Ag cinntiú go dtugtar aird ar rialacha na hiomaíochta i gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta

Tá comhaontuithe ceadúnaithe ina ndéantar iomaíocht a shrianadh contrártha do rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh (AE). Mar sin féin, d’fhéadfadh éifeachtaí dearfacha a bheith ag comhaontuithe dá leithéid a sháraíonn a n-éifeachtaí sriantacha ar iomaíocht. Cruthaítear cinnteacht i rialachán úr um “blocdhíolúine”* agus i dtreoirlínte a bhaineann le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta* maidir lena lán comhaontuithe ceadúnaithe.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 316/2014 ón gCoimisiún an 21 Márta 2014 ar chur chun feidhme Airteagail 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar chatagóirí comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta.

ACHOIMRE

Faoin dlí um maoin intleachtúil, tugtar cearta eisiacha áirithe do shealbhóirí maoine intleachtúla. Tugtar cead dóibh leo seo cosc a chur ar úsáid neamhúdaraithe as a maoin intleachtúil agus dúshaothrú a dhéanamh ar a maoin, go háirithe trí í a cheadúnú le tríú páirtithe. Baineann comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta le ceadúnú teicneolaíochta agus féadfadh siad bheith déthaobhach nó iltaobhach (“comhthiomsuithe paitinní” *).

I Márta 2014, ghlac an Coimisiún Eorpach Rialachán Blocdhíolúine um Aistrithe Teicneolaíochta (TTBER), a cuireadh in ionad théacs 2004. Soiléirítear ann an dóigh a mbaineann dlí iomaíochta AE (sa chás seo, Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) le catagóirí áirithe comhaontuithe ceadúnaithe agus na critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar na comhaontuithe sin. Amhail a réamhtheachtaithe, tá treoirlínte ag gabháil leis ina sholáthraítear treoir maidir le cur i bhfeidhm na rialacha.

Scóip agus díolúintí

Díolmhaítear comhaontuithe ceadúnaithe sa TTBER idir cuideachtaí ag a bhfuil cumhacht teoranta margaidh (i.e. sciar an mhargaidh faoi 20 % le haghaidh comhaontuithe idir iomaitheoirí agus 30 % le haghaidh comhaontuithe idir neamh-iomaitheoirí), agus lena sásaítear coinníollacha áirithe. Meastar nach bhfuil éifeachtaí frithiomaíocha ar bith iontu sin nó, má tá, go sáraíonn na héifeachtaí dearfacha na cinn dhiúltacha agus dá bhrí sin nach sáraíonn siad rialacha AE in aghaidh trustaí.

Ní bhaineann an TTBER ach le comhaontuithe taighde agus forbartha (T &F ) mura bhfuil feidhm ag na rialacháin bhlocdhíolúine shainiúla (BERanna) maidir le comhaontuithe T& F agus maidir le comhaontuithe speisialtóireachta*

Ní bhaineann an TTBER ach le comhaontuithe déthaobhacha; cumhdaítear comhthiomsuithe paitinní sna treoirlínte fosta.

Na príomhathruithe a tugadh isteach:

Cur i bhfeidhm

Ní le comhaontuithe a cuireadh i gcrích i ndiaidh dóibh teacht i bhfeidhm (an 1 Bealtaine 2014) amháin a bhaineann na rialacha úra. B’éigean comhaontuithe faoin gcóras roimhe seo a oiriúnú do na rialacha úra faoin 30 Aibreán 2015.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*Comhaontú aistrithe teicneolaíochta: comhaontú a dhéantar lena rialaítear aistriú scileanna, teicneolaíochta agus teicníochtaí idir dhá pháirtí nó níos mó.

* Blocdhíolúine: faoi na rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún Eorpach catagóirí sainiúla Státchabhrach atá comhoiriúnach leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a dhearbhú má shásaíonn siad coinníollacha áirithe. Déanann sé sin iad a dhíolmhú ón gceanglas maidir le fógra roimh ré agus faomhadh ón gCoimisiún.

* Comhthiomsuithe Paitinní: comhaontú idir 2 úinéirí paitinní nó níos mó maidir le 1 cheann nó níos mó dá bpaitinní a cheadúnú lena chéile nó le tríú páirtithe.

* Comhaontuithe speisialtóireachta: tá sé mar aidhm leo seo comhoibriú a chur chun cinn idir gnóthais sa réimse speisialtóireachta i dtáirgeadh earraí agus i soláthar seirbhísí.

*Srianta díolachán éighníomhach: is éard is díolachán éighníomhach ann nuair a fhreagraíonn páirtí ar iarratais nár lorgaíodh ó chustaiméirí aonair.

*Oibleagáidí um dheonú ar ais: i gcomhaontú ceadúnaithe, d’fhéadfaí a iarraidh ar cheadúnaí gach feabhsúchán (lena n-áirítear an fios gnó gaolmhar a fuarthas) a rinneadh a nochtadh agus a aistriú le linn na tréimhse ceadúnaithe.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 316/2014

1.5.2014

-

IO L 93, 28.3.2014, lgh. 17-23

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún - Treoirlínte maidir le cur chun feidhme Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta (Iris Oifigiúil C 89, 28.3.2014, lgh. 3-50).

Nuashonraithe 29.07.2015