Comhlachú na dtíortha agus na gcríoch thar lear le AE

Glacadh le “Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear” i mí na Samhna 2013 agus cuireadh i bhfeidhm é an 1 Eanáir 2014. Baineann an cinneadh seo le tíortha agus críocha thar lear atá nasctha le tíortha AE.

ACHT

Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le Comhlachú na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (“Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear”)

ACHOIMRE

Ó bunaíodh an AE, tá baint ag tíortha agus críocha thar lear (OCTanna) leis ó shin i leith. 25 oileán atá sna OCTanna, oileáin atá suite san Aigéan Atlantach, san Aigéan Antartach agus san Aigéan Artach, san Aigéan Indiach agus san Aigéan Ciúin agus sa Mhuir Chairib. Ní stáit cheannasacha na hoileáin seo ach tá naisc bhunreachtúla acu le ceithre thír AE: an Danmhairg, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe (1).

Comhlachú na OCTanna leis an AE, tá sé bunaithe ar chaidreamh bunreachtúil leis na ceithre thír AE seo.

Féachtar leis an Chinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear 2013 (OAD) le caidreamh an AE le OCTanna a nuachóiriúá baint amach agus le patrúin na trádála domhanda a chur san áireamh, patrúin atá ag athrú. Cuirfear san áireamh ann chomh maith cúraimí amhail athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil. Iarrtar leis an chinneadh dul thar chomhar forbartha, agus obair a dhéanamh ar son caidrimh, atá bunaithe ar chomhleasanna agus ar chomhluachanna,á baint amach agus forbairt inbhuanaitheá baint amach .

Príomhchuspóirí an chomhlachaithe:

Cé nach bhfuil dlíthe an AE curtha i bhfeidhm sna OCTanna, leagtar amach san OAD rialacha agus nósanna imeachta mionsonraithe le haghaidh an Chomhlachaithe.

Córas trádála nuachóirithe

Faoin OAD nua, cuirtear córas nua trádála i bhfeidhm a fhéachann leis an timpeallacht trádála a fheabhsú do OCTanna. Sa chóras nua, rangaítear OCTanna mar chomhpháirtithe trádála roghnaithe, agus cuirtear téarmaí níos fearr ar fáil dóibh maidir le trádáil seirbhísí agus le bunú, mar aon le rochtain saor ó dhleachtanna agus ó chuótaí ar mhargadh earraí an AE. Chomh maith leis sin, leasaíodh na coinníollacha maidir le rochtain ar mhargadh an AE faoin Chinneadh, rud a réitigh an bealach do dheiseanna onnmhairithe níos fearr do OCTanna.

Tacaíocht airgeadais

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh (CE) Uimh. 2013/755/AE

1.1.2014

-

IO L 344, 19.12.2013, lch. 1-118

ACHTANNA GAOLMHARA

Cinneadh 2014/137/AE ón gComhairle an 14 Márta 2014 maidir le caidreamh idir an Aontas Eorpach ar thaobh amháin, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge ar an taobh eile [Iris Oifigiúil L 76, 15.3.2014, lgh. 1-5]

Nuashonraithe 21.09.2015



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.