Muinín i gcórais dhlíthiúla thrédhearcacha dhaonlathacha na hEorpa
Leagtar amach sa teachtaireacht seo ón gCoimisiún creat nua de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) chun an Smacht Reachta a neartú,rud a chinnteoidh go ndéanfar an smacht reachta* a chosaint go héifeachtach cothrom sna tíorthaAE uile .
ACHT
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Creat AE nua chun an Smacht Reachta a neartú (COM(2014) 158 final an 11.3.2014).
ACHOIMRE
Leagtar amach sa teachtaireacht seo ón gCoimisiún creat nua de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) chun an Smacht Reachta a neartú,rud a chinnteoidh go ndéanfar an smacht reachta* a chosaint go héifeachtach cothrom sna tíorthaAE uile .
CÉARD A DHÉANANN AN CREAT SEO?
Is é cuspóir an chreata ná dul i ngleic le “bagairtí sistéamacha ar an smacht reachta” sna tíortha AE. Cuirtear uirlis luathrabhaidh ar bun ann, a chuireann ar chumas an Choimisiúin dul i gcomhairle leis an tír lena mbaineann chun méadú ar na bagairtí sin a chosc.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ceapadh an creat chun cur leis na meáin atá ann cheana féin a chosnaíonn an smacht reachta AE. Áirítear leo sin nósanna imeachta um shárú (teoranta do shárú ar fhoráil shonrach an dlí AE) i gcoinne tíortha AE, agus na sásraí um chosc agus um smachtbhannaí“dála deiridh”, a bhfuil foráil déanta dóibh in Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).
An chaoi a n-oibreoidh an creat nua
Is é cuspóir an chreata ná a chur ar chumas an Choimisiúin réiteach a fháil i gcomhar leis an tír AE lena mbaineann, ionas gur féidir bagairt shistéamach ar an smacht reachta a chosc. Cuirfear an creat i bhfeidhm go cothrom agus de réir na gcaighdeán céanna sna tíortha AE uile.
Ba cheart gur leor “bearta cosanta náisiúnta um smacht reachta” chun dul i ngleic le fadhbanna ionchasacha, bearta cosanta a chuirtear ar fáil:
|
— |
in ord polaitiúil, institiúideach agus/nó dlíthiúil na tíre;
|
|
— |
i struchtúr bunreachta na tíre;
|
|
— |
maidir le scaradh cumhachtaí na tíre (mar shampla idir an reachtas, an feidhmeannas agus na breithiúna);
|
|
— |
maidir le neamhspleáchas nó neamhchlaontacht bhreithiúna na tíre, nó maidir le córas na tíre um athbhreithniú breithiúnach (.i. nuair is féidir leis na cúirteanna breithiúnas a thabhairt maidir le bailíocht ghnímh).
|
Más cosúil nach féidir dul i ngleic go héifeachtach le bagairtí i dtíortha AE le “bearta cosanta náisiúnta um smacht reachta”, cuirfear an creat i ngníomh.
Próiseas trí chéim
Má tá riosca soiléir ann go gcuirfidh bagairt shistéamach isteach ar an smacht reachta i dtír AE, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an tír sin, ar bhealach struchtúrtha, chun réiteach a lorg. Áirítear leis an bpróiseas seo:
|
— |
Measúnú an Choimisiúin: féadfaidh an Coimisiúin “tuairim smacht reachta” a eisiúint, agus roinnt ama a thabhairt don tír chun freagairt don tuairim sin;
|
|
— |
Moladh ón gCoimisiún: féadfaidh an Coimisiún “moladh smacht reachta” a eisiúint (an chaoi ar féidir leis an tír na fadhbanna a aimsítear a réiteach go tapa agus go praiticiúil);
|
|
— |
Athleanúint a dhéanamh ar an moladh ón gCoimisiúin: más rud é nach bhfreagraíonn tíortha AE go sásúil, déanfaidh an Coimisiún machnamh ar shásraí Airteagail 7 CAE a úsáid chun cearta na tíre sin faoi na conarthaí AE a chur ar fionraí, lena n-áirítear a cearta vótála sa Chomhairle.
|
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar le linn an phróisis. Féadfaidh an Coimisiún comhairle sheachtrach agus saineolas seachtrach a lorg freisin, amhail ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha nó ó shaineolaithe dlíthiúla Eorpacha.
CÚLRA
An tAontas Eorpach agus an smacht reachta
Prionsabal bunaidh agus bunreachta AE is ea an smacht reachta, agus tugtar léargas ginearálta air i CAE agus i gCairt um Chearta Bunúsacha AE. Cuireann an smacht reachta ar chumas saoránach AE agus na n-údarás náisiúnta muinín a bheith acu as córais dhlíthiúla na dtíortha AE uile.
Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar láithreán Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Ceartas Éifeachtach.
ACHTANNA GAOLMHARA
Leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (2012/C 326/01) (Iris Oifigiúil C 326, 26.10.2012, lgh. 1-390).
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (2012/C 326/02) (Iris Oifigiúil C 326, 26.10.2012, lgh. 391-407).
Nuashonrú is déanaí: 12.12.2014