Taisteal láneagraithe – cearta tomhaltóirí (ó 2018)

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2015/2302 – taisteal láneagraithe agus socruithe taistil bainteacha

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm leis an treoir ardleibhéal aonfhoirmeach de chosaint tomhaltóirí a thabhairt isteach maidir le conarthaí le haghaidh taisteal láneagraithe1 agus socruithe taistil bainteacha2, agus úsáid mhéadaithe d’áirithintí idirlín á cur san áireamh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Faisnéis

Ba cheart don eagraí nó don mhiondíoltóir an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar sula sínítear conradh, i gcás inarb infheidhme maidir leis an taisteal láneagraithe:

Áireofar sa deimhniú conartha na nithe thuas agus an fhaisnéis bhreise seo a leanas:

In am trátha roimh an taisteal láneagraithe, soláthróidh an t-eagraí na hadmhálacha, dearbháin agus ticéid riachtanacha agus an fhaisnéis taistil riachtanach.

Méaduithe praghsanna

Ní cheadaítear méaduithe praghsanna (teoranta go 8% i bhformhór na gcásanna) ach má fhorchoimeádtar an fhéidearthacht sin go sainráite sa chonradh (sa chás gur féidir laghduithe praghsanna a éileamh chomh maith) agus má tá siad mar thoradh díreach ar:

Ba chóir méadú ar bith ar phraghsanna a chur in iúl 20 lá ar a laghad roimh thosach an taistil láneagraithe.

Foirceannadh conartha ag an taistealaí

Sa chás go ndéanann an t-eagraí athruithe suntasacha ar an gconradh nó ina ndéanann sé nó sí an praghas a mhéadú níos mó ná 8 %, beidh sé de cheart ag an taistealaí, roimh thús an taistil láneagraithe, glacadh leis an athrú, glacadh le taiseal láneagraithe ionadach (a bhfuil luach comhionann leis nó níos airde) nó an conradh a fhoirceannadh le haon íocaíocht a aisíocfar laistigh de 14 lá.

Féadfaidh an taistealaí an conradh a fhoirceannadh ag tráth ar bith roimh thús an taistil láneagraithe trí tháille chuí a íoc.

Féadfaidh an taistealaí an conradh a fhoirceannadh (gan táille a íoc) chomh maith i gcás cúinsí dosheachanta agus urghnácha a tharlaíonn ag an gceann scríbe nó ina gharchomharsanacht agus a chuireann isteach go mór ar fheidhmíocht an taistil láneagraithe, nó a chuireann isteach go mór ar iompar na bpaisinéirí go dtí an ceann scríbe. Tabharfar aisíocaíocht iomlán ach ní thabharfar cúiteamh breise ar bith.

Feidhmíocht

Tá eagraí an taistil láneagraithe freagrach as feidhmíocht na seirbhísí taistil sa chonradh, fiú má sholáthraíonn gnólachtaí eile iad. Tá rialacha ann maidir le neamhchomhlíonadh, foirceannadh agus cúiteamh.

Ba cheart do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a áirithiú gur féidir teachtaireachtaí, iarrataí nó gearáin a dhéanamh go díreach leis an miondíoltóir agus go gcuirfidh an miondíoltóir na teachtaireachtaí sin ar aghaidh chuig an eagraí, nach mór dó cúnamh a thabhairt gan moill mhíchuí.

cosaint mhéadaithe ann do thaistealaithe i gcás dhócmhainneacht an eagraí. Cuireadh líonra de phointí teagmhála lárnacha ar bun sna Ballstáit chun feabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta.

Níl feidhm ag an treoir seo maidir le socruithe taistil:

Go ginearálta, níor cheart do na Ballstáit rialacháin a thabhairt isteach lena gcuirfí leibhéal cosanta don lucht siúil ar fáil a imíonn ón treoir seo.

Aisghairtear Treoir 90/314/CEE leis an treoir le héifeacht ó .

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean dlí a dhéanamh den treoir sna Ballstáit faoin . Tá feidhm leis ón .

Ionchorpraíodh an treoir sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ar an .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach

I ndiaidh ráig COVID-19 agus tabhairt isteach beart chun déileáil le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún leis na nithe seo a leanas:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Taisteal Láneagraithe. I bhformhór na gcásanna, ciallaíonn sé sin:
  2. Socrú taistil bainteach. Ar a laghad dhá chineál seirbhíse taistil a cheannaítear mar chuid den turas céanna, i gcás ina mbíonn conarthaí ar leith ann de ghnáth leis na soláthraithe seirbhísí taistil aonair, ach ní gá go mbeadh conarthaí ar leith ann. Baineann sé sin le:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil bainteacha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, , lgh. 1-33).

nuashonrú is deireanaí