Luathfhágáil na scoile a laghdú

ACHOIMRE AR:

Chonclúidí na Comhairle maidir le luathfhágáil na scoile a laghdú agus maidir leis an rath ar scoil a chur chun cinn

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANTAR SNA CONCLÚIDÍ SEO?

PRÍOMHPHOINTÍ

Sa bhliain 2014, d’fhág 11.1 % de dhaoine idir 18 mbliana agus 24 bliana d’aois (thart ar 4.4 mhilliún) an t-oideachas agus an oiliúint gan clár meánscoile deiridh céime a bheith críochnaithe acu (foinse: Eurostat, 2014). Ceann de na cuspóirí a bhí ag an straitéis Eoraip 2020 ná ráta níos lú ná 10 % a bhaint amach.

Cé go ndearnadh dul chun cinn, tá an iomad daltaí ann fós a fhágann an t-oideachas roimh am, agus tá neamhréitigh ollmhóra ann idir tíortha AE agus laistigh díobh.

Na dúshláin

Baineann réimse tosca le luathfhágáil na scoile, tosca pearsanta, sóisialta, eacnamaíocha, cultúrtha, oideachasúla agus tosca de réir inscne agus teaghlach, agus tá nasc idir luathfhágáil na scoile agus an míbhuntáiste luath-óige.

Cuirtear isteach níos mó ar ghrúpaí le stádas íseal socheacnamaíoch, chomh maith le páistí a bhfuil cúlra imirceach acu, páistí Romacha agus páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Is féidir le foghlaimeoirí an t-oideachas a fhágáil roimh am de bharr cháilíocht an oideachais.

Cuirtear na saincheisteanna seo san áireamh:

Má dhéantar oideachas meánscoile nó gairmoiliúint a chríochnú, is ríthábhachtach é seo maidir le haistriú rathúil ón oideachas go hobair nó na céimeanna oideachais agus oiliúna amach anseo. Má chuirtear bearta tacaíochta ar fáil d’fhoghlaimeoirí chun cabhrú leo a gcuid oideachais a chríochnú, cabhróidh sé sin le timthriall na díothachta, na bochtaineachta agus an neamhionannais a bhriseadh.

An fhreagairt

Éilítear ag an gComhairle freagairt chuimsitheach chomhordaithe, a chuireann na rudaí seo a leanas chun cinn: lamháltas, ómós agus comhdheiseanna, chomh maith le lánpháirtiú sóisialta, tuiscint idirchultúrtha agus muintearas sna scoileanna.

Iarrtar ar thíortha AE moladh ón gComhairle 2011 a chur chun feidhme maidir le luathfhágáil na scoile a laghdú, go háirithe trí:

Cur chuige comhoibríoch

Spreagtar cur chuige comhoibríoch, mar seo a leanas:

Ní mór scileanna, inniúlachtaí agus eolas cúlra a bheith ag múinteoirí maidir le bainistíocht sa seomra ranga agus bainistíocht éagsúlachta (e.g. cleachtais chun cuimsiú daoine a chinntiú a bhfuil saintréithe, cúlraí agus cultúir éagsúla acu), agus maidir le caidreamh a fhorbairt, le coinbhleacht a réiteach, le bulaíocht a chosc, agus le tosca riosca a d’fhéadfadh luathfhágáil na scoile a bheith mar thoradh orthu.

Na daoine óga a d’fhág an t-oideachas roimh am, ní mór deiseanna a chur ar fáil dóibh chun filleadh ar oideachas príomhshrutha.

Chomh maith leis sin, ní mór do thíortha AE:

GNÍOMH

Conclúidí na Comhairle maidir le luathfhágáil na scoile a laghdú agus maidir leis an rath ar scoil a chur chun cinn (IO C 417, 15.12.2015, lgh. 36-40)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Ag dul i ngleic le luathfhágáil na scoile: Ag cur go mór leis an gClár Oibre Eoraip 2020 (COM(2011) 18 final an 31.1.2011)

Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a laghdú (IO C 191, 1.7.2011, lgh. 1-6)

Nuashonraithe 06.04.2016