Conclúidí — scileanna luaile, gníomhaíochtaí coirp agus spóirt do leanaí a spreagadh
Cé gur nós le leanaí a bheith gníomhach go fisiciúil, tá a ngníomhaíocht choirp laghdaithe le 20 bliain anuas, go mór mór mar thoradh ar phatrúin fóillíochta nua (teilifís, cluichí físe, idirlíon, etc.). Tá murtall i measc leanaí ardaithe ó 8 % i 1990 go 12 % in 2010.
Idir an dá linn, tá sé ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gurb í gníomhaíocht choirp neamhleor an ceathrú toisc riosca is mó do ghalar agus bás roimh am ar fud an domhain. Laistigh don Aontas Eorpach, caitear beagnach 7 % de bhuiséid sláinte náisiúnta ar dhéileáil le galair a bhaineann le murtall.
Conclúidí ón gComhairle i dtaca le scileanna luaile, gníomhaíochtaí coirp agus spóirt do leanaí a chur chun cinn (IO C 417, , lgh. 46-51)
nuashonrú is deireanaí