An Spórt— spreagthach i leith na nuála agus na sármhaitheasa
ACHOIMRE AR:
Conclúidí maidir leis an spórt mar spreagthach don nuáil agus don fhás eacnamaíoch
CAD IS AIDHM LEIS NA CONCLÚIDÍ SEO?
Sna conclúidí seo, leagann Chomhairle an Aontais Eorpaigh amach gníomhartha molta don Aontas Eorpach (AE) agus do thíortha AE maidir le dálaí a chruthú inar féidir an leas is fearr is féidir a bhaint as an spórt i dtaobh na nuála agus i dtaobh an gheilleagair.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leas eacnamaíoch
Spreagthach don Nuáil
-
I ngeall ar iomaíocht agus an síor-ghá le feabhas agus sármhaitheas tá nuáil tagann chun cinn i réimsí amhail seachaint díobhála, eolaíocht na n-ábhar agus an bhithmheicnic. Tá an teicneolaíocht spóirt chun tosaigh i réimsí áirithe den eolaíocht fheidhmeach amhail teicneolaíocht teicstílí agus dearadh atá dírithe ar dhaoine.
-
Bhí tionchar iarmharta dearfach ag an nuálaíocht in earnálacha eile amhail bia agus deoch, TF/bogearraí agus tionscal na ngluaisteán.
-
Bíonn infheistíocht ina toradh ar urraíocht spóirt agus cistiú chearta na meán, agus is féidir le himeachtaí spóirt a bheith ina n-ardáin d'fhorbairt táirgí agus seoltaí táirgí.
Sna conclúidí, tugtar cuireadh do thíortha AE:
-
comhar a chur chun cinn idir riaracháin, ollscoileanna, ionaid taighde, tionscail agus comhlachtaí spóirt, arna dtacú ag cistiú ón Aontas Eorpach;
-
tionscnaimh spóirt a spreagadh d'fhonn an forás a chothú agus éascú a dhéanamh ar úsáid na nuálaíochta in earnálacha eile den gheilleagar;
-
feasacht a spreagadh ar acmhainneacht an spóirt le haghaidh foráis agus fostaíochta, agus an dea-chleachtas á chomhroinnt ar gach leibhéal.
Sna conclúidí, tugtar cuireadh don Aontas Eorpach:
-
tacaíocht a thabhairt don chomhoibriú ar fud thíortha AE agus do mhalartú dea-chleachtais, líonraí agus tionscadal, iad a chomhordú, agus leanúint ar aghaidh ag bailiú staitisticí ar an nasc idir an spórt agus an geilleagar;
-
imeacht ardleibhéil a eagrú faoin méid a chuireann an spórt le nuáil agus forás eacnamaíoch, agus tionscnaimh agus comhroinnt a spreagadh i gcomhthéacs Sheachtain Spóirt na hEorpa (forbraíodh uirlisí cumarsáide chun an tseachtain a chur chun cinn agus tá siad saor in aisce le húsáid);
-
saincheisteanna spóirt a chur san áireamh ina gcuid teagmhálacha agus caidrimh le tíortha ábhartha nach bhfuil in AE.
CÚLRA
-
Aithnítear i bPlean Oibre AE don Spórt 2014-2017 an tábhacht mhór a bhaineann le gné eacnamaíoch an spóirt a fhorbairt.
-
Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar bheartas spóirt AE, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Conclúidí na Comhairle agus ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an spórt mar spreagthach don nuáil agus don fhorás eacnamaíoch (2014/C 436/02) (IO C 436, 5.12.2014, lgh. 2-5)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, an 21 Bealtaine 2014 maidir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt do 2014-2017 (IO C 183, 14.6.2014, lgh. 12-17)
Nuashonraithe 09.01.2017