Aghaidh a thabhairt ar imní post AE in 2015

Gabhann an dréacht-tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht in éineacht leis an suirbhé bliantúil fáis 2015. Déantar anailís inti ar threochtaí fostaíochta agus sóisialta i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE) agus ar a bhfreagraí beartais chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht fostaíochta agus shóisialta.

GNÍOMH

Dréacht-Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht ón gCoimisiún agus ón gComhairle a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún ar an Suirbhé Bliantúil Fáis 2015 (COM(2014) 906 final an 28 Samhain 2014).

ACHOIMRE

Gabhann an dréacht-tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht in éineacht leis an suirbhé bliantúil fáis 2015. Déantar anailís inti ar threochtaí fostaíochta agus sóisialta i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE) agus ar a bhfreagraí beartais chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht fostaíochta agus shóisialta.

CAD É CUSPÓIR NA TUARASCÁLA SEO?

I gcomhthéacs an timthrialla nua sa seimeastar Eorpach, tá an suirbhé bliantúil fáis 2015 (AGS) foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach (CE) ag díriú ar an gcaoi ina bhféadfaidh AE gníomhú chun tacú le cruthú post agus fás. Go sonrach, leagtar síos sa AGS tosaíochtaí eacnamaíochta ginearálta AE agus tugtar treoir um beartas do thíortha AE don bhliain atá ag teacht.

In éineacht leis an AGS, tá an dréacht-tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht seo, ina ndéantar anailís ar staid na fostaíochta in AE agus ar na freagraí beartais ag tíortha AE ina leith.

PRÍOMHPHOINTÍ

Léirítear sa tuarascáil go mbíonn rath ar athchóirithe struchtúrtha substaintiúla. Déantar anailís inti freisin ar an gcumas atá ann le feabhas a chur ar fheidhmíocht fostaíochta agus shóisialta AE.

Príomhchonclúidí:

treochtaí i margadh an tsaothair agus treochtaí sóisialta: fiú má tá an dífhostaíocht ag titim go mall, tá sí fós ard in AE-28 ag 24.6 milliún (10.1 %) i Meán Fómhair 2014. Luann an tuarascáil freisin:

go bhfuil an dífhostaíocht fhadtéarma ag ardú fós (5.1 % in AE-28 in 2013);

go bhfanann an dífhostaíocht óige ag leibhéil an-arda (21.6 % in AE-28 in 2014) ach go bhfuil comharthaí feabhais le feiceáil;

tá dul chun cinn á dhéanamh ag leibhéil na luath-fhágála scoil i dtreo na sprice go mbeidh níos lú ná 10 % ag fágáil scoile go luath faoi 2020;

tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag AE i dtreo na sprice go mbeidh 40 % de dhaoine 30-34 bliain d’aois ag críochnú an oideachais tríú leibhéal faoi 2020.

Athchóirithe fostaíochta agus sóisialta thíortha AE: Tá athchóirithe curtha i gcrích ag tíortha AE ag teacht leis an seimeastar Eorpach 2014 le tionchar ar rátaí gníomhaíochta. Tá bearta déanta chun leigheas a chur ar an dífhostaíocht fhadtéarma a bhfuil sé d’aidhm leo:

deighilt mhargadh an tsaothair* a laghdú trí dhlí saothair thíortha AE a shimpliú;

cáin ar shaothar a laghdú d’fhonn ligean do chomhlachtaí daoine óga agus daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a (ath)fhostú;

timpeallacht fhabhrach a chinntiú do chomhlachtaí le comhpháirtíochtaí a chothú;

scileanna a fheabhsú i gcóras oideachais thíortha AE uile ag na leibhéil uile;

córais um choimirce shóisialta a athchóiriú d’fhonn a chinntiú go dtugtar cosaint agus dídean ón mbochtanas dóibh siúd atá eisiata ó mhargaí an tsaothair.

Tugtar chun suntais sa tuarascáil, áfach, go bhfuil éagsúlacht idir thíortha AE maidir leis an dul chun cinn agus leis an uaillmhian i bhforfheidhmiú na n-athchóirithe seo. Tá gá le hiarrachtaí breise, mar sin, lena chinntiú go mbíonn torthaí nithiúla ann.

Scórchlár na dtáscairí

Sa tuarascáil freisin tá an dara heagrán de scórchlár na bpríomhtháscairí fostaíochta agus sóisialta a tugadh isteach chun diminsean sóisialta an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (EMU) a láidriú:

dífhostaíocht;

dífhostaíocht óige agus ráta na ndaoine sin nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta nó oiliúna (ráta NEET);

ioncam indiúscartha teaghlaigh;

ráta na ndaoine i mbaol na bochtaineachta;

neamhionannais ioncaim*.

Léiríonn a phríomhthátail in 2015 go bhfuil éagsúlachtaí socheacnamaíocha seasmhacha i rátaí dífhostaíochta, rátaí dífhostaíochta óige agus rátaí NEET i measc na ndaoine óga. Feictear titim san ioncam teaghlaigh agus méadú ar neamhionannais agus rátaí bochtaineachta i bhformhór na dtíortha i ndeisceart limistéar an euro (an Iodáil, an Ghréig, srl).

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Deighilt mhargadh an tsaothair: sa gcás go mbíonn margadh an tsaothair deighilte ina fho-chodanna. Áirítear i measc na samplaí staideanna ina mbíonn conarthaí buana ag roinnt fostaithe agus conarthaí sealadacha ag fostaithe eile, nó ina bhfuil difríochtaí idir na coinníollacha d’oibrithe imirceacha agus neamh-imirceacha.

* Neamhionannais ioncaim: sa chomhthéacs seo, is é an chomparáid idir na codáin d’ioncam tíre atá ag na grúpaí éagsúla laistigh dá daonra. Nuair a bhíonn an codán d’ioncam ar an iomlán ard i measc na ndaoine saibhre, bíonn codán níos ísle dá réir ag na codanna níos boichte agus bíonn an neamhionannas níos airde.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

Nuashonrú is déanaí: 21.06.2015