An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde (2014-20)

Bunaítear leis an gCinneadh cur chun feidhme seo ón gCoimisiún an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde (REA). Tá sí suite sa Bhruiséil. Tá sé mar aidhm aici éifeachtúlacht agus tionchar chláir um thaighde agus um nuálaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) a uasmhéadú.

GNÍOMH

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/778/AE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/46/CE.

ACHOIMRE

Comhordaíonn REA gairmeacha do thograí tionscadail, áirithíonn sí a meastóireacht agus déanann sí comhthadaill le tairbhithe deontas ina dhiaidh. Bainistíonn sí roinnt mhaith de thionscadail thaighde is nuálaíochta fhís 2020, chomh maith le cuid de na tionscadail leanúnacha arna gcistiú faoi chreatchlár 7 (FP7). Ina theannta sin cuireann sí tacaíocht riaracháin agus lóistíochta ar fáil do ranna eile sa Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin a bhainistíonn Fís 2020, do thionscadail FP7 agus do chláir eile.

Áirítear ar phríomthascanna REA:

Bainistíonn REA tionscadail sna réimsí seo a leanas de chuid Fhís 2020:

Cuireann REA rannchuidiú praiticiúil ar fail chun spriocanna an Aontais Nuálaíochta, tionscnamh suaitheanta atá mar chuid d’Eoraip 2020, stráitéis dhomhanda AE d'fhás agus d’iomaíochas.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cinneadh 2013/778/AE

21.12.2013

-

IO L 346, 20.12.2013, lgh. 54-57

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin a mbeidh cúram orthu maidir le tascanna áirithe i mbainistíocht chláir an Chomhphobail (Iris Oifigiúil L 11, 16.1.2003, lgh. 1-8).

Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún maidir le gnáthrialachán airgeadais caighdeánach do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin a mbeidh cúram orthu maidir le tascanna áirithe i mbainistíocht chláir an Chomhphobail (Iris Oifigiúil L 297, 22.9.2004, lgh. 6-16).

Nuashonrú is déanaí: 06.11.2014