Plean oibre an Aontais Eorpaigh don chultúr (2015-2018)
ACHOIMRE AR:
Conclúidí maidir le Plean oibre don chultúr (2015-2018)
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN NA CONCLÚIDÍ SEO?
Leagtar amach sna conclúidí seo na príomhthosaíochtaí don chomhar Eorpach sa bheartas cultúrtha agus conas a dhéanfar na tosaíochtaí sin a bhaint amach.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tosaíochtaí
Leagtar ceithre phríomhthosaíocht amach sa chlár oibre:
1. | Cultúr inrochtana cuimsitheach — e.g. lámhleabhar dea-chleachtais maidir le teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh institiúidí cultúrtha a úsáid, teicneolaíochtaí a táirgeadh ag tíortha an Aontais Eorpaigh (AE). |
2. | Oidhreacht chultúrtha — e.g. staidéar ón gCoimisiún ar mheasúnú agus ar chosc rioscaí, staidéar a bhfuil mar aidhm aige oidhreacht chultúrtha a chosaint ar thionchair na dtubaistí nádúrtha agus ar bhagairtí a bhfuil gníomh an duine ina chúis leo. |
3. | Earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha: geilleagar na cruthaitheachta agus an nuálaíocht — e.g. moltaí ó thíortha AE d’údaráis inniúla maidir le rochtain ar mhaoiniú. |
4. | Éagsúlacht chultúrtha, cultúr i gcaidreamh seachtrach AE agus soghluaisteacht a chur chun cinn — e.g. lámhleabhar dea-chleachtais maidir le cúrsaíocht scannán Eorpach a fheabhsú, scannáin a táirgeadh ag tíortha AE. |
Is tosaíocht é freisin sna réimsí uile beartais chultúrtha staidreamh ardchaighdeáin inchomparáide a choimeád faoin gcultúr.
Modhanna oibre
Déantar foráil do mhodhanna oibre difriúla sa phlean, ag brath ar an gcuspóir agus ar an ábhar:
— |
Modh Oscailte an Chomhordaithe (MOC), ar cheart go n-úsáidfí go fóill é mar phríomh-mhodh oibre comhordaithe sna tíortha AE;
|
— |
cruinnithe neamhfhoirmiúla idir oifigigh Aireachtaí an Chultúir, lena n-áirítear le hoifigigh ó aireachtaí eile;
|
— |
grúpaí nó seimineáir ad-hoc saineolaithe maidir le beartais shonracha, a thionóltar ag an gCoimisiún chun scrúdú breise a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le hábhair an phlean oibre (bunaithe ar na ceithre phríomhthosaíocht) agus chun idirghníomhú le hionstraimí eile sa phlean oibre, amhail staidéir agus conclúidí ón gComhairle;
|
— |
cruinnithe chun machnamh a dhéanamh a reáchtáiltear ag an gCoimisiún Eorpach sna réimsí beartais ar pléadh leo go forleathan sna pleananna oibre roimhe seo, amhail na tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha agus an oidhreacht chultúrtha;
|
— |
comhdhálacha, staidéir agus tionscnaimh phiarfhoghlama.
|
Gníomh praiticiúil
Leagtar 20 gníomh amach sa phlean, gníomhartha atá le cur i gcrích ag na tíortha AE, ag Uachtaránachtaí na Comhairle agus ag an gCoimisiún.
Iarrtar ar na tíortha AE:
— |
na torthaí a bhaintear amach faoin bplean oibre a mheas, agus iad ag cloí le prionsabal na coimhdeachta, agus beartas náisiúnta á fhorbairt acu;
|
— |
faisnéis a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara faoi aschur an phlean oibre.
|
Tugtar cuireadh d’Uachtaránachtaí na Comhairle glacadh le roinnt beart, lena n-áirítear:
— |
an plean oibre a chur san áireamh agus a gclár oibre 18 mí á phleanáil acu;
|
— |
cruinnithe neamhfhoirmiúla a reáchtáil faoi ábhar cultúrtha amháin nó níos mó chun na torthaí a bhaintear amach faoin bplean oibre a phlé, a ghlacadh agus a roinnt.
|
Iarrtar ar an gCoimisiún gníomhú ar shlite difriúla, lena n-áirítear:
— |
rannpháirtíocht na dtíortha AE, na saineolaithe agus na bpáirtithe leasmhara a spreagadh, atá chomh forleathan agus is féidir, rannpháirtíocht sna struchtúir oibre atá leagtha amach sna hiarscríbhinní a ghabhann leis na conclúidí;
|
— |
a chinntiú go ndéantar faisnéis a mhalartú i measc ghrúpaí MOC i réimse an chultúir agus idir na grúpaí sin agus grúpaí ábhartha MOC eile in earnálacha gaolmhara;
|
— |
tuarascáil faoi chur i bhfeidhm agus faoi ábharthacht an phlean oibre a fhoilsiú, le cabhair ó ranníocaíochtaí deonacha na dtíortha AE, faoi lár 2018.
|
Iarrtar ar an gCoimisiún agus ar na tíortha AE beart a dhéanamh freisin ina réimsí inniúlachta féin, lena n-áirítear:
— |
an méid a chuireann an cultúr le cuspóirí foriomlána na straitéise “Eoraip 2020” a chur chun cinn;
|
— |
an cultúr a chur san áireamh agus beartais agus gníomhartha á gcruthú, á gcur i bhfeidhm agus á meas i réimsí beartais eile;
|
— |
comhar le tíortha neamh-AE a chothú, go háirithe tíortha is iarrthóirí, tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus na tíortha atá rannpháirteach i mbeartas comharsanachta na hEorpa, mar aon le heagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta amhail Comhairle na hEorpa.
|
CÚLRA
Creat straitéiseach — An Clár Oibre Eorpach don Chultúr.
GNÍOMH
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, maidir le Plean Oibre don Chultúr (2015-2018) (IO C 463, 23.12.2014, lgh. 4–14)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Rún ón gComhairle an 16 Samhain 2007 maidir le Clár Oibre Eorpach don Chultúr (IO C 287, 29.11.2007, lgh. 1–4)
Nuashonraithe 15.10.2015