Cumas cruthaithe fostaíochta na hearnála comhshaoil

Is ríthábhachtach é fás atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de toisc nach bhfuil sochaí thraidisiúnta an tomhaltais, ina chaitear rudaí amach, inmharthana níos mó de bharr amhábhar atá i ngannchúis, agus méadú leanúnach ag teacht ar an ngannchúis sin. Spreagann an geilleagar glas, nó geilleagar ciorclach, an fostaíocht nua freisin.

ACHT

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - An Tionscnamh um Poist Ghlasa: Leas a bhaint as cumas cruthaithe fostaíochta an gheilleagair ghlais (COM(2014) 446 final, 2.7.2014).

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?

Déantar cur síos sa teachtaireacht ar an gcaoi ar féidir scileanna agus beartais mhargadh an tsaothair a fhorbairt agus a spreagadh chun tacú le fostaíocht agus chun fostaíocht a chruthú de réir mar a chuirtear an geilleagar glas i bhfeidhm.

PRÍOMHPHOINTÍ

Moltar sa teachtaireacht gur cheart díriú ar na ceithre réimse seo a leanas agus iarracht á déanamh ag AE aistriú chuig geilleagar glas atá tíosach ar fhuinneamh a spreagadh:

EOCHAIRTHÉARMAÍ

Geilleagar glas: geilleagar a dhéanann iarracht fás eacnamaíoch, inbhuanaitheacht chomhshaoil agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn.

Fás atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de: úsáid acmhainní atá comhoiriúnach maidir leis an éiceolaíocht agus éifeachtúlacht eacnamaíoch.

Post glas: post a chuireann le caighdeán an chomhshaoil a chaomhnú nó a athbhunú, cibé maidir le talmhaíocht, le tionscal, le seirbhísí nó le riarachán.

CÚLRA

Ní féidir an t-athrú chuig geilleagar glas a sheachaint toisc mhéadú ar ghanntanas na n-acmhainní agus toisc chostais fuinnimh agus amhábhar atá ag méadú. Má théitear leis an athrú san Eoraip, beimid níos iomaí go ginearálta, cruthófar fostaíocht inbhuanaithe d’ardchaighdeán agus cosnófar leas na nglúnta amach anseo. In ainneoin na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais, tháinig méadú ar líon na bpost in earraí agus i seirbhísí comhshaoil in AE ó 3 mhilliún sa bhliain 2002 go dtí 4.2 milliún sa bhliain 2011.

Féach láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an ngeilleagar glas chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Nuashonraithe 08.12.2014