Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde (2014-24)

Díríonn anChomhairle Eorpach um Thaighde (ERC) ar thaighde i réimsí úra agus éiritheacha, dá dtagraítear uaireanta mar thaighde ar thús cadhnaíochta. Féadfaidh an taighde seo a bheith idirdhisciplíneach agus cuir chuige neamhghnácha a bheith i gceist leis. Bunaítear leis an gcinneadh cur chun feidhme seo ón gCoimisiún Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERCEA) lena gcuirtear chun feidhme clár na Gníomhaireachta.

GNÍOMH

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/779/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/37/CE.

ACHOIMRE

Is gníomhaireacht í Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERCEA) a bhainistíonn gníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC).

Oibríonn ERC mar chomhlacht eolaíocht-bhunaithe féinrialaithe a chuireann taighde beag beann ar theorainneacha den scoth chun cinn. Déanann sí é sin trí chistiú iomaíoch do shármhaitheas eolaíochta a chur ar fáil sna réimsí taighde nua agus is mó dúshláin a thagann faoi raon feidhme Fhís 2020.

Tá sé de chúram ag ERCEA:

Struchtúr

Comhairle Eolaíoch neamhspleách agus sainstruchtúr cur chun feidhme i bhfoirm Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde atá in ERCEA.

Fís 2020

Tá clár ERC ar cheann de phríomhghnéithe Fhís 2020. Tá sé mar aidhm ag an gclár dul chun cinn bunúsach a bhaint amach i dtreo na teorann eolais agus níos faide. Trí dheontais ERC a bhronnadh, tá sé mar aidhm ag AE fionnachtana eolaíochta agus teicneolaíochta nua agus nach mbeifí ag súil leo a ghiniúint, agus beidh na fionnachtana sin mar bhunús do nuálaíochtaí amach anseo.

Tairbhithe féideartha

Tá gníomhaíochtaí ERC ar oscailt do thaighdeoirí de náisiúntacht ar bith agus ag aon staid ina ngairm a bhfuil sé mar aidhm acu a gcuid taighde a dhéanamh i dtír ar bith den Aontas Eorpach nó in aon tír chomhlachaithe (tíortha a bhfuil comhaontuithe sínithe acu leis an Aontas Eorpach). Ní gá do phríomhthaighdeoirí ERC a bheith suite go lán-aimseartha san Eoraip. Áirithítear mar seo go bhfuil AE ag lorg taighdeoirí éirimiúla ó lasmuigh den Aontas Eorpach a mhealladh chomh maith le tacaíocht a thabhairt do na taighdeoirí is cliste san Eoraip.

Cur chun feidhme an Chláir

Murab ionann is cláir eile a thagann faoi réimse Fhís 2020, is í Comhairle Eolaíochta ERC a bhunaíonn an straitéis eolaíochta fhoriomlán agus is ag an gComhairle atá an t-údarás ar chinntí faoin gcineál taighde is ceart a chistiú.

Tá taithí chruthaithe ag ERCEA maidir le gníomhaíochtaí cosúla ERC faoin seachtú creatchlár um thaighde, um fhorbairt theicniúil agus um ghníomhaíochtaí taispeántais (2007-13) a bhainistiú. Mar a léiríodh san athbhreithniú seachtrach agus san anailís costais is tairbhe a rinne an Coimisiún Eorpach, áiritheoidh ERCEA bainistíocht chláir ar ardchaighdeán do ghníomhaíochtaí ERC faoi Fhís 2020.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cinneadh 2013/779/AE

21.12.2013

1.1.2014

IO L 346, 20.12.2013, lgh. 58-60

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh C(2013)8915 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Chomhairle Eorpach um Thaighde (Iris Oifigiúil C 373, 20.12.2013, lgh. 23-26).

Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht chun cúraim áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le bainistíocht chláir an Chomhphobail (Iris Oifigiúil L 11, 16.1.2003, lgh. 1-8).

Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán bunúsach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 lena leagtar síos an reacht chun cúraim áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le bainistíocht chláir an Chomhphobail (Iris Oifigiúil L 297, 22.9.2004, lgh. 6-16).

06.11.2014