Tá sé mar aidhm leo forbairt a spreagadh trí chaidrimh saorthrádála a bhunú idir an tAontas Eorpach (AE) agus na sé thír lena mbaineann.
Cuimsítear i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (CFDA):
Treoshuíomh ar son na forbraíochta
Táscairí tíreolaíochta
Forbairt inbhuanaithe
Eisceachtaí (maoluithe) ar rialacha tionscnaimh
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/882 ón gCoimisiún maidir leis an maolú ó na rialacha tionscnaimh atá leagtha síos i bPrótacal 1 a ghabhann le CCE CFDA-AE maidir le tuinníní Colgacha ullmhaithe nó caomhnaithe cheannteideal CC 1604, a mhonaraítear as tuinníní Colgacha neamhthionscnaimh faoi Cheannteidil CC 0302 nó 0303, arna dheonú don Namaib laistigh de chuóta bliantúil 800 tona méadrach.
Ag feitheamh ar theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe idir AE agus CFDA ar fad, cuirfear an comhaontú i bhfeidhm go sealadach ón 10 Deireadh Fómhair 2016 i leith idir an tAontas Eorpach agus an Bhotsuáine, Leosóta, an Namaib, an Afraic Theas agus Eswatini mar a tugadh le fios san fhógra (féach na doiciméid ghaolmhara thíos) agus ón 4 Feabhra 2018 i leith idir an tAontas Eorpach agus Mósaimbíc (féach na fógraí ábhartha faoi “doiciméid ghaolmhara” thíos).
Tá Airteagal12(4) fágtha ar lár as an gcur i bhfeidhm sealadach, ina ndéileáiltear le tacaíocht Bhallstáit AE do chomhar forbartha sa CCE CFDA, a raibh feidhm leis cheana féin.
Tá feidhm le Cinneadh (AE) 2016/1623 ón 1 Meitheamh 2016.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Cinneadh (AE) 2016/1623 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stáit CCE CFDA, den pháirt eile (IO L 250, 16.9.2016, lgh. 1-2).
Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus stáit CCE CFDA, den pháirt eile (IO L 250, 16.9.2016, lgh. 3-2120).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/882 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2017 maidir leis na maoluithe ó na rialacha tionscnaimh atá leagtha síos i bPrótacal 1 ghabhann leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stáit CCE CFDA, den pháirt eile (IO L 135, 24.5.2017, lgh. 15-17).
Fógra maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stáit CCE CFDA, de pháirt eile (IO L 38, 10.2.2018, lch. 1).
Fógra maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stáit CCE CFDA, den pháirt eile (IO L 274, 11.10.2016, lch. 1).
Fógra maidir le cur i bhfeidhm san Aontas Eorpach an carnadh dá bhforáiltear faoi mhír 3 agus faoi mhír 7 d’Airteagal 7 de Phrótacal 1 a ghabhann le Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíocht CFDA-AE, Stáit CCE ACC eile agus tíortha agus críocha thar lear an Aontais Eorpaigh (IO C 407, 12.11.2018, lch. 8).
Fógra maidir le liosta na n ábhar de thionscnamh na hAfraice Theas agus nach féidir iad a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach saor ó dhleacht agus saor ó chuóta, nach mbeidh feidhm ag an gcarnadh dá bhforáiltear faoi mhír 2 d’Airteagal 4 de Phrótacal 1 a ghabhann le Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíocht CFDA-AE maidir leo (IO C 407, 12.11.2018, lgh. 5-7).
Nuashonraithe 09.09.2021