Nithe a bhaineann le rátaí malairte agus socruithe airgeadaíochta leis an limistéar euro

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 98/683/CE — nithe a bhaineann le rátaí malairte i dtaca le Franc CFA agus franc Oileáin Chomóra

Cinneadh 98/744/CE — nithe a bhaineann le rátaí malairte i dtaca le escudo Rinn Verde

Cinneadh 1999/95/CE — na socruithe airgeadaíochta i bpobail chríochacha na Fraince in Saint-Pierre-et-Miquelon agus Mayotte

Cinneadh 1999/96/CE — an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Prionsacht Mhonacó

Cinneadh 1999/97/CE — an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Poblacht San Mairíne

Cinneadh 1999/98/CE — an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Cathair na Vatacáine

Cinneadh 2004/548/CE— an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Prionsacht Andóra

Cinneadh 2004/750/CE — oscailt na gcaibidlíochtaí maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Prionsacht Andóra

Comhaontú airgeadaíochta idir AE agus Stát Chathair na Vatacáine

Comhaontú airgeadaíochta idir AE agus Andóra

Comhaontú airgeadaíochta idir AE agus San Mairíne

Comhaontú airgeadaíochta idir AE agus Monacó

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS NA COMHAONTUITHE?

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na socruithe nua leagtha amach sna comhaontuithe seo a leanas:

  1. Cúrsaí maidir le rátaí malairte
  2. Socruithe airgeadaíochta
    • Déanann críocha na Fraince Saint-Pierre-et-Miquelon, gar do chósta thoir Cheanada, agus Mayotte san Aigéan Indiach, nach bhfuil ceachtar acu mar chuid de AE, franc na Fraince a ionadú leis an euro. Ceadaíodh dóibh nótaí bainc agus boinn i bhfrancanna a úsáid go dtí an .
  3. Caidreamh airgeadaíochta
    • Shínigh Monacó, San Mairíne agus an Vatacáin socruithe airgeadaíochta le AE sular tugadh isteach nótaí bainc agus boinn euro in 2002. Pléadh iad sin arís chun roinnt easnamh a cheartú. Tugann siad údarás do na 3 thír an euro a úsáid mar a n-airgeadra oifigiúil. Ní mór dóibh:
      • gan aon nótaí nó boinn euro a eisiúint mura gceadaítear é sin sa chomhaontú;
      • cloí le rialacha AE maidir le nótaí agus boinn euro, cóipcheart agus malartú nótaí a bhfuil damáiste déanta dóibh;
      • cosaint a thabhairt do nótaí agus do bhoinn euro i gcoinne góchumtha.
    • Tugann na comhaontuithe deis do gach ceann de na 3 thír líon teoranta bonn euro a eisiúint:
      • Monacó (toirt bhliantúil de 1/500ú de líon na mbonn a múnlaíodh sa Fhrainc);
      • San Mairíne (aghaidhluach bliantúil uasta de €1,944,000);
      • an Vatacáin (aghaidhluach bliantúil uasta de €1 mhilliún).
    • D’iarr Andóra comhaontú airgeadaíochta le AE ar an . Cuireadh é sin i gcrích an , ag cur ar chumas na tíre an euro a úsáid mar a hairgeadra oifigiúil agus, ó mhí Iúil 2013, a cuid boinn euro féin a eisiúint.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS NA GCOMHAONTUITHE?

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 98/683/CE ón gComhairle an maidir le nithe a bhaineann le rátaí malairte i dtaca le Franc CFA agus Franc Oileáin Chomóra (IO L 320, , lgh. 58–59).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 98/683/CE a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 98/744/CE ón gComhairle an maidir le nithe a bhaineann le rátaí malairte i dtaca le escudo Rinn Verde (IO L 358, , lgh. 111–112).

Cinneadh 1999/95/CE ón gComhairle an maidir leis na socruithe airgeadaíochta i bpobail chríochacha na Fraince in Saint-Pierre-et-Miquelon agus Mayotte (IO L 30, , lgh. 29–30).

Cinneadh 1996/96/CE an maidir leis an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Prionsacht Mhonacó (IO L 30, , lgh. 31–32).

Cinneadh 1999/97/CE ón gComhairle an maidir leis an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Poblacht San Mairíne (IO L 30, , lgh. 33–34).

Cinneadh 1999/98/CE ón gComhairle an maidir leis an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Cathair na Vatacáine (IO L 30, , lgh. 35–36).

Cinneadh 2004/548/CE ón gComhairle an maidir leis an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Prionsacht Andóra (IO L 244, , lgh. 47–49).

Cinneadh 2004/750/CE ón gComhairle an maidir le hoscailt na gcaibidlíochtaí maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Prionsacht Andóra (IO L 332, , lch. 15).

Comhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Stát Chathair na Vatacáine (IO C 28, , lgh. 13–18).

Comhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra (IO C 369, , lgh. 1–13).

Comhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne (IO C 121, , lgh. 5–17).

Comhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó (IO C 310, , lgh. 1–11).

nuashonrú is deireanaí