Díospóidí dlíthiúla trasteorann — rialacha úra ó 2017 i leith faoin nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2015/2421 lena gcruthaítear nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga agus ordú Eorpach do nós imeachta íocaíochta
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
-
Déantar nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga (ESCP) a shimpliú agus a leathnú leis.
-
Leis an rialachán cuirtear an nós imeachta ar fáil leis i níos mó cásanna, ciorraítear táillí cúirte agus cuirtear úsáid cumarsáide leictreonaí, amhail físchomhdháil, agus cineálacha cianíocaíochtaí chun cinn.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
-
Féadfar ESCP a úsáid le haghaidh gach cúrsa sibhialta agus tráchtála, i gcúirt nó i mbinse ar bith agus i gcás go bhfuil níos mó ná tír amháin i gceist. Is é €5,000 uasluach éilimh ar bith.
-
Déanfar scrúdú ar an bhféidearthacht maidir le méadú a dhéanamh ar raon na n-éileamh (e.g. le luach saothair a chur san áireamh) agus ar uasluach éilimh le linn na chéad 5 bliana de na rialacha úra sin a chur i bhfeidhm.
Éisteachtaí
-
Tá sé beartaithe go mbeidh an nós imeachta ina nós imeachta i scríbhinn. Ní thionóltar éisteachtaí ó bhéal ach nuair nach féidir breithiúnas a thabhairt bunaithe ar fhianaise i scríbhinn nó i gcás go n-aontaíonn cúirt nó binse le hiarratas páirtí.
-
Féadfaidh páirtí a thoghairtear chun freastal ar éisteacht ó bhéal a iarraidh go n-úsáidfí teicneolaíocht físchomhdhála i gcás go bhfuil saoráidí dá leithéid ar fáil agus i gcás go mbeadh sé díréireach ó thaobh costas ar an éileamh dá bhfreastalófaí i bpearsa.
Foirmeacha
-
Ní mór an fhoirm chaighdeánach éilimh a bheith ar fáil i ngach cúirt agus binse i gcás gur féidir ESCP a sheoladh chomh maith le trí shuíomhanna gréasáin náisiúnta ábhartha.
-
Ní mór doiciméid agus breithiúnais a sholáthraíonn an chúirt a sheoladh tríd an bpost nó trí mhodh leictreonach (i gcás go bhfuil an tseirbhís seo ar fáil) agus i gcás gur thug an páirtí atá le seirbheáil a dtoiliú.
-
Chun costais aistriúcháin a laghdú, nuair nach mór do chúirt deimhniú maidir le forfheidhmiú breithiúnais nó socraíocht chúirte a eisiúint i dteanga seachas a teanga féin, ní mór di an fhoirm chaighdeánach don deimhniú a úsáid sa teanga ábhartha.
Cúnamh
Tá páirtithe i dteideal cúnamh praiticiúil a fháil chun na foirmeacha a chomhlánú chomh maith le faisnéis ghinearálta a fháil maidir le raon feidhme ESCP agus na cúirteanna inniúla a fháil. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil saor in aisce.
Táillí cúirte agus íocaíocht
-
Ní cóir do na táillí cúirte a bheith díréireach agus ní cóir dóibh a bheith níos airde ná na costais do nósanna imeachta cúirte simplithe.
-
Ní mór do thíortha AE a chinntiú gur féidir táillí cúirte a íoc ag baint leas as aon mhodh amháin ar a laghad de chianíocaíocht, amhail:
-
aistriú bainc;
-
cárta creidmheasa nó dochair;
-
dochar díreach ó chuntas bainc an éilitheora.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Cuirfear i bhfeidhm é ón 14 Iúil 2017, seachas pointe (16) d’Airteagal 1, lena leasaítear Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 861/2007. Cumhdaítear leis sin faisnéis atá le soláthar ag tíortha AE don Choimisiún Eorpach, agus beidh sé i bhfeidhm ón 14 Eanáir 2017).
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 2015/2421 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 lena mbunaítear Rialachán maidir le Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach do nós imeachta íocaíochta (IO L 341, 24.12.2015, lgh. 1-13)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta um Éilimh Bheaga (IO L 199, 31.7.2007, lgh. 1-22).
Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 25.10.2016