Infheistíocht ar mhaithe le hoideachas agus le hoiliúint chun infhostaitheacht a spreagadh

Fadhb thromchúiseach is ea an dífhostaíocht ina lán Ballstát den Aontas Eorpach (AE), go háirithe i measc an ógra. Le breis is dhá mhilliún folúntas ar fud an AE, áfach, is léir nach bhfuil an soláthar scileanna ag teacht le riachtanais an mhargadh saothair.

ACHT

Conclúidí na Comhairle maidir le hinfheistíocht ar mhaithe le hoideachas agus le hoiliúint - freagairt ar Athsmaoineamh ar an Oideachas: Infheistíocht ar mhaithe le scileanna le haghaidh torthaí socheacnamaíocha níos fearr agus an Suirbhé Bliantúil Fáis 2013

ACHOIMRE

I mí Feabhra 2013, ghlac Airí Oideachais Bhallstáit an AE le conclúidí mar fhreagairt ar theachtaireacht an Choimisiúin Eorpaigh 2012 Athsmaoineamh ar an Oideachas agus an Suirbhé Bliantúil Fáis 2013.

Cuirtear béim sna conclúidí ar réimsí tosaíochta ar gá athchóiriú a dhéanamh orthu san oideachas agus oiliúint chun scileanna agus chun leibhéil inniúlachta fhoriomlána a fheabhsú, rud a mhéadódh an infhostaitheacht agus a laghdódh an dífhostaíocht.

Ghlac Ballstátan AE leis gur gá:

Tacaíocht agus cúnamh ar leibhéal an AE

Mar thoradh ar na conclúidí seo, tá na nithe seo a leanas á ndéanamh ag an Choimisiún i measc nithe eile,

Mar chríoch, ba chóir scéimeanna agus cláir printíseachta ar fud na hEorpa a chur chun cinn le tionscnaimh amhail an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí a seoladh le déanaí ag an Choimisiún.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Conclúidí na Comhairle

-

-

IO C 64, 5.3.2013

ACHTANNA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Athsmaoineamh ar an Oideachas: Infheistíocht ar mhaithe le scileanna le haghaidh torthaí socheacnamaíocha níos fearr [COM(2012)0669 final an 20.11.2012].

Teachtaireacht ón gCoimisiún: Suirbhé Bliantúil Fáis 2013. [COM(2012)750 final an 28.11.2012].

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíocht agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta 2020 um Fhiontraíocht - Spiorad na fiontraíochta a athlasadh san Eoraip. [COM(2012)795 final an 9.1.2013].

Nuashonrú is déanaí: 17.02.2014