Státchabhair: cosaint an chomhshaoil agus fuinneamh

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht maidir le Treoirlínte um Státchabhair maidir le cosaint an chomhshaoil agus fuinneamh 2014-2020

CAD IS AIDHM LEIS NA TREOIRLÍNTE?

Rialacha nua is ea iad na treoirlínte seo de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le tacaíocht phoiblí do chosaint an chomhshaoil agus d’fhuinneamh chun cabhrú le foinsí inathnuaite fuinnimh dul isteach sa mhargadh Is é is aidhm leo tacú le tíortha AE a spriocanna aeráide 2020 a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar an saobhadh margaidh a d’fhéadfadh teacht as fóirdheontais a dheonaítear d’fhoinsí fuinnimh inathnuaite.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ar spriocanna 2020 AE áirítear 3 sprioc aeráide, mar a leanas:

Ag bogadh i dtreo comharthaí margaidh

Le blianta beaga anuas, tacaíodh go mór le foinsí fuinnimh inathnuaite trí tharaifí seasta. Spreag sé sin fás inathnuaite sa mheascán fuinnimh* agus chuir sé an tAontas Eorpach ar an mbóthar ceart chun a sprioc inathnuaite 20% a bhaint amach.

Mar sin féin, tá an cineál sin tacaíochta tar éis an earnáil inathnuaite a chosaint ó chomharthaí praghais (a thagann le coinníollacha soláthair agus éilimh faoi ghnáth-imthosca) agus dá dheasca sin tharla saobhadh margaidh. Go sonrach, gineadh leictreachas ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh beag beann ar an éileamh iarbhír margaidh. Go deimhin, sháraigh sé cineálacha eile giniúna a bhraitheann go hiomlán ar phraghas an mhargaidh chun oibriú ar bhonn eacnamaíoch.

De réir mar a aibíonn teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite agus nuair a bhíonn sciar suntasach den mhargadh lena dtáirgeadh, beidh ar an earnáil dul in oiriúint do chomharthaí margaidh (i.e. treochtaí margaidh a léirmhíniú) agus ba cheart go bhfreagródh méideanna cabhrach do chostais táirgthe atá ag titim.

Teorainneacha

Tá sé mar aidhm leis na treoirlínte úra dá bhrí sin tacaíocht Státchabhrach a theorannú go dtí an méid is gá go díreach. Déanfar é sin go páirteach trí ghluaiseacht de réir a chéile ó tharaifí ar sholáthar leictreachais* go próisis tairisceana iomaíocha* chun tacaíocht phoiblí a leithdháileadh. Le Céim phíolótach in 2015 agus 2016 beidh tíortha AE ábalta nósanna imeachta tairisceana iomaíocha a thástáil i sciar beag dá n–acmhainn nua leictreachais.

Bonneagar

Áirítear leis na treoirlínte nua critéir chun tacú le bonneagar fuinnimhfreisin, ag díriú ar thionscadail a fheabhsaíonn sreafaí fuinnimh trasteorann agus a chuireann bonneagar chun cinn i réigiúin bheagfhorbartha AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA DTREOIRLÍNTE?

Tá na treoirlínte i bhfeidhm ón 1 Iúil 2014 agus beidh siad bailí go dtí deireadh 2020.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Meascán fuinnimh: an raon foinsí fuinnimh atá ar fáil.
Taraifí ar sholáthar leictreachais: taraifí faoina n–íoctar praghas costas-bhunaithe leo siúd a ghineann leictreachas don leictreachas inathnuaite a sholáthraíonn siad don eangach fuinnimh — an córas dáilte fuinnimh (lena n–áirítear cáblaí, fostáisiúin, etc.) — atá neamhspleách ar phraghas an mhargaidh.
Próisis tairisceana iomaíocha: gnáthnósanna imeachta soláthair phoiblí d’earnáil an fhuinnimh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le Státchabhair i ndáil le cosaint an chomhshaoil agus fuinneamh 2014-2020 (IO C 200, 28.6.2014, lgh. 1-55)

Nuashonraithe 06.09.2019