Rialacha Nós Imeachta an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí

Ó 2004 i leith, d’fhás an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ó chomhlacht beag a raibh dhá bhall foirne agus rúnaí amháin ann go dtí comhlacht a bhfuil breis is 50 nduine ag obair ann anois. Atheagraíodh an institiúid sa bhliain 2010, agus teacht in aois a bhí i gceist di nuair a glacadh le Rialacha Nós Imeachta sa bhliain 2012.

ACHT

Cinneadh Uimh. 2013/504/AE ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh.

ACHOIMRE

Is údarás neamhspleách maoirseachta an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) a chinntíonn go mbíonn meas ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Aontais Eorpaigh (AE) ar shonraí pearsanta agus ar phríobháideacht. Leagtar amach a chumhachtaí i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an AE agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. Tá 3 phríomhról aige:

Ghlac MECS le Rialacha Nós Imeachta sa bhliain 2012. Athluaitear sna rialacha seo a lán de na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus leagtar síos iontu chomh maith rialacha mionsonraithe maidir leis na nithe seo a leanas: próisis inmheánacha chinnteoireachta, róil na maoirseoirí agus an bhoird bainistíochta, eagrú agus oibriú na rúnaíochta, beartú, riarachán inmheánach agus oscailteacht agus trédhearcacht na hinstitiúide.

Cúlra

Ó bunaíodh MECS sa bhliain 2004, tháinig mórathruithe ar an chomhthéacs dlíthiúil, eacnamaíoch agus teicneolaíochta. Leagadh síos an chosaint sonraí mar phrionsabal ginearálta dhlí an AE i gConradh Liospóin, agus cuireadh béim le roinnt cinntí i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an tábhacht a bhaineann le cosaint príobháideachta agus le cosaint sonraí mar bhunchuid phróiseas cinnteoireachta an AE.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2013/504/AE

18.12.2012

-

IO L 273, 15.10.2013, lch. 40

ACHT GAOLMHAR

Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlemaidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den[Iris Oifigiúil L 8, 12.1.2001, lch. 1]. chineál sin[Iris Oifigiúil L 8, 12.1.2001, lch. 1].

Nuashonrú is déanaí: 27.06.2014