Galair agus gortuithe de bharr ceimiceán ag an obair a chosc agus a laghdú

Glacann an tAontas Eorpach (AE) a bhearta féin chun a chinntiú gur sábháilte iad na ceimiceáin a úsáidtear san ionad oibre, agus, ina theannta sin, tacaíonn sé le gníomhaíocht idirnáisiúnta atá ceaptha chun an sprioc chéanna a bhaint amach. Leis an gcinneadh seo, údaraítear tíortha de chuid AE chun Coinbhinsiún Ceimiceán Uimh. 170 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a dhaingniú.

ACHT

Cinneadh ón gComhairle an 28 Eanáir 2014 lena n-údaraítear Ballstáit chun daingniú a dhéanamh, ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh, ar an gCoinbhinsiún maidir le Sábháilteacht in Úsáid Ceimiceán ag an Obair, 1990, de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (Coinbhinsiún Uimh. 170) (2014/52/EU)

Tugann AE spreagadh gníomhach do dhaingniú coinbhinsiún de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a chuidíonn lena chuid iarrachtaí féin obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn, laistigh dá chuid teorainneacha agus lasmuigh dóibh araon, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint agus a fheabhsú.

Gar do thús na bliana 2014, ghlac AE cinneadh chun a chur ar chumas thíortha de chuid AE daingniú a dhéanamh ar Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) 1990 maidir le sábháilteacht in úsáid ceimiceán ag an obair (Coinbhinsiún Uimh. 170). Tá ábhar an Choinbhinsiúin sin clúdaithe den chuid is mó ag reachtaíocht de chuid AE atá ann cheana maidir le substaintí ceimiceacha a aicmiú, a phacáistiú agus a lipéadú.

Mar thoradh air sin, tagann codanna den choinbhinsiún laistigh d'inniúlacht AE. Ní féidir le hAE, ina cháil féin, an coinbhinsiún a dhaingniú - is iad na tíortha amháin ar féidir leo é sin a dhéanamh. Leis an gcinneadh seo, réitítear an bealach do na tíortha AE chun an coinbhinsiún a dhaingniú.

Prionsabal ginearálta

Sonraítear mar phrionsabal ginearálta i gCoinbhinsiún Ceimiceán Uimh. 170 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair nach mór dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí fostóirí agus oibritheis ionadaíche maidir leis na bearta atá le glacadh chun úsáid shábháilte ceimiceán a chinntiú.

Aicmiú ceimiceán

Tá faisnéis sa choinbhinsiún ar na córais a úsáidtear chun ceimiceáin a aicmiú de réir chineál agus mhéid an bhaoil a chruthaíonn siad ó thaobh na sláinte de, ar an lipéadú agus ar an marcáil orthu, agus ar úsáid bileoga sonraí sábháilteachta (bileoga ina dtugtar, mar shampla, treoracha maidir le húsáid, láimhseáil, diúscairt agus iompar gach ceimiceáin).

Oibleagáidí na soláthraithe

Ní mór do sholáthraithe ceimiceán, cibé is monaróirí, allmhaireoirí nó dáileoirí iad, cloí leis na rialacha agus an fhaisnéis a nuashonrú aon uair a bheidh tosca ábhartha nua sláinte agus sábháilteachta ar fáil.

Faireachán

Ní mór d'fhostóirí a chinntiú nach mbeidh oibrithe nochta do cheimiceáin thar theorainneacha dlíthiúla agus ní mór dóibh monatóireacht chúramach agus taifead cúramach a dhéanamh ar agaí nochta.

Faisnéis, oiliúint agus cearta

Ina theannta sin, ba chóir go bhfaigheadh baill foirne faisnéis agus oiliúint faoi cheimiceáin ghuaiseacha a dhiúscairt, mar aon le faisnéis ar a gcearta agus ar chearta a n-ionadaithe. Áirítear leo sin cearta na n-oibrithe gan a bheith ag obair le ceimiceáin má tá cúis réasúnta acu a cheapadh go bhfuil garbhaol tromchúiseach i gceist dá sláinte agus sábháilteacht.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2014/52/AE ón gComhairle

30.1.2014

-

IO L 32 an 1.2.2014

Nuashonrú is déanaí: 07.07.2014