Ról an spóirt maidir le fás, poist, cuimsiú sóisialta agus sláinte a chur chun cinn

Rún ón gComhairle maidir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh um Spórt 2014-2017

GNÍOMH

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, den 21 Bealtaine 2014 maidir leis an bPlean Oibre Eorpach um Spórt (2014-2017) (2014/C 183/03) (Iris Oifigiúil C 183, 14.6.2014,lgh. 12-17)

ACHOIMRE

Leagtar síos sa rún an bonn le haghaidh Plean Oibre AE trí bliana um Spórt, ag baint leas as na héachtaí a baineadh amach faoi Phlean Oibre AE roimhe seo. Aithnítear príomhthosaíochtaí agus aschuir ann mar aon leis an méid ar féidir le spórt cur le clár oibre níos leithne eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa.

CÉARD A DHÉANTAR SA RÚN?

Leagtar amach ann trí thosaíocht don tréimhse 2014-17:

PRÍOMHPHOINTÍ

D’aontaigh rialtais an Aontais Eorpaigh (AE) go ndéanfaí cúig ghrúpa saineolaithe a chur ar bun. Díríonn na grúpaí seo ar na nithe seo a leanas:

Tugtar tacaíocht freisin do thionscnaimh eile, amhail staidéir, comhdhálacha agus idirphlé rialta le páirtithe leasmhara spóirt.

Ina theannta sin:

Faoi mhí na Samhna 2016, soláthróidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta. Úsáidfear an tuarascáil sin mar bhonn don phlé sa Chomhairle ar an tríú Plean Oibre a d'fhéadfaí cur i bhfeidhm sa chéad chéad leath de 2017.

I gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Phlean Oibre seo, glacadh doiciméid éagsúla de chuid na Comhairle. Áirítear orthu sin conclúidí ón gComhairle, in 2015, ina gcuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann le spórt an phobail maidir le scileanna a fhorbairt, go háirithe i measc daoine óga. Leagtar amach sa téacs chomh maith go gcuireann an spórt, chomh maith lena bheith ina ghníomhaíocht caitheamh aimsire fhisiciúil thar aon ní eile, breisluach le sochaí níos folláine agus níos cuimsithí agus níos inmharthana go ginearálta. Is féidir dearcthaí agus luachanna sóisialta dearfacha a fhorbairt le spórt, chomh maith le scileanna agus cumais daoine aonair, lena n-áirítear scileanna trasnaí, amhail an cumas smaoineadh go criticiúil, rudaí a dhéanamh as do stuaim féin, fadhbanna a réiteach agus oibriú go comhoibríoch.

CÚLRA

Is réimse é an spórt, de réir na gconarthaí AE, inar cheart do na bearta a ghlactar ag AE tacú leis an méid a bhíonn ar siúl ag na húdaráis náisiúnta, agus an obair sin a chomhordú agus a fhorlíonadh. Oibríonn AE agus eagraíochtaí náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta as lámha a chéile freisin, mar shampla, Comhairle na hEorpa agus an Ghníomhaireacht Dhomhanda Frithdhópála agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Conclúidí ón gComhairle maidir le ról spórt an phobail a uasmhéadú i dtaca le scileanna trasnaí a fhorbairt, go háirithe i measc na ndaoine óga (IO C 172, 27.5.2015, lgh. 8-12)

Nuashonraithe 24.09.2015