Pleanáil spásúil mhuirí ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe agus le fás limistéir mhuirí na hEorpa

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/89/AE lena mbunaítear creat um pleanáil spásúil mhuirí

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos leis an treoir cur chuige coiteann thíortha AE maidir le pleanáil limistéar muirí. Leis sin is féidir le gach tír AE a gníomhaíochtaí muirí féin a phleanáil ach tá an próiseas pleanála seo - cibé acu ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil - níos comhoiriúnaí ar fud AE de dheasca achar ama agus íoschaighdeáin chomhchoiteanna a thabhairt isteach. Leis an gcreat úr féachtar leis an méid seo a leanas a bhaint amach:

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá ann do mhórmhéid éileamh iomaíoch maidir le húsáid agus le forbairt limistéar muirí, amhail turasóireacht, iascaireacht agus dobharshaothrú, asbhaint amhábhar, bealaí iompair muirí, limistéir mhuirí faoi chosaint, etc.). Tá ann freisin do chomhdhúshláin amhail éiceachórais leochaileacha, tionchair an athraithe aeráide agus truailliú.

Féachtar le pleanáil spásúil mhuirí a chur ar chumas na n-údarás muirí gníomhaíochtaí daonna i limistéir mhuirí a eagrú ionas go gcloífear le cuspóirí éagsúla éiceolaíochta, eacnamaíocha agus sóisialta.

Pleananna spásúla muirí

Ceanglaítear leis an treoir ar thíortha AE pleananna spásúla muirí a dhréachtú tráth nach déanaí ná an . Ba cheart dóibh sin gníomhaíochtaí reatha an duine ina n-uiscí muirí a mhapáil agus a bhforbairt spásúil is éifeachtaí don todhchaí a shainaithint.

Ní mór idirghníomhaíochtaí idir an talamh agus an fharraige a mharcáil ar na mapaí sin, mar aon le gnéithe comhshaoil, eacnamaíocha, sóisialta agus sábháilteachta. Ní mór do na Ballstáit AE a áirithiú go mbainidís feidhm as na sonraí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil is fearr atá ar fáil.

Ní mór don phobal agus do pháirtithe leasmhara (amhail soláthróirí fuinnimh agus iompair, grúpaí comhshaoil, srl.) a bheith rannpháirteach sa phróiseas.

Comhar le Ballstáit AE eile agus le tíortha neamh-AE

Ní mór do na Ballstáit AE atá teorainn ar teorainn leis na huiscí muirí céanna comhoibriú lena chéile freisin lena áirithiú go bhfuil na pleananna spásúla muirí comhtháite agus go ndéantar iad a chomhordú thar raon an réigiúin mhuirí lena mbaineann. Má tá teorainn mhuirí ag Ballstáit AE le tír neamh-AE, ba cheart dóibh iarracht a dhéanamh comhoibriú lena chéile.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin .

CÚLRA

Lena straitéis Eoraip 2020, tá iarracht á déanamh ag AE geilleagar cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chruthú faoi 2020. Is cuid ríthábhachtach í an treoir seo d’uaillmhian AE Geilleagar Gorm na hEorpa a fhorbairt.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat maidir le pleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, , lgh. 135-145)

nuashonrú is deireanaí