Clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-20 (Custam 2020)
Leagtar amach sa rialachán seo clár chun tacú le haontas custaim an Aontais Eorpaigh (AE) agus chun an t-aontas custaim seo a nuachóiriú trí chomhar idir na húdaráis custaim a fheabhsú.
ACHT
Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-20 (Custam 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE.
ACHOIMRE
Is clár AE um chomhar é Lucht Custaim 2020, a reáchtálfar ó 2014 go dtí 2020, a chuirfidh le cláir gníomhaíochta ilbhliantúla um an lucht custaim roimhe seo. Is é cuspóir foriomlán an chláir ná tacú le feidhmiú agus le nuachóiriú an aontas custaim trí chomhar idir na tíortha rannpháirtíochta, a n-údaráis custaim agus a n-oifigigh custaim.
Féachtar go speisialta leis an chlár tacú le húdaráis custam chun leasanna airgeadais agus eacnamaíochta AE agus Ballstát AE a chosaint, lena n-áirítear calaois a chomhrac agus cearta maoine intleachtúla a chosaint. Féachtar leis freisin tacú le húdaráis custaim agus iarracht á déanamh acu sábháilteacht agus slándáil a mhéadú, na saoránaigh agus an comhshaol a chosaint, feabhas a chur ar chumas riaracháin agus iomaíochas na ngnóthas Eorpach a neartú.
Conas a oibríonn an clár agus cad is féidir a dhéanamh leis
Treorófar Lucht Custaim 2020 bunaithe ar chláir oibre bhliantúla lena nglacfaidh an Coimisiún Eorpach. Maoinítear gníomhartha an chláir trí bhíthin deontas, chonarthaí soláthair phoiblí nó aisíocaíocht chostais na saineolaithe seachtracha.
Is le haghaidh oifigigh a oibríonn i riaracháin custaim i mBallstáit AE na gníomhartha seo, ach tá fáil orthu freisin ag a gcontrapháirtithe i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha a tháinig leis an chlár, agus ag a gcontrapháirtithe i dtíortha comhpháirtíochta bheartas comharsanachta na hEorpa i gcúinsí áirithe.
Áirítear le cuspóirí oibríochtúla an chláir:
Buiséad agus gníomhartha incháilithe
Is é buiséad an chláir don tréimhse 2014-20 ná €523 mhilliún. Áirítear le gníomhartha incháilithe:
Táthar ag súil leis go gcuirfidh gníomhaíochtaí Lucht Custaim 2020 leis an Eoraip 2020: Straitéis i leith fostaíochta agus fáis a bhaint amach, go háirithe an clár oibre digiteach don Eoraip.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 |
1.1.2014 |
- |
IO L 347, 20.12.2013 |
Nuashonraithe 26.06.2014