Staidreamh ráithiúil maidir le folúntais i dtíortha AE

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 maidir le staidreamh ráithiúil ar fholúntais in AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Dátaí tagartha agus sonraíochtaí

Tarchur sonraí

Ní mór do thíortha AE sonraí a tharchur chuig Eurostat i bhformáid agus laistigh de spriocdhátaí arna gcinneadh ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach.

Measúnú cáilíochta

Ar shonraí a fháil ó thíortha AE, seiceálann Eurostat iad i gcomhair iomláine agus comhsheasmhachta.

Maoiniú

Bhí tíortha AE in ann maoiniú AE a fháil le haghaidh na chéad trí bliana de bhailiú sonraí mar ranníocaíocht i dtreo chostas na hoibre a bhí i gceist.

Tuarascálacha

Gach 3 bliana, cuireann an Coimisiún tuarascáil isteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin. Déantar measúnú sa tuarascáil sin ar cháilíocht an staidrimh arna sholáthar ag tíortha AE agus comhiomláin na hEorpa, mar aon le réimsí féideartha feabhais a aithint.

Gníomhartha cur chun feidhme

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Tá sé mar aidhm le beartais AE sa réimse folúntas feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh an tsaothair trí iarracht a dhéanamh soláthar agus éileamh a mheaitseáil ar bhonn níos dlúithe. Féachtar le EURES, tairseach soghluaisteachta poist na hEorpa, lena dhéanamh níos éasca cuardaitheoirí poist agus fostóirí a mheaitseáil le chéile.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Folúntas: post íoctha atá cruthaithe as an nua, folamh, nó ar tí a bheith folamh.
  2. Aicmiú NACE: ón bhFraincis Nomenclature statistique des activités économiques dans la Communauté européenne (Aicmiú staidrimh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach). Tá leaganacha éagsúla ceaptha ó 1970 i leith.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le staidreamh ráithiúil ar fholúntais sa Chomhphobal (IO L 145, , lgh. 234-237)

nuashonrú is deireanaí