An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (ar a dtugtar an comhshocrú fioscach chomh maith)
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN GCONRADH?
Féachtar leis an gcomhaontú idir-rialtasach seo smacht buiséadach rialtais limistéar an euro a dhaingniú tar éis ghéarchéim an fhiachais cheannasaigh a tháinig chun cinn sa bhliain 2010.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leis an “gcomhshocrú fioscach” seo, forchuirtear ceanglais ar thíortha limistéar an euro maidir le beartais bhuiséadacha. Féadfaidh Ballstáit eile AE páirt a ghlacadh ann más mian leo. As an 28 tír AE, níl an comhaontú sínithe ach ag Poblacht na Seice, am Chróit agus an Ríocht Aontaithe (1). Tacaíonn an comhaontú leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis leasaithe, faoina gcuirtear na rialacha seo i bhfeidhm:
Tá 3 phríomhchuspóir leis an gcomhaontú idir-rialtasach.
Chun cloí leis an “riail seo um buiséad comhardaithe”, ní mór do thíortha a n–easnaimh struchtúrtha a choinneáil ag 0.5% nó níos ísle den OTI. Is éard is easnamh struchtúrtha ann easnamh ginearálta lúide tionchar an timthrialla eacnamaíoch ar chaiteachas agus ar ioncam rialtais (e.g. caiteachas níos mó ar shochair dífhostaíochta le linn cúlú eacnamaíochta).
Ní mór do rialtais meicníocht uathoibríoch ceartúcháin a chur ar bun a chuirfear i bhfeidhm má imítear ón riail um buiséad comhardaithe. Ciallaíonn sé sin go ndéanfar bearta ceartúcháin go huathoibríoch má imíonn an iarmhéid buiséadach ón líne réamh-mheasta.
Féadfar Ballstáit a dhíolmhú go sealadach ón riail um buiséad comhardaithe i gcúinsí eisceachtúla, amhail géarchúlú eacnamaíoch. Thairis sin, má tá fiachas poiblí ag rialtas atá i bhfad níos lú ná suim thagartha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (60% den OTI), féadfar easnamh struchtúrtha níos airde suas le 1% den OTI a cheadú don rialtas sin.
Féadfar tíortha AE a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh má theipeann orthu cloí leis na riachtanais sin. Féadfaidh an Chúirt smachtbhannaí airgeadais a fhorchur ar na tíortha nach gcloíonn lena breithiúnais.
Faoin gcomhaontú idir-rialtasach seo, cuirtear de cheangal ar thíortha AE, agus vóta á chaitheamh acu i gComhairle AE, glacadh le tograí agus le moltaí an Choimisiúin maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach gan na tograí agus na moltaí sin a athrú — ach amháin má tá tromlach cáilithe ina measc atá i gcoinne a leithéid de choinne.
Faoin gcomhaontú idir-rialtasach, cuirtear de cheangal ar rialtais a bpleananna eisiúna fiachais a thuairisciú (agus cistí á gcruinniú trí bhíthin airgead a fháil ar iasacht ó shealbhóirí bannaí) roimh ré don Choimisiún agus do Chomhairle AE. Ní mór deimhin a dhéanamh de go ndéantar a gcuid pleananna do mhór-athchóirithe beartas eacnamaíoch a phlé nó a chomhordú ina measc féin roimh ré. Cumhdaítear sa chomhaontú chomh maith rialachas ar limistéar an euro. Mar shampla, ba cheart cruinnithe mullaigh a reáchtáil do Cheannairí Stáit nó Rialtais thíortha limistéar an euro dhá uair sa bhliain ar a laghad (cruinnithe mullaigh an Euro).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHONARTHA?
Tháinig an conradh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2013.
Cúlra
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas an 2 Márta 2012 — nár foilsíodh san Iris Oifigiúil.
Nuashonraithe 10.03.2014
(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.