Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe atá i seilbh ag an Chomhairle
Leagtar amach sa chomhaontú seo idir an dá institiúid an chaoi ar ceart faisnéis íogair nó rúnaicmithe a rochtain nó a láimhseáil, faisnéis a roinneann an Chomhairle leis an Pharlaimint.
ACHT
Comhaontú Idirinstitiúideach an 12 Márta 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus a láimhseáil aici atá i seilbh ag an gComhairle i ndáil le cúrsaí nach cúrsaí iad a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála.
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN COMHAONTÚ?
Leagtar amach sa téacs rochtain ar an fhaisnéis rúnaicmithe a fhaigheann Parlaimint na hEorpa (PE) ón Chomhairle agus láimhseáil na faisnéise sin. Bíonn feidhm ag an chomhaontú i gcásanna ina mbíonn PE ina comhreachtóir, nó nuair is gá dul i gcomhairle le PE nó toiliú a fháil uaithi. Cuimsítear sa chomhaontú na comhaontuithe idirnáisiúnta nach mbaineann go heisiach le comhbheartas eachtrach agus slándála AE, le gníomhaíochtaí, le tuarascálacha measúnaithe ná le doiciméid eile a gcuirfear PE ar an eolas fúthu, ná le doiciméid faoi ghníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí AE a ghlacann PE páirt i measúnú nó i ngrinnscrúdú orthu.
PRÍOMHPHOINTÍ
Sainítear sa chomhaontú faisnéis rúnaicmithe AE a bhfuil ceann de na comharthaí rúnaicmithe slándála seo a leanas curtha léi:
Baineann sé chomh maith le faisnéis rúnaicmithe ó Bhallstát AE nó ó thír neamh-AE nó ó eagraíocht idirnáisiúnta, faisnéis lena mbaineann aicmiú slándála arb ionann é agus ceann de na haicmithe thuas.
Bíonn feidhm ag coinníollacha áirithe:
CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN CHOMHAONTÚ
Síníodh an comhaontú an 12 Márta 2014 agus cuireadh i bhfeidhm é an 1 Aibreán 2014.
AN CÚLRA
Buíochas leis an chomhaontú, cinntítear go ndéantar an fhaisnéis rúnaicmithe, a theastaíonn ó PE chun a cuid dualgas a chur i gcrích, a láimhseáil ar bhealach daingean freagrach agus de réir na rialacha slándála reatha. Ina theannta sin, cinntítear go gcaitear go comhionann le faisnéis rúnaicmithe thar raon na n-institiúidí AE.
TAGAIRTÍ
|
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
|
1.4.2014 |
- |
IO C 95, 1.4.2014 |
ACHTANNA GAOLMHARA
Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2013 maidir leis na rialacha lena rialaítear an chaoi a chaitheann Parlaimint na hEorpa le faisnéis rúnda (Iris Oifigiúil C 96, an 1 Aibreán 2014, lch. 1).
Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 6 Meitheamh 2011 maidir leis na rialacha lena rialaítear an chaoi a chaitheann Parlaimint na hEorpa le faisnéis rúnda (Iris Oifigiúil C 190, an 30 Meitheamh 2011, lch. 2).
23.09.2014