An comhaontú idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach, le comhar agus le bainistíocht

Ceapadh an Comhaontú Idirinstitiúideach 2013 chun smacht buiséadach a chur i bhfeidhm agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú an nóis imeachta bhuiséadaigh bhliantúil agus an chomhair idir institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le cúrsaí buiséadacha, agus chun an bhainistíocht fhónta airgeadais a chinntiú.

ACHT

Comhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcomhair buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais.

ACHOIMRE

I mí na Nollag 2013, tugadh an Comhaontú maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcomhair buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (IIA) i gcrích ag Parlaimint na hEorpa, ag an Chomhairle agus ag an Choimisiún.

Glacadh le IIA i gcomhthreo leis an chreat airgeadais ilbhliantúil (MFF) - plean seacht mbliana an AE don tréimhse 2014-20. Is é atá i gceist le MFF ná gealltanais de€ 960 billiún€ 908.4 billiún (gealltanas dlíthiúil chun maoiniú a sholáthar) agus íocaíochtaí de€ 908.4 billiún (an méid airgid a íoctar leis na tairbhithe), thar thréimhse seacht mbliana, curtha in iúl i bpraghsanna tairiseacha na bliana 2011.

Roinntear IIA ina thrí chuid:

Leagtar síos in Iarscríbhinn IIA rialacha mionsonraithe le haghaidh comhair idir institiúidí le linn an nóis imeachta bhuiséadaigh. Cuimsítear sna rialacha seo:

Beidh ar na hinstitiúidí uile teacht ar chomhaontú faoi leasú ar bith a dhéanfar ar an IIA.

An cúlra

Tá tuilleadh faisnéise le fáil anseo thíos:

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Comhaontú Idirinstitiúideach

23.12.2013

-

IO C 373, 20.12.2013

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-20. [Iris Oifigiúil L 347, 20 Nollaig 2013, lgh. 884-891].

Nuashonrú is déanaí: 24.04.2014