáil faoi chur i bhfeidhm na straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach.
Úsáidtear na torthaí freisin i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh maidir le comhordú an bheartais eacnamaíoch. Mar chuid den Seimeastar Eorpach, thosaigh an Chomhairle ag eisiúint moltaí sa bhliain 2012 do chúig thír a bhfuil pobail mhóra Romaigh acu (an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Ungáir, an Rómáin agus an tSlóvaic), moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha áirithe.
CÚLRA
GNÍOMH
Moladh ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha um lánpháirtiú na Romach sna Ballstáit (IO C 378, 24.12.2013, lgh. 1-7)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach suas go dtí 2020 (COM(2011) 173 final an 5 Aibreán 2011)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Chreata AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach 2015 (COM(2015) 299 final an 17 Meitheamh 2015)
Nuashonraithe 15.10.2015