Beartas iomaíochta AE in 2014

ACHOIMRE AR:

Beartas Iomaíochta AE in 2014 — COM(2015) 247 final

ACHOIMRE:

CAD A DHÉANTAR SA TUARASCÁIL?

Sa tuarascáil bhliantúil ar bheartas iomaíochta, cuirtear faisnéis mhionsonraithe ar fáil faoin mbeartas, na dlíthe agus na cinntí is tábhachtaí a ghlac an Coimisiún Eorpach maidir le dlí na hiomaíochta in AE le linn na bliana roimhe sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tugtar achoimre sa tuarascáil seo ar an gcion a rinne an beartas iomaíochta in earnálacha ar leith in 2014.

Tacaíonn beartas iomaíochta le margadh aonair digiteach trí dheis chothrom iomaíochta a áirithiú (i.e., a áirithiú go bhfuil margadh aonair AE oiriúnach don ré dhigiteach) san earnáil seo ar fud AE. Trí fhorfheidhmiú éifeachtach an bheartais iomaíochta, fágtar níos éasca é ag gnólachtaí beaga borradh a bheith fúthu agus rochtain a fháil ar mhargaí in earnálacha atá go mór faoi thionchar gnólachtaí móra. Trí rialacha maidir leis an Státchabhair a chur i bhfeidhm san earnáil leathanbhanda, cuidítear le dea-chumhdach a chur ar fáil ar phraghsanna réasúnta. Mar shampla, le 3 bliana anuas tá luach breis is €10 billiún den Státchabhair i leith leathanbhanda formheasta ag an gCoimisiún Eorpach.

In earnáil an fhuinnimh, cabhraíonn forfheidhmiú rialacha iomaíochta a áirithiú go bhfuil rochtain chothrom, neamh-idirdhealaitheach ar bhonneagar fuinnimh, faigheann sé réidh le bacainní ar chomhtháthú margaidh, agus cothaíonn sé iomaíocht idir tíortha AE agus iontu. Le linn 2014, mar shampla, thionscain an Coimisiún fiosrúchán in earnáil na Státchabhrach i dtaobh bearta náisiúnta chun soláthar leictreachais leordhóthanach a áirithiú (“sásraí toillte” mar a thugtar orthu) lena mheasúnú cibé acu is amhlaidh nó nach ea go ndéanann gnéithe dearaidh áirithe de shásraí toillte an iomaíocht idir soláthraithe leictreachais a shaobhadh nó bac a chur ar thrádáil thar theorainneacha náisiúnta.

I réimse an chánachais, tá sé ina chuspóir ag an gCoimisiún dul i ngleic le saobhadh ionchasach iomaíochta trí bhuntáistí cánach roghnaithe i gcomhair cuideachtaí. Mar shampla, ní hamháin go ndéantar dochar d'iomaitheoirí sa mhargadh de bharr laghduithe mídhleathacha ar an muirear cánach i gcás cuideachtaí roghnaithe, ach déantar dochar do cháiníocóirí freisin. Maidir leis sin, tá an Coimisiún chun athbhreithniú a chur i gcrích ar rialuithe sonracha cánach de chuid thíortha AE, a dhéanfaidh an Coimisiún a mheas ansin lena áirithiú nach bhfaighidh aon chuideachta aonair buntáiste ar leith de bharr leibhéil mhíchothroma cánach a íoc.

Le linn na bliana 2014, ghlac AE Treoir 2014/104/AE maidir le caingne i leith damáistí as sáruithe ar an dlí iomaíochta. Fágfaidh an treoir sin níos éasca é ag saoránaigh agus cuideachtaí Eorpacha cúiteamh éifeachtach a fháil as ucht an dochair a dhéantar de bharr sáruithe iomaíochta amhail cairtéil agus mí-úsáid a bhaint as seasaimh cheannasacha sa mhargadh.

CÚLRA

Tuarascála bliantúla um beartas iomaíochta

GNÍOMH

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Tuarascáil ar Bheartas Iomaíochta 2014 (COM(2015) 247 final, 4.6.2015)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta as sáruithe ar fhorálacha dlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 5.12.2014, lgh. 1-19)

Nuashonraithe 18.01.2016