Cineálacha éagsúla beart cosanta trádála a chomhcheangal

 

ACHOIMRE AR:

Bearta AE cothroma cosanta comhcheangailte le bearta frithdhumpála nó bearta frith-fhóirdheontais — Rialachán (AE) 2015/477

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Faoin rialachán seo, cuirtear ar chumas an Choimisiúin Eorpaigh glacadh le bearta cosanta* chun tionscal an Aontais Eorpaigh (AE) a chosaint ar iomaíocht éagórach, iomaíocht a bhfuil méadú tobann gan choinne ar allmhairí ina chúis léi.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Is é Rialachán (AE) 2015/77 an leagan códaithe de ghníomh bunaidh (Rialachán (CE) Uimh. 452/2003), agus dá leasuithe comhleanúnacha. Tá sé i bhfeidhm ón 16 Aibreán 2015 ar aghaidh.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bearta frithdhumpála: bearta, e.g. dleachtanna sonracha, a chuirtear i bhfeidhm ar allmhairí “táirgí dumpáilte” isteach in AE, .i. táirgí a allmhairítear isteach in AE ar phraghas atá níos ísle ná an praghas a ghearrtar orthu sa mhargadh intíre, agus a dhéanann dochar don tionscal AE.

Bearta frith-fhóirdheontais: bearta, e.g. dleachtanna frithchúitimh, a fhorchuirtear ag AE ar allmhairí fóirdheontais agus a dhéanann dochar mar sin don tionscal AE a bhfuil an táirge céanna (táirge comhchosúil) á dhéanamh aige.

Bearta cosanta: bearta a thugtar isteach nuair a chinneann an Coimisiún go bhfuil méadú tagtha ar allmhairí táirge áirithe sa mhéid is go bhfuil dochar tromchúiseach á dhéanamh acu do tháirgeoirí AE (nó go bhfuil a leithéid á bagairt acu). Is bearta sealadacha iad (e.g. cuótaí ar allmhairí nó taraif-chuótaí) a chuirtear i bhfeidhm ar allmhairí chun an t-am a thabhairt do tháirgeoirí AE na coigeartuithe riachtanacha struchtúrtha a dhéanamh.

Dleachtanna frithchúitimh: Gearrtar dleachtanna frithchúitimh ar earraí a fuair fóirdheontais rialtais sa tír thionscnaimh nó sa tír allmhairithe, rud a ligeann d’earraí a bheith allmhairithe isteach in AE ar phraghsanna atá i bhfad níos ísle ná a ngnáthluach tráchtála.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2015/477 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le bearta a fhéadfaidh an tAontas a dhéanamh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais agus bearta cosanta (códú) (IO L 83, 27.3.2015, lgh. 11-15)

Nuashonraithe 01.03.2017