AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.2.2023
COM(2023) 103 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An comhbheartas iascaigh inniu agus amárach: Comhshocrú Iascaigh agus Aigéan i dtreo bainistiú iascaigh atá inbhuanaithe, eolaíochtbhunaithe, nuálach agus cuimsitheach
{SWD(2023) 103 final}
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An comhbheartas iascaigh inniu agus amárach: Comhshocrú Iascaigh agus Aigéan i dtreo bainistiú iascaigh atá inbhuanaithe, eolaíochtbhunaithe, nuálach agus cuimsitheach
1.Réamhrá
Is é sprioc an chomhbheartais iascaigh (CBI) inbhuanaitheacht fhadtéarmach le haghaidh an iascaigh agus an dobharshaothraithe, infhaighteacht na soláthairtí bia agus caighdeán cóir maireachtála le haghaidh pobail iascaigh agus dobharshaothraithe a áirithiú. Áirítear leis sin gach duine a bhfuil baint acu leis an slabhra luacha ina iomláine, chun creatlach shocheacnamaíoch na bpobal cósta a chaomhnú.
Trí chuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a chomhcheangal, ba é CBI réamhtheachtaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus a straitéisí gaolmhara. Dá réir sin, leis an gComhaontú Glas don Eoraip, neartaíodh cur chuige CBI, inar cuireadh i dtábhacht rannchuidiú triarach an iascaigh agus an dobharshaothraithe le geilleagar agus le fostaíocht na réigiún cósta, le slándáil bia san Aontas agus le cosaint na muirthimpeallachta.
Sa lá atá inniu ann, is iomaí dúshlán casta atá roimh ár bhfarraigí agus a mbithéagsúlacht shaibhir ar a mbraitheann an chreatlach shocheacnamaíoch. Tá aghaidh á tabhairt acu ar éifeachtaí gníomhaíochtaí muirí, an truaillithe (e.g. saibhriú cothaitheach agus éilleáin, bruscar muirí, lena n-áirítear plaistigh agus micreaphlaistigh, torann faoi uisce, etc.), agus an athraithe aeráide (amhail leathadh speiceas neamhdhúchasach). Ní mór do CBI agus don earnáil iascaigh a gcion féin a dhéanamh, ach ní féidir leo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin ina n-aonar. Tá sé chomh fíor-riachtanach céanna dul i ngleic leis an tionchar atá ag brúnna daonna ar an muirthimpeallacht, brúnna nach brúnna iascaigh iad, agus éascú a dhéanamh ar athchóiriú na n-aigéan sláintiúil ar a mbraitheann iascairí agus pobail chósta an Aontais.
Chuige sin, tá gá le cur chuige comhtháite atá comhleanúnach le réimsí beartais eile, amhail beartais chomhshaoil, talmhaíochta agus fuinnimh. I ndáil leis sin, is den ríthábhacht cur chun feidhme gach snáithe den Chomhaontú Glas don Eoraip, agus go háirithe gach snáithe den ‘Phlean um Thruailliú Nialasach’. Mar shampla, i Muir Bhailt, bhí tionchar tromchúiseach ag an eotrófú agus ag truailliú ar inbhuanaitheacht na muirthimpeallachta, lena n-áirítear stoic éisc. Is léir nach leor bearta bainistithe iascaigh amháin chun feabhas a chur ar an staid. Dá bhrí sin, tá páirtithe leasmhara ar fud na réimsí beartais ag teacht le chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna, mar a léirítear le síniú an dearbhaithe ‘Ár Muir Bhailt’. Sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, is ábhar mór imní iad éifeachtaí diúltacha an truaillithe ar an muirthimpeallacht. I ndáil leis sin, forbróidh an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) straitéis oiriúnaithe réigiúnach chun déileáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca an truaillithe, lena n-áirítear truailliú plaisteach, torann faoi uisce, trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile, chomh maith le cothaithigh agus éilleáin.
Is é is cuspóir don Teachtaireacht seo tuairisciú a dhéanamh ar fheidhmiú CBI, dá bhforáiltear in Airteagal 49 de Rialachán CBI, agus fís agus bealach i dtreo iascach inbhuanaithe athléimneach a leagan amach don todhchaí. Comhlánaíonn sé an plean gníomhaíochta maidir le cosaint agus athchóiriú na n-éiceachóras muirí le haghaidh iascach inbhuanaithe athléimneach (dá ngairtear an plean gníomhaíochta muirí anseo feasta) agus an Teachtaireacht maidir le hAistriú Fuinnimh earnáil Iascaigh agus Dobharshaothraithe an Aontais (dá ngairtear tionscnamh an aistrithe fuinnimh anseo feasta), ina sainaithnítear na gníomhaíochtaí nithiúla is gá chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha iascaigh, chomhshaoil agus aeráide agus ina dtugtar tosaíocht dóibh. Ina theannta sin, soláthraítear measúnú cuimsitheach ar chomheagrú na margaí (CEM) i dtuarascáil spriocdhírithe.
Ba cheart an Teachtaireacht seo a léamh in éineacht leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi, ina dtugtar léargas níos mionsonraithe ar staid reatha chur chun feidhme CBI, lena bhforbraítear ar phróiseas forleathan comhairliúcháin a rinneadh ó bhí mí na Nollag 2021 ann, ar staidéir éagsúla, ar rúin ó Pharlaimint na hEorpa, agus ar ionchuir ón gComhairle agus ó na Ballstáit.
2.Daoine a chumhachtú i bpobail iascaireachta agus dobharshaothraithe
Is gairmeacha iad an iascaireacht agus an dobharshaothrú a bhfuil traidisiún fada acu atá fréamhaithe go domhain in oidhreacht chultúrtha na hEorpa. De réir na Tuarascála Eacnamaíche Bliantúla maidir le Cabhlach Iascaireachta an Aontais Eorpaigh, in 2020 bhí breis agus 124 630 iascaire fostaithe in iascaigh thráchtála an Aontais, rud atá coibhéiseach le 82 272 choibhéis lánaimseartha (FTE). De réir na Tuarascála Eacnamaíche is déanaí maidir le dobharshaothrú an Aontais, in 2018 measadh gurb é 69 000 agus 39 000 an líon fostaithe agus an líon FTEnna, faoi seach, in earnáil dobharshaothraithe an Aontais. Cuidíonn an t-iascach agus an dobharshaothrú araon le réimse leathan bia a chinntiú agus cuireann siad fostaíocht ar fáil i roinnt mhaith pobal cósta. Dá bhrí sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghné shóisialta an bheartais.
Aithnítear sa straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ an nasc láidir idir daoine sláintiúla, sochaithe sláintiúla agus pláinéad sláintiúil agus an gá atá ann slí bheatha na bpríomhtháirgeoirí a áirithiú chun aistriú go rathúil chuig córas bia inbhuanaithe de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, is ar úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní uisceacha a bhraitheann soláthar post inbhuanaithe d’iascairí agus do tháirgeoirí dobharshaothraithe agus do gach duine a bhfuil baint acu leis an slabhra luacha. Is gá anailís chomhtháite a dhéanamh ar an ngné shóisialta d’iascach an Aontais, ionas gur féidir le lucht ceaptha beartas sonraí maidir le fostaíocht, inscne, gairmoiliúint nó maidir le spleáchas daoine ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a chur san áireamh ar bhealach níos éifeachtaí agus bearta caomhnúcháin á moladh acu i mbainistiú iascaigh.
Tá athnuachan glúine ríthábhachtach má theastaíonn uainn a chinntiú go mbeidh todhchaí inmharthana ag earnáil iascaireachta, dobharshaothraithe agus próiseála an Aontais agus ag pobail chósta. Mar sin féin, ní féidir leis sin tarlú ach amháin má mheastar go bhfuil an earnáil tarraingteach, má chuirtear feabhas ar dhálaí oibre deacra tríd an nuálaíocht, má choinnítear an mhuirthimpeallacht bithéagsúil, glan agus sláintiúil, agus má thugann ár sochaithe aitheantas d’iascairí agus do tháirgeoirí dobharshaothraithe as a ngairmiúlacht agus as an tseirbhís a chuireann siad ar fáil. Ní mór an t-iascach a chur chun cinn mar rogha tharraingteach ó thaobh gairme de, ina mbreathnaítear ar iascairí mar ‘mhaoir na farraige’. Ba cheart a chur i dtábhacht freisin an deis slí mhaireachtála amuigh faoin aer a bheith agat nó na deiseanna le haghaidh socruithe nuálacha oibre, amhail táirgeadh a nascadh le díolacháin dhíreacha nó le turasóireacht. Ar an gcaoi chéanna, tá sé ríthábhachtach an t-aitheantas a thugtar do ról tábhachtach na mban ar fud shlabhra luacha bhia mara an Aontais a fheabhsú agus a mhéadú, idir ghiniúint an rachmais agus na fostaíochta agus úsáid agus caomhnú inbhuanaithe na n-acmhainní uisceacha.
Soláthraítear le CBI uirlisí lenar féidir feabhas a chur ar tharraingteacht na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe mar ghairm bheatha. Mar shampla, áirithítear le bainistiú iascaigh inbhuanaithe infhaighteacht fhadtéarmach na stoc éisc folláin, rud atá ina réamhchoinníoll le haghaidh cobhsaíocht ghnó. Tugtar ról tábhachtach d’eagraíochtaí táirgeoirí in CBI freisin, rud a ligeann dóibh agus dá gcomhaltaí gníomhaíochtaí saincheaptha a fhorbairt agus áit na n-oibreoirí sa slabhra luacha foriomlán a neartú. Ina theannta sin, leis an mbreithniú ar thionchair shocheacnamaíocha i gcinntí bainistíochta, ceadaítear caighdeán cóir maireachtála dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta. Le buiséad an Aontais, go háirithe an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) agus a fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, cuirtear tacaíocht shuntasach airgeadais ar fáil chun sábháilteacht agus dálaí oibre a fheabhsú, scileanna a fhorbairt, eolas a roinnt agus an earnáil a dhéanamh níos athléimní ar an iomlán.
Tá ról ag beartais eile an Aontais i dtaca le tarraingteacht na hearnála a choinneáil ar bun agus, ar an gcaoi sin, todhchaí rathúil a áirithiú do phobail iascaireachta agus dobharshaothraithe na hEorpa. Lasmuigh de CBI, leanann reachtaíocht an Aontais caighdeáin idirnáisiúnta uaillmhianacha maidir le sábháilteacht agus dálaí oibre in earnáil an iascaigh, lena n-áirítear oiliúint le haghaidh criúnna iascaireachta
; iarrachtaí chun sclábhaíocht nua-aimseartha, iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe (NNN) a dhíothú agus forbairt caighdeán sóisialta a chur chun cinn ar fud an domhain. Leis na hiarrachtaí sin, cothaítear an comhar idirnáisiúnta agus cuirtear le cothrom iomaíochta domhanda agus le hiomaíocht chóir le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Ina theannta sin, cuirtear chun cinn leo leibhéal ard uaillmhéine le haghaidh fhorbairt inbhuanaithe na margaí iascaigh agus dobharshaothraithe i gcomhaontuithe saorthrádála.
Cuireann gach gníomhaí sa réimse le brabúsacht agus le tarraingteacht na ngníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe. Ní mór don earnáil úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil chun athrú a dhéanamh trí nuálaíocht, infheistíocht, comhar agus éagsúlú. Go háirithe, trí scileanna a uasghrádú tríd an bhfoghlaim tosaigh agus tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, chomh maith le hoiliúint, de réir na gcuspóirí a leagtar amach i gcomhthéacs Bhliain Eorpach na Scileanna, beidh iascairí agus feirmeoirí dobharshaothraithe níos éifeachtúla agus níos athléimní, agus ní bheidh siad chomh neamhchosanta céanna ar rioscaí timpistí. Tá sé ríthábhachtach an earnáil a nua-aoisiú agus í a oscailt do sheirbhís shóisialta níos leithne chun a tarraingteacht a mhéadú, go háirithe don ghlúin óg.
|
Maidir leis an gCoimisiún:
-Idir earrach 2023 agus samhradh 2024, déanfaidh sé tionscadal fadbhreathnaitheachta rannpháirtíochta uile-Aontais maidir le ‘Iascairí na Todhchaí’ chun ról tábhachtach na n-iascairí sa tsochaí a thuar, sa bhreis ar sholáthar an bhia mara ar ardchaighdeán a bhfuil lorg carbóin measartha íseal aige. Ar bhonn na n-agallamh cáilíochtúla ar an láthair, sainaithneofar sa tionscadal na treochtaí, na deiseanna agus na bagairtí lena gcinntear tarraingteacht na hearnála iascaireachta. Go háirithe, tabharfar aghaidh ar an méid seo a leanas sa tionscadal:
ona tosca agus na treochtaí a mbíonn tionchar acu ar inbhuanaitheacht agus ar bhrabúsacht fhadtéarmach na hearnála iascaireachta agus ar dhea-bhail na bpobal iascaireachta (e.g. tionchair an athraithe aeráide, cailliúint agus truailliú na bithéagsúlachta, an t-aistriú glas agus digiteach, scileanna, lucht saothair atá ag dul in aois, forbairtí margaidh agus trádála),
oaitheantas agus ról na n-iascairí lasmuigh dá bpríomhghnó, go háirithe i gcaomhnú agus in athchóiriú na muirthimpeallachta, i dturasóireacht chomhshaoil agus i bhforbairt áitiúil na limistéar cósta,
ona dúshláin agus na deiseanna a eascraíonn as an gcomhar agus as na sineirgí idir iascairí agus páirtithe leasmhara muirí eile, go háirithe maidir le pleanáil spásúil mhuirí, imscaradh an fhuinnimh in-athnuaite, eagrú shlabhra soláthair an bhia mara, an geilleagar ciorclach, agus éagsúlú i gcomhthéacs níos leithne an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe.
Cuirfidh torthaí an tionscadail le ceapadh beartais amach anseo, chomh maith le forbairt straitéis ghnó na hearnála iascaireachta.
-Iarrann sé ar na Ballstáit úsáid a bhaint as an gcur chuige ó bhun aníos ó 2023 ar aghaidh, ar cur chuige é lena gcuirfear ar a gcumas do phobail iascaireachta áitiúla aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar riachtanais shóisialta trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail faoi chláir CEMID 2021-2027.
-Iarrann sé ar an bpobal eolaíochta, agus go háirithe ar an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF), na táscairí sóisialta atá le húsáid san anailís ar thuarascálacha socheacnamaíocha a fhorbairt a thuilleadh. Cuirfidh sé sin leis na tograí a bheidh ann amach anseo le haghaidh bearta bainistithe agus caomhnúcháin iascaigh, chomh maith le feabhas a chur ar an measúnú ar thionchair shóisialta agus fostaíochta na mbeart sin. Beidh sé ina chuidiú freisin nuair a bheifear ag déanamh amach cén chaoi na hacmhainní agus na hinfheistíochtaí is gá a chlársceidealú chun tarraingteacht na hearnála a chothú.
-Déanfaidh sé a mhachnamh ar threoir a mholadh, tar éis ghlacadh an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta athbhreithnithe maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Phearsanra Soithí Iascaireachta (STCW-F), chun a áirithiú go ndéanfar é a thrasuí i gceart i ndlíchóras an Aontais agus cuideoidh sé leis na Ballstáit dlús a chur le daingniú choinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO).
|
3.Ag rannchuidiú le cosaint an phláinéid
Le CBI, tá creat reachtach cobhsaí le haghaidh bainistiú iascaigh bunaithe ag an Aontas. Le 50 bliain anuas, bhí sé ina bhonn d’fhorbairt na n-ardchaighdeán chun beo-acmhainní na mara a chaomhnú agus a bhainistiú, chomh maith le rannchuidiú a dhéanamh le cosaint na muirthimpeallachta.
Leagtar amach cuspóirí soiléire in CBI chun na stoic éisc a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe. In CBI, bunaítear an chinnteoireacht ar chomhairle eolaíoch láidir a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena mbailítear raon leathan sonraí agus lena ndéantar foráil maidir le hacmhainneachtaí samhaltaithe níos fearr a rannchuidíonn le tograí maidir le deiseanna iascaireachta. Le bainistiú cabhlaigh déantar foráil maidir le cothromaíocht fhadtéarmach idir acmhainneacht iascaireachta agus deiseanna iascaireachta. Tá dlúthbhaint ag na Ballstáit agus ag na páirtithe leasmhara le bainistiú iascaigh, agus tá an chinnteoireacht bunaithe ar ghnéithe réigiúnacha agus ar shaintréithe sonracha. Treisítear an beartas le córas láidir rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe lena n-áirítear an comhrac i gcoinne gníomhaíochtaí iascaireachta NNN tríd an Rialachán um Rialú
agus tríd an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN
; agus ag an am céanna, le CEMID, spreagtar baint amach na gcuspóirí beartais agus tugtar tacaíocht airgeadais di.
Agus deich mbliana ann ó cuireadh chun feidhme CBI athchóirithe, feicimid dul chun cinn nithiúil i dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe. Rannchuidigh iascairí, an tsochaí shibhialta agus na Ballstáit le roinnt mhaith stoc éisc criticiúil a atógáil, amhail colmóir sa Mhuir Ibéarach agus san Atlantach agus an doingean mara agus chuidigh siad le stop a chur le meath na stoc sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh. An tráth céanna, is gá tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh agus dlús a chur leis an uaillmhian chun cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil CBI a bhaint amach ina n-iomláine.
Éiceachórais agus acmhainní muirí a chosaint
Leanann gníomhaíochtaí iascaireachta de dhochar a dhéanamh d’éiceachórais mhuirí, go háirithe trí shuaitheadh ghrinneall na farraige, trí fhoghabháil speiceas íogair agus trí éifeachtaí ar bhia-eangaí muirí. Na héifeachtaí sin, a dtugtar aghaidh orthu go mion sa phlean gníomhaíochta muirí, comhcheanglaítear iad le héifeachtaí an athraithe aeráide agus le brúnna eile ó ghníomhaíochtaí daonna. An tráth céanna, i dtaca le stádas lag na n-éiceachóras muirí, is bagairt dhíreach é freisin ar inbhuanaitheacht na n-acmhainní iascaigh agus an dobharshaothraithe agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, agus ar dhea-bhail na bpobal a bhíonn ag brath orthu freisin.
Le hathruithe i staid na n-éiceachóras, déantar difear do tháirgiúlacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach na stoc éisc agus méadaítear suaití gearrthéarmacha, amhail tonnta teasa aigéin, aigéadú na n-aigéan, fadhbanna síolraithe, bláis algacha tocsaineacha, paraisítí nó ganntanais ocsaigine. D’fhéadfadh na hathruithe agus na suaití sin a bheith ina gcúis le cliseach líon na n-iasc nó iallach a chur orthu bogadh go dtí uiscí an tuaiscirt, atá níos doimhne agus níos fuaire, go minic i gcríoch lasmuigh den Aontas. Ina theannta sin, bíonn tionchar diúltach ag plaisteach, micreaphlaisteach agus truailliú eile ó ghníomhaíochtaí daonna ar muir agus ar talamh (e.g. talmhaíocht, iascach, tionscal, loingseoireacht, fuíolluisce) ar éiceachórais mhuirí agus, dá réir sin, ar ghníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe. Ní fhacthas a leithéid riamh roimhe seo ó thaobh mhéid éifeachtaí comhcheangailte na ndúshlán sin. I ngeall ar na neamhchinnteachtaí atá ann de dheasca dálaí aeráide amach anseo agus ar an ngá atá ann tuilleadh taighde a dhéanamh, is deacair iad a mheas agus a thuiscint go hiomlán, rud a chuireann leis an staid.
Chomh maith le dul i ngleic leis na brúnna nach mbaineann leis an iascach ar an muirthimpeallacht, is gá CBI a chur chun feidhme go hiomlán agus go láidir chun aghaidh éifeachtach a thabhairt ar na dúshláin sin, go háirithe trí bhailiú agus eolaíocht sonraí a neartú, trí leanúint den iarracht cinnteoireacht fhianaisebhunaithe a bhaint amach agus trí rialú agus forfheidhmiú comhleanúnach agus éifeachtach a áirithiú. Thairis sin, mar a léirítear sa phlean gníomhaíochta muirí, ciallaíonn sé tosaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí is ábhartha chun tionchar na n-iascach ar an muirthimpeallacht a laghdú. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar an méid seo a leanas:
·An ‘uastáirgeacht inbhuanaithe’ a bhaint amach
Le prionsabal ‘na huastáirgeachta inbhuanaithe’ (MSY
), glacadh cuspóir oibríochtúil, intomhaiste agus eolaíochtbhunaithe maidir le bainistiú iascaigh in CBI. Is féidir na tionchair dhiúltacha ar éiceachórais mhuirí a laghdú, brabúsacht cabhlaigh a mhéadú agus astaíochtaí carbóin na gcabhlach iascaireachta a laghdú trí stoic a atógáil go leibhéil na huastáirgeachta inbhuanaithe agus os a gcionn. Tá an tAontas tiomanta freisin don uastáirgeacht inbhuanaithe i gcomhaontuithe idirnáisiúnta, amhail spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. I limistéir inar cuireadh chun feidhme í, théarnaigh na stoic agus tháinig méadú ar ghabhálacha agus ar ioncaim, agus tháinig laghdú ar na tionchair dhiúltacha ar an muirthimpeallacht. Le blianta beaga anuas, tá níos mó agus níos mó stoc tar éis leibhéil inbhuanaithe a bhaint amach, agus bhí torthaí an-mhaith san Atlantach Thoir Thuaidh. Mar sin féin, is gá iarrachtaí breise a dhéanamh. Sa Mheánmhuir, tá an staid fós ina hábhar imní agus tá feabhsuithe rómhall, agus bhí aisiompú ar fheabhsuithe a rinneadh le déanaí i Muir Bhailt i ngeall ar bhrúnna eile ar an gcomhshaol agus ar éiceachórais mhuirí
. Tá sé ríthábhachtach leanúint den obair chun stoic éisc a atógáil agus a choinneáil os cionn leibhéil na huastáirgeachta inbhuanaithe, agus dlús a chur leis an obair sin.
·An cur chuige bunaithe ar éiceachórais a neartú trí eolaíocht níos fearr
Cuirtear tús le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil atá roimh na héiceachórais mhuirí, roimh an iascach agus roimh an dobharshaothrú le hobair an phobail eolaíochta. Leis an eolaíocht, cuirtear ar a chumas do lucht ceaptha beartas cinntí eolasacha a dhéanamh agus an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh agus dobharshaothraithe a chur chun feidhme go hiomlán, ar ceann de phríomhphrionsabail CBI é. Ciallaíonn sé sin nach mór na cineálacha éagsúla tionchar daonna agus córas bainistíochta ar úsáid acmhainní nádúrtha agus ar an muirthimpeallacht, agus, a mhalairt, tionchair staid na n-acmhainní nádúrtha ar earnáil an iascaigh a chur san áireamh.
Chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach úsáid na n-acmhainní muirí a bhaint amach, lena n-áirítear ó thaobh na socheacnamaíochta de, ní mór don chomhairle eolaíoch ar a mbunaítear cinntí bainistíochta castacht iomlán na n-éiceachóras muirí a léiriú, chomh maith le tionchar carnach na mbrúnna agus na mbeart maolaithe. Dá bhrí sin, is gá leanúint de na hiarrachtaí chun an t-eolas agus na sonraí a fheabhsú, ionas gur féidir comhthéacs iomlán na n-éiceachóras muirí a chur san áireamh sa chomhairle eolaíoch. Cuirfear an méid sin san áireamh sa mhachnamh a dhéanfar maidir le cé acu an ndéanfar nó nach ndéanfar an líon stoc a bhainistítear faoi chuótaí ilbhliantúla a mhéadú.
Tá bonn fianaise an bheartais á neartú i gcónaí le bailiú sonraí feabhsaithe. Chuir an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) na breithnithe éiceachórais san áireamh ina comhairle eolaíoch cheana féin. Mar shampla, tugann sé forléargais éiceachórais
le haghaidh gach éiciréigiúin
.
·Rialú agus forfheidhmiú éifeachtach ar iascach tráchtála agus áineasa
Chun cuspóirí inbhuanaitheachta CBI a bhaint amach, tá sé tábhachtach aird a thabhairt ar thionchair na ngníomhaíochtaí uile, idir ghníomhaíochtaí tráchtála agus ghníomhaíochtaí áineasa, agus rialú agus forfheidhmiú éifeachtach ag na Ballstáit a áirithiú. Leagtar amach sa Rialachán um Rialú rialacha mionsonraithe, go háirithe rialacha le haghaidh na gcabhlach tráchtála. Ní leagtar amach an oiread céanna rialacha le haghaidh an iascaigh áineasa.
In CBI, tagraítear don ‘tionchar mór ar acmhainní éisc’ a d’fhéadfadh a bheith ag an iascach áineasa agus cuirtear i dtábhacht gur gá do na Ballstáit ‘a áirithiú go ndéantar an t-iascach áineasa ar bhealach atá comhoiriúnach le cuspóirí CBI’. Chun iascaigh áineasa a bhainistiú, ní mór léargas iomlán a thabhairt ar an tionchar atá ag gníomhaíocht den sórt sin ar dhaonraí agus ar éiceachórais éisc. Ní mór dó breithniú a dhéanamh ar chineál sonrach an iascaigh sin freisin agus reachtaíocht eile an Aontais is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí sin a chur san áireamh.
Is dúshlán mór fós é bailiú sonraí atá iontaofa agus aonfhoirmeach, rud a fhágann gur deacair don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na hiascaireachta áineasa ar stoic shonracha agus bearta iomchuí a fhorbairt. Leis an togra ón gCoimisiún
le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán um Rialú, atá á chaibidliú faoi láthair leis na comhreachtóirí, tugtar isteach ceanglas ginearálta maidir le faireachán a dhéanamh ar an líon iascairí áineasa trí chóras ceadúnúcháin nó trí chóras clárúcháin, chomh maith leis an gceanglas maidir le córas bailithe sonraí nó córas clárúcháin gabhála le haghaidh na ngabhálacha áineasa uile, chun rialú agus faireachán a fheabhsú.
·Nuálaíocht agus cistiú
Is ann cheana féin do réimse tionscadal agus cur chuige ceannródaíoch ina tugann iascairí aghaidh ar laghdú an truaillithe agus na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ina ndéileálann siad le tionchair an athraithe aeráide. Díríonn roinnt acu ar thástáil agus ar úsáid réiteach nuálach ar an láthair, amhail líonta, rópaí agus comhpháirteanna trealaimh in-bhithdhíghrádaithe, ar bhailiú bruscair mhuirí agus ar ghníomhaíochtaí coiscthe truaillithe. Ina theannta sin, thug an tAontas isteach rialachán chun feabhas a chur ar dhearadh ciorclach agus ar fhaireachán na dtrealamh iascaireachta chun a n-athúsáid a spreagadh agus chun athchúrsáilteacht a éascú, agus tá sé ag obair le heagraíochtaí um chaighdeánú chun é a chur chun feidhme.
Beidh sé chomh tábhachtach céanna forbairt a dhéanamh ar shoithí iascaireachta, atá i bhfad níos fuinneamhéifeachtúla agus níos oiriúnaí d’éigeantas atá neodrach ó thaobh fuinnimh de, agus ar theicnící iascaireachta, lena gcuirtear teorainn leis an díobháil do bhithéagsúlacht na mara, chomh maith lena áirithiú ar an iomlán go mbeidh tionchar teoranta ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí agus nach gcuirfidh siad leis an athrú aeráide. Leis sin, cuirfear ar a gcumas d’éiceachórais déileáil níos fearr le tionchair an athraithe aeráide.
·Comhleanúnachas beartais a mhéadú
Tá gá le tuilleadh comhleanúnachais idir cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí agus an Treoir maidir le hÉin agus an Treoir maidir le Gnáthóga. Ar bhonn níos ginearálta, áirítear leis sin cuspóirí agus spriocanna insoláthartha na straitéise bithéagsúlachta do 2030 agus na straitéise ‘ón bhfeirm go dtí an forc’.
Áirítear sa straitéis bhithéagsúlachta gealltanais thábhachtacha chun 30 % d’fharraigí an Aontais a chosaint go héifeachtach agus chun aon trian den limistéar sin a chosaint go docht, chun éiceachórais mhuirí a athchóiriú ar mhaithe le daoine agus leis an aeráid agus chun speiceas agus gnáthóga íogaire a chosaint a thuilleadh. Mar cheann de spriocanna insoláthartha na straitéise bithéagsúlachta, tá sé d’aidhm ag an bplean gníomhaíochta muirí creat a chur ar fáil chun na gealltanais sin a chur chun feidhme, lena moltar gníomhaíochtaí chun sineirgí idir beartais iascaigh agus chomhshaoil a fheabhsú agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú CBI le cuspóirí comhshaoil an Aontais a threisiú. Ina theannta sin, is é sprioc na straitéise ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ tionchar neodrach nó tionchar dearfach ar an gcomhshaol a áirithiú i ngach earnáil atá páirteach sa chóras bia, rud a éilíonn go gcuirfear dlús leis an aistriú chuig táirgeadh inbhuanaithe éisc agus bia mara.
Tá gá le comhleanúnachas freisin idir an ghné sheachtrach de CBI agus an beartas comhshaoil idirnáisiúnta, mar shampla in eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna), i gcoinbhinsiúin maidir le farraigí réigiúnacha, nó i gcomhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe (SFPAnna).
|
Maidir leis an gCoimisiún:
-Iarrann sé ar na Ballstáit na bearta a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta muirí a chur chun feidhme go hiomlán agus go práinneach;
-Iarrann sé ar na Ballstáit iarrachtaí a dhíriú ar a áirithiú go mbainfear amach cuspóir na huastáirgeachta inbhuanaithe i ngach imchuach farraige sa phlé ar dheiseanna iascaireachta 2024;
-Díreoidh sé iarrachtaí in 2023 agus 2024 ar chomhairle eolaíoch a fhorbairt chun tacú leis an gcur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bhainistiú iascaigh an Aontais, tríd an idirphlé leis an bpobal eolaíochta agus leis na páirtithe leasmhara a stiúradh;
-Iarrann sé ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide a chur chun feidhme go hiomlán agus go mear;
-Spreagann sé iascairí, ina ról mar ‘mhaoir na farraige’, leanúint dá rannpháirtíocht i mbailiú bruscair mhuirí agus úsáid eilimintí in-bhithdhíghrádaithe i dtrealamh iascaireachta, le tacaíocht ón oiliúint agus ó na foinsí cistiúcháin atá ar fáil;
-Eiseoidh sé ceithre dhoiciméad treoraíochta faoi 2024 mar chuid de chur chun feidhme na teachtaireachta ón gCoimisiún maidir leis na Treoirlínte Straitéiseacha i dtaca le dobharshaothrú AE a bheidh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021-2030. Tacóidh siad leis an earnáil dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí seo a leanas: i) dea-chleachtais riaracháin agus rialála, ii) rochtain ar an spás, iv) feidhmíocht chomhshaoil, agus iv) maolú ar an athrú aeráide.
|
Roghnaíocht trealamh iascaireachta a mhéadú agus an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme
Cuireann gabhálacha de thaisme le meath na n-acmhainní muirí. Mar dhreasacht eacnamaíoch chun dlús a chur leis an aistriú i dtreo níos mó roghnaíochta, thug an tAontas isteach an ‘oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír’ in 2013, rud a éilíonn gur cheart na gabhálacha uile, lena n-áirítear gabhálacha de thaisme, a thabhairt i dtír. Tháinig an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm go hiomlán in 2019. Is é is aidhm di ábhar muirí aischurtha a laghdú, agus deireadh a chur leis i gcás inar féidir. Ní hamháin gur cur amú suntasach acmhainní é ábhar muirí aischurtha, ach bíonn tionchar díobhálach aige ar shaothrú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha na mara agus ar éiceachórais na mara, agus ar inmharthanacht airgeadais an iascaigh chomh maith.
In 2009, roimh athchóiriú 2013 ar CBI, measadh go ndearnadh 1.7 milliún tona (de gach speiceas) a aischur go bliantúil in iascaigh na hEorpa, méid arb ionann é agus 23 % de na gabhálacha iomlána. Bíonn tionchar diúltach tromchúiseach aige sin ar an gcomhshaol, ar speicis spriocdhírithe agus ar fhoghabháil neamh-spriocdhírithe araon. De réir na comhairle eolaíche, tá leibhéil na ngabhálacha de thaisme fós ard i roinnt mhaith iascach grinnill measctha in uiscí an Aontais (idir 20-30 % i Mórcheantar na Mara Thuaidh, sa Mhuir Cheilteach agus i mBá na Bioscáine agus i gcósta Leithinis na hIbéire). Mar sin féin, tá difríochtaí móra idir rátaí aischuir ag brath ar iascaigh (spriocdhírithe) agus ar chabhlach iascaireachta, agus tá tionchar díobhálach fós ar bhailiú sonraí i ngeall ar aischur gabhálacha nach ndéantar doiciméadú air.
Léirítear i dtorthaí na n-iniúchtaí a sheol an Coimisiún in 2020 nár ghlac na Ballstáit a ndearnadh iniúchadh orthu na bearta riachtanacha chun rialú agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Ní leor uirlisí rialaithe traidisiúnta (amhail cigireachtaí ar muir agus cigireachtaí duga/ceantála ar na gabhálacha/logleabhair) toisc nach dtugann siad ach léargas an-teoranta ar chomhlíonadh tráth an fhaireacháin.
Sa togra ón gCoimisiún le haghaidh córas rialaithe iascaigh athbhreithnithe
, tacaíonn sé le húsáid uirlisí rialaithe nua-aimseartha. Leanfaidh sé de bheith ag obair leis na comhreachtóirí chun teacht ar chomhaontú uaillmhianach maidir leis an reachtaíocht thábhachtach sin. De thoradh nach ndearnadh na modhanna rialaithe agus forfheidhmithe is éifeachtúla a fhorbairt agus a úsáid, amhail cianfhaireachán leictreonach (REM) agus uirlisí rialaithe nua-aimseartha eile, tá comharthaí ann gur ann do neamhchomhlíonadh forleathan agus d’aischur neamhdhleathach gabhálacha nach ndéantar doiciméadú air. Is riosca mór é sin – mura léirítear na gabhálacha iarbhír leis na sonraí a thuairiscítear, déantar dochar tromchúiseach do cháilíocht na comhairle eolaíche.
Aithníonn an Coimisiún na deacrachtaí struchtúracha atá ann cheana maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Mar sin féin, d’ainneoin na n-iarrachtaí leanúnacha agus an chomhair atá á ndéanamh ag na páirtithe leasmhara uile chun feabhas a chur ar an staid, ní mór aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a luaitear. Is bailí fós na breithnithe ba chúis le tabhairt isteach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in 2013 agus tá a prionsabail, go háirithe maidir le cur amú acmhainní luachmhara a sheachaint, níos ábhartha ná riamh.
Ní mór do na Ballstáit agus don phobal eolaíochta iarracht níos mó a dhéanamh na sonraí cearta a bhailiú ionas gur féidir leo anailís a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. An tráth céanna, na tairbhí a bhaineann le beartas lena seachnaítear ábhar muirí aischurtha agus gabhálacha de thaisme, ní mór iad a chur i dtábhacht d’iascairí ar bhealach níos fearr. Thairis sin, is fearr is eol d’iascairí iad féin cén uair agus cén áit ar cheart iascaireacht a dhéanamh agus gabhálacha de thaisme á seachaint acu. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, cúram úsáid na modhanna iascaireachta roghnaithí a chur ar iascairí agus luach a thabhairt dá n-iarrachtaí feabhas a chur ar chaomhnú. Ba cheart d’iascairí a dtiomantas a léiriú trí thrédhearcacht iomlán na n-oibríochtaí ar bord a áirithiú, a ngabhálacha a thuairisciú go cruinn agus torthaí a bhaint amach i dtéarmaí roghnaíochta.
Tá sé d’aidhm ag CBI trealamh iascaireachta a dhéanamh níos roghnaithí, ionas nach ndéanfar gabhálacha de thaisme ar an gcéad dul síos. A bhuí le hiarrachtaí na n-iascairí agus na mBallstát, rinneadh dul chun cinn maidir le forbairt trealaimh atá nuálach agus níos roghnaithí. Mar sin féin, ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm iomlán na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, tá i bhfad níos mó ag teastáil.
Mar a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta muirí, ba cheart úsáid agus glacadh iarbhír na dtrealamh nua sin agus na dteicnící iascaireachta ceannródaíocha sa chleachtas a leathnú. Ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as tacaíocht spriocdhírithe CEMID chun na críche sin. Ina theannta sin, ba cheart dóibh úsáid níos leithne na dteicneolaíochtaí nua a chur chun cinn chun sonraí a bhailiú agus an iascaireacht a optamú chun gabhálacha de thaisme ag iascairí a íoslaghdú.
|
Maidir leis an gCoimisiún:
-Iarrann sé ar na Ballstáit, ar an bpobal eolaíochta, ar na Comhairlí Comhairleacha agus ar na heagraíochtaí táirgeoirí na príomhshonraí a bheadh ag teastáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur ar fáil don Choimisiún faoi earrach 2024. Cuirfidh an Coimisiún treoraíocht ar fáil sa mhéid sin.
-A luaithe a leagfar síos an bhonnlíne don mheastóireacht sin agus a bhaileofar sonraí atá iontaofa go leor, forbróidh sé téarmaí tagartha na meastóireachta sin ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír faoi fhómhar 2024 chun lucht ceaptha beartas a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, ábharthacht agus breisluach AE na mbeart atá i bhfeidhm.
|
4.Feabhas a chur ar rialachas CBI
Is é prionsabal an dea-rialachais a threoraíonn CBI. Den mheon sin, leis an gcur chuige réigiúnach a tugadh isteach le hathchóiriú 2013, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit oibriú i gcomhar i ngrúpaí réigiúnacha agus bearta caomhnúcháin réigiúnacha a dhearadh trí mholtaí comhpháirteacha. Ina theannta sin, treisíonn CBI comhar na bpáirtithe leasmhara trí rannpháirtíocht na gComhairlí Comhairleacha. Cuireann siad moltaí faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus na ngrúpaí réigiúnacha agus soláthraíonn siad léargais ó pháirtithe leasmhara a thacaíonn le forbairt na mbeart caomhnúcháin agus bainistíochta.
Ar dtús, is ar a mbunú agus ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír is mó a dhírigh grúpaí réigiúnacha. An obair i dtaca le bearta caomhnúcháin faoi Airteagal 11 de Rialachán CBI, obair a bhfuil gá léi chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht chomhshaoil an Aontais agus as an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla
, níor cuireadh dlús léi ach ó 2021 ar aghaidh. Tá dul chun cinn déanta aige ar luas an-mhíchothrom sna himchuacha farraige éagsúla.
Mar a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta muirí, ní mór do na Ballstáit athnuachan a dhéanamh ar a dtiomantas éifeachtúlacht, luas agus leibhéal uaillmhéine na hoibre réigiúnaithe a mhéadú, go háirithe maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta comhshaoil faoi Airteagal 11 de CBI. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an easpa acmhainní leordhóthanacha atá ann le haghaidh na hoibre i ngrúpaí réigiúnacha, rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a mhéadú a thuilleadh, agus an bonn eolaíoch a neartú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta muirí ina athbhreithniú meántéarma ar an Straitéis Bhithéagsúlachta sa chéad leath de 2024 agus, ag brath ar a mheasúnú ar an dul chun cinn atá déanta, agus i gcomhréir lena cheart tionscnaimh, breithneoidh sé an bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta, lena n-áirítear gníomhaíocht reachtach.
|
Maidir leis an gCoimisiún:
-Iarann sé ar na Ballstáit, ó 2023 ar aghaidh, na gníomhaíochtaí rialachais a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta muirí a chur chun feidhme go hiomlán;
-Iarann sé ar ghrúpaí réigiúnacha iascaigh na mBallstát, ó 2023 ar aghaidh, ról níos fearr a thabhairt do na páirtithe leasmhara, go háirithe na Comhairlí Comhairleacha, sna heagraíochtaí réigiúnacha chun rannpháirtíocht na n-údarás iascaigh agus comhshaoil araon a áirithiú;
-Iarann sé ar na Ballstáit, ó 2023 ar aghaidh, acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar an obair sna grúpaí réigiúnacha.
|
Braitheann an dea-rialachas ar níos mó trédhearcachta freisin. Le hAirteagal 17 de CBI, ceanglaítear go soiléir ar na Ballstáit, agus deiseanna iascaireachta á gcionroinnt acu, úsáid a bhaint as critéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch. Ní mór do na páirtithe leasmhara faisnéis shoiléir a bheith acu maidir leis an gcaoi a ndéanann na Ballstáit deiseanna iascaireachta a chionroinnt agus acmhainneacht cabhlaigh a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le comhlachtaí eolaíocha agus leis na Ballstáit chun trédhearcacht na gcritéar sin agus a gcomhréireacht le forálacha CBI a mheasúnú agus a áirithiú a thuilleadh agus chun úsáid critéar a spreagadh lenar féidir cleachtais iascaireachta inbhuanaithe a chothú agus tacú le hiascairí ar mionscála agus le hiascairí cósta, arb ionann iad agus beagnach 75 % de na soithí iascaireachta uile atá cláraithe san Aontas agus beagnach leath den fhostaíocht uile in earnáil na hiascaireachta.
Cé go soláthraíonn Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh (EUMOFA) trédhearcacht maidir leis an margadh le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe cheana féin, tá gá le tuilleadh trédhearcachta freisin chun cuidiú le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Mar a fógraíodh sa straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’, tá sé tábhachtach leanúint den obair ar thionscnamh an chórais bia inbhuanaithe a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún é a mholadh in 2023 le haghaidh cur chuige comhchuibhithe AE i leith táirgeadh inbhuanaithe bia.
Ar deireadh, i gcás dea-rialachais iascaigh agus dobharshaothraithe, éilítear rochtain shoiléir, chobhsaí agus chothrom ar an spás muirí, agus an iomaíocht mhéadaitheach maidir lena úsáid i measc earnálacha eacnamaíocha á cur san áireamh. Bunaítear leis an Treoir maidir le pleanáil spásúil mhuirí
an creat chun coinbhleachtaí sa spás muirí a laghdú agus chun sineirgí idir gníomhaíochtaí muirí éagsúla a chothú. Thairis sin, spreagtar infheistíocht trí intuarthacht, trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú.
Ba cheart do na Ballstáit tógáil ar an Treoir sin chun feabhas a chur ar an gcomhordú idir bainistiú iascaigh agus próisis pleanála spásúla muirí. Thairis sin, éilítear níos mó ailínithe réigiúnaigh i bpleanáil spásúil mhuirí lasmuigh de leibhéal an Bhallstáit le húsáid mhéadaithe na bhfarraigí chun críoch eile seachas an t-iascach, amhail limistéir mhuirí faoi chosaint nó fuinneamh in-athnuaite.
|
Maidir leis an gCoimisiún:
-Iarrfaidh sé ar an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) anailís a dhéanamh, in 2023, ar na critéir arna n-úsáid ag na Ballstáit chun deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar an leibhéal náisiúnta;
-In 2023, cuirfidh sé tús le plé i measc na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara d’fhonn vademecum maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta a ullmhú chun feabhas a chur ar an trédhearcacht, cleachtais iascaireachta inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud an Aontais, agus tacú le hiascairí ar mionscála agus le hiascairí cósta.
|
5.Ag dul in oiriúint do leasanna iascaigh a aistriú lasmuigh d’uiscí an Aontais
Leis na forbairtí polaitiúla agus geopholaitiúla a bhí ann le déanaí, amhail Brexit agus cogadh brúidiúil na Rúise i gcoinne na hÚcráine, leagadh béim ar thionchar an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ag athrú san Eoraip maidir le beartas iascaigh an Aontais, chomh maith leis an dlúthnasc atá aige leis an tslándáil mhuirí. Mar thoradh ar an dá imeacht, tá athrú tagtha ar leasanna cabhlach iascaireachta Ballstát áirithe agus ar leasanna stát cósta eile freisin, rud a mbíonn tionchar aige ar an gcaidreamh idir stáit chósta i réimse an iascaigh.
Tá athmhúnlú substaintiúil déanta ar dhinimic an chaidrimh iascaireachta le stáit chósta san Atlantach Thoir Thuaidh agus eatarthu. Roimh Brexit, bhí 10 ngabháil iomlána incheadaithe (TACanna) á mbainistiú ag an Aontas i gcomhpháirt leis an Iorua agus bhí 3 stoc á mbainistiú aige leis na stáit chósta. Sa lá atá inniu ann, roinntear 76 TAC eile le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, agus tá 7 TAC go hiomlán in uiscí na Ríochta Aontaithe (cé go bhfuil cearta iascaireachta ag an Aontas orthu sin). Chruthaigh an staid nua seo dúshláin bhreise maidir le príomhchuspóirí agus prionsabail CBI a bhaint amach. Tar éis Brexit, soláthraítear an struchtúr le haghaidh an chaidrimh dhéthaobhaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Leis an gComhaontú, comhtháthaítear gnéithe den iascach agus den trádáil agus bunaítear an creat le haghaidh comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe chun deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc roinnte a shocrú. Tá creat-chomhaontú iascaigh tríthaobhach nua leis an Iorua agus leis an Ríocht Aontaithe á thabhairt chun críche ag an Aontas freisin. Leis sin, cruthófar ardán nua don chomhar tríthaobhach sa Mhuir Thuaidh, ina mbeidh seach-chuideachtaí le haghaidh comhair, meithleacha agus comhairliúcháin bhliantúla maidir lenár stoic a roinntear go tríthaobhach. Leis na struchtúir sin atá ann cheana, ba cheart cuidiú le bearta bainistíochta a fhorbairt le haghaidh saincheisteanna sonracha, agus neamhspleáchas rialála na bpáirtithe á aithint ag an am céanna.
Tá fogha míleata neamhthrócaireach na Rúise faoin Úcráin tar éis cogadh a thabhairt ar ais san Eoraip, cogadh lena ngabhann contúirtí nua agus éifeachtaí iarmharta diúltacha ar an tslándáil mhuirí, agus tá dúshláin ó dhíospóidí críochacha, ó iomaíocht le haghaidh acmhainní nádúrtha agus ó bhagairtí ar shaoirse loingseoireachta roimpi. Tá teannas nua á chruthú in imchuacha farraige na hEorpa i ngeall air sin. I gcomhthéacs geopholaitiúil den sórt sin atá ag athrú, neartóidh an tAontas an comhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis ina chomharsanacht féin agus i limistéir mhuirí eile a bhfuil tábhacht straitéiseach leo. Chuir sé na comhairliúcháin dhéthaobhacha leis an Rúis le haghaidh Mhuir Bhailt ar fionraí, mar aon le teagmhálacha i ndáil le ERBInna agus i ndáil leis an gClár Oibre Coiteann Muirí le haghaidh na Mara Duibhe.
Tá impleachtaí eacnamaíocha diúltacha ann d’iascairí agus do phobail chósta sna Ballstáit lena mbaineann de dheasca na staide slándála muirí atá ag teacht chun cinn sa Mhuir Dhubh. I ngeall ar bhagairtí slándála, cuireadh isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, mar shampla, de dheasca mianaigh atá ar snámh. Bhí cailliúint bithéagsúlachta ann mar thoradh air sin freisin, agus léirítear an chailliúint sin go háirithe leis an méadú scáfar ar bhásmhaireacht chéiticigh na Mara Duibhe.
Tabharfar aghaidh ar an nasc idir an t-athrú aeráide, díghrádú comhshaoil na limistéar cósta agus muirí, agus an tslándáil mhuirí sa nuashonrú atá le teacht ar Straitéis Slándála Muirí an Aontais agus ar a plean gníomhaíochta, agus sa Teachtaireacht Chomhpháirteach atá le teacht maidir leis an Athrú Aeráide, Díghrádú Comhshaoil, Slándáil agus Cosaint.
|
Maidir leis an gCoimisiún:
-Nuashonróidh sé Straitéis Slándála Muirí an Aontais agus a plean gníomhaíochta in 2023;
-Cuirfidh sé i láthair Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis an Athrú Aeráide, Díghrádú Comhshaoil, Slándáil agus Cosaint.
|
6.Leas á bhaint ag CBI as acmhainneacht na nuálaíochta agus na hinfheistíochta inbhuanaithe
Braitheann brabúsacht agus tarraingteacht na n-earnálacha iascaireachta agus dobharshaothraithe ar a n-acmhainneacht nuáil agus infheistíocht a dhéanamh. Is léir go bhfuil gá le nuálaíocht inbhuanaithe agus infheistíocht struchtúrach ar fud an tslabhra luacha, go háirithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, bogadh i dtreo trealamh iascaireachta níos inbhuanaithe, an lorg comhshaoil agus aeráide a laghdú, sábháilteacht a fheabhsú agus dea-bhail ag an obair a chur chun cinn. Beidh ar an gcéad ghlúin eile de shoithí iascaireachta agus d’fheirmeacha dobharshaothraithe oibriú le tionchar níos lú, agus níos lú acmhainní á n-úsáid acu.
Thairis sin, tá nuálaíocht theicneolaíoch ríthábhachtach chun deiseanna nua gnó a fhorbairt agus chun éagsúlú eacnamaíoch a chur chun cinn. Is féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach buntáiste iomaíoch a chur ar fáil d’iascairí agus d’fheirmeoirí dobharshaothraithe, agus ag an am céanna feabhas a chur ar bhailiú, rialú agus forfheidhmiú sonraí, ar inrianaitheacht agus ar fhaisnéis do thomhaltóirí agus glúin nua post a chruthú. Déanann sé an t-iascach agus an dobharshaothrú níos éifeachtúla, éascaíonn sé díolacháin dhíreacha agus cothaíonn sé rialú agus faireachán iascaigh atá trédhearcach, éifeachtúil agus soláimhsithe. Roinnt samplaí den teicneolaíocht sin is ea córais cianfhaireacháin leictreonaigh, amhail teilifís ciorcaid iata agus braiteoirí, intleacht shaorga, anailís uathoibrithe sonraí, tomhas agus taifeadadh leanúnach ar chumhacht innill, agus dróin chun faireachas a áirithiú. Cuireann an teicneolaíocht dhigiteach deiseanna ar fáil freisin chun raon níos leithne sonraí a bhailiú chun bonn eolais a chur faoi na próisis eolaíocha agus chinnteoireachta, chun próisis a shimpliú agus chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí sa phróiseas bailithe sonraí a laghdú. Tá sé sin ríthábhachtach chun cothrom iomaíochta a chothú agus sruth leanúnach d’fhaisnéis ardcháilíochta a chur ar fáil maidir le stoic éisc, roghanna tomhaltóirí agus dálaí comhshaoil.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbainfear amach lena gcláir CEMID an rannchuidiú a mheastar a bheidh ann le haghaidh na nuálaíochta, an digitithe agus an aistrithe fuinnimh sna slabhraí luacha iascaigh agus dobharshaothraithe, lena gcomhlánaítear Fís Eorpach agus an misean atá aige ‘Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athchóiriú faoi 2030’. Mar shampla, comhcheanglófar sonraí, samhlacha agus teicneolaíochtaí digiteacha eile le Leathchúpla Digiteach Eorpach an Aigéin, lena soláthrófar ionchur eolasbhunaithe atá ábhartha do bhainistiú iascaigh. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit rannchuidiú le forbairt an chórais eolais dhigitigh sin, go háirithe trína gcuid sonraí faireacháin agus uirlisí measúnaithe a chur ar fáil trí Leathchúpla Digiteach an Aigéin agus spreagann sé iad leas a bhaint as tionscadail an mhisin agus as gníomhaíochtaí eile chun feabhas a chur ar a n-acmhainneacht faireacháin mhuirí.
Is gá teicneolaíochtaí agus teicnící nua a fhorbairt agus a thástáil a thuilleadh, iad a uas‑scálú, margadh a fhorbairt dóibh, agus iad a dhéanamh inacmhainne d’infheisteoirí. Ba cheart do pháirtithe leasmhara a gcomhar maidir le tionscadail nuálacha a fheabhsú trí dhea-chleachtais a chomhroinnt agus trí theicneolaíocht nua a chomhfhorbairt. Ba cheart dóibh leas a bhaint as na próisis agus na bealaí comhair atá ann cheana. Mar shampla, is cumasóir cumhachtach na nuálaíochta ar an leibhéal réigiúnach iad ‘straitéisí um speisialtóireacht chliste’ lenar féidir iomaíochas shlabhra luacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe a chur chun cinn agus tacú lena bhforbairt theicneolaíoch. Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt don phróiseas sin trí ardán na straitéisí um speisialtóireacht chliste le haghaidh an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe. Sheol sé freisin Faireachlann an Aontais um an nGeilleagar Gorm chun faisnéis neas-fhíorama agus príomhtháscairí socheacnamaíocha maidir le geilleagar gorm an Aontais a sholáthar. Rud atá an-tábhachtach, ba cheart do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara úsáid a bhaint as na foinsí cistiúcháin atá ar fáil chun deiseanna le haghaidh gnó, infheistíochta agus fios gnó nár tapaíodh fós a aimsiú, agus chun tairbhiú de shaoráidí taighde an Aontais freisin.
Chun an próiseas sin a spreagadh agus chun tacú leis, cruthóidh an Coimisiún duais bhliantúil le haghaidh nuálaíocht inbhuanaithe san iascach. Leis an duais, tabharfar aird ar dhea-chleachtais na hearnála agus éascófar a scaipeadh. Chuige sin, iarrfaidh an Coimisiún ar na Comhairlí Comhairleacha moladh a dhéanamh maidir leis na critéir dhámhachtana agus maidir leis na critéir chun giúiré neamhspleách a roghnú.
Ba cheart infheistíocht a bheith ann agus ionchais bhrabúsachta a chruthú de thoradh na nuálaíochta. Mar a cuireadh i dtábhacht sa Teachtaireacht maidir le Tionscnamh an Aistrithe Fuinnimh, is gá rannchuidiú earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe leis an athrú aeráide a mhaolú agus a spleáchas costasach ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Leis an méadú ollmhór ar phraghsanna fuinnimh a bhí ann in 2022, tá an chuid is mó den earnáil fós i mbaol a bheith neamh-inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de. Dá bhrí sin, agus dlús á chur le haistriú fuinnimh an tslabhra luacha, ba cheart díriú ar chostais oibríochtúla fuinnimh a laghdú, agus ag an am céanna rannchuidiú go dearfach le haeráidneodracht, le laghdú truaillithe agus le cuspóirí bithéagsúlachta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ní mór dlús a chur le glacadh na teicneolaíochta atá ann cheana (e.g. teicneolaíocht leictreach, hibrideach, gaoithe agus gréine), agus ní mór borradh a chur faoin taighde agus faoin tástáil ar theicneolaíocht atá ag teacht chun cinn (e.g. hidrigin).
Ar an iomlán, is gá infheistíochtaí breise a dhéanamh i ndearadh, i dteicneolaíochtaí agus in ardréitigh chun ‘soithí na todhchaí’ a dhéanamh níos fuinneamhéifeachtúla, ina bhfuil roghnaíocht, optamú agus beachtas níos fearr maidir leis an iascaireacht. Is amhlaidh an cás maidir le ‘feirm dhobharshaothraithe na todhchaí’ lena méadófaí táirgeadh sliogéisc agus algaí, rud a laghdódh lorg comhshaoil agus aeráide an dobharshaothraithe. Is féidir na hinfheistíochtaí sin a éascú le cistiú poiblí ón Aontas. Chun dul i ngleic le cuid de na dúshláin sin, cuirtear i láthair i dTionscnamh an Aistrithe Fuinnimh creat cumasúcháin, lena sainaithnítear bacainní agus lena dtugtar aghaidh orthu, agus lena gcruthaítear struchtúir le haghaidh comhar fadtéarmach sa réimse sin.
Sa bhreis ar an nuálaíocht theicneolaíoch, ba cheart dea-chleachtais as a n-eascraíonn laghdú ar lorg aeráide agus comhshaoil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a chur chun cinn. Mar chuid de chur chun feidhme Threoirlínte Straitéiseacha an Aontais maidir leis an Dobharshaothrú, ullmhóidh an Coimisiún doiciméad treorach maidir le feidhmíocht chomhshaoil. Cumhdófar leis, mar shampla, úsáid na bhfoinsí inbhuanaithe próitéine le haghaidh beatha, éifeachtúlacht beatha, éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid na n-acmhainní in-athnuaite, chomh maith le cur chun cinn an táirgthe dobharshaothraithe ísealtrófaigh, amhail feirmeoireacht moileasc agus algaí agus córais dobharshaothraithe iltrófaigh chomhtháite.
Chun an úsáid a bhaineann an cabhlach iascaireachta as teicneolaíochtaí nua a fheabhsú agus, ós rud é go bhfuil cuid díobh níos troime agus go dteastaíonn níos mó spáis uathu ná na cinn thraidisiúnta, is gá machnamh a dhéanamh freisin maidir leis an méid
ar bord, ar paraiméadar tábhachtach é freisin chun feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre. Le CBI, is féidir infheistíocht phríobháideach a dhéanamh i soithí sábháilte, inbhuanaithe agus nua, agus áirithítear ag an am céanna nach dtiocfaidh méadú ar acmhainneacht fhoriomlán iascaireachta an chabhlaigh. Is féidir leis na Ballstáit a n-acmhainneacht iascaireachta a chionroinnt ar bhealach solúbtha, laistigh d’uasteorainn arna bunú ag CBI agus faoi réir na scéime iontrála/scoir (i.e. ní mór aon acmhainneacht a théann isteach sa chabhlach a chúiteamh le laghdú coibhéiseach ar an acmhainneacht). Mar a cuireadh i dtábhacht i meastóireacht 2019 ar an scéim iontrála/scoir, tá corrlach ag roinnt Ballstát idir acmhainneacht ghníomhach a gcabhlach agus uasteorainn a n-acmhainneachta iascaireachta. Is féidir leo agus ba cheart dóibh an corrlach sin a leithdháileadh, i gcás inar gá, chun nuachóiriú an chabhlaigh a éascú. Sa chreat sin, ba cheart gá a bheith le faireachán iontaofa ar acmhainneacht, lena n-áirítear cumhacht innill, i gcás ina ndéanfaí aon ath-leithdháileadh ar acmhainneacht.
|
Maidir leis an gCoimisiún:
-Iarann sé ar na Ballstáit, ó 2023 ar aghaidh, trédhearcacht agus solúbthacht bhainistiú a n-acmhainneachta iascaireachta a mhéadú, i gcomhar leis an earnáil, agus ath-leithdháileadh féideartha na hacmhainneachta sin a éascú i gcás inar gá sin le haghaidh infheistíocht struchtúrach ar bord, lena n-áirítear le tacaíocht airgeadais an Aontais agus náisiúnta i gcás inarb incháilithe;
-Spreagann sé an Chomhpháirtíocht um Aistriú Fuinnimh (arna bunú faoi thionscnamh an aistrithe fuinnimh), Comhairlí Comhairleacha agus comhpháirtithe sóisialta tograí nithiúla, praiticiúla agus inbhuanaithe a dhéanamh le haghaidh nuachóiriú soithí, faoi 2024, chun feabhas a chur ar shábháilteacht, ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar dhálaí oibre ar bord;
-Iarann sé ar Chomhairlí Comhairleacha rannchuidiú, in 2023, le cruthú dámhachtana bliantúla le haghaidh nuálaíocht inbhuanaithe san iascach, d’fhonn í a thabhairt amach den chéad uair in 2024;
-Iarann sé ar na Ballstáit tacú leis an nuálaíocht agus dea-chleachtais sa dobharshaothrú a chur chun cinn, chomh maith le táirgeadh dobharshaothraithe ísealtrófaigh, amhail feirmeoireacht moileasc agus algaí agus córais dobharshaothraithe iltrófaigh chomhtháite.
|
7.CBI – deich mbliana de thorthaí nithiúla
Bhí athchóiriú CBI 2013 ina cheannródaí. Agus an gnáthnós imeachta reachtach leathnaithe chun an t-iascach a chumhdach, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir le creat reachtach nua lenar tugadh le chéile gnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil de bheartas iascaigh an Aontais den chéad uair. Leis an athchóiriú, ceadaíodh úinéireacht mhéadaithe, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, agus cuireadh feabhas ar an gcomhar idir an earnáil iascaigh ábhartha agus páirtithe leasmhara eile.
Deich mbliana níos déanaí, feicimid dul chun cinn nithiúil i dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe ar an talamh. Rannchuidigh iascairí, an tsochaí shibhialta, na Ballstáit agus an tAontas le stoic éisc chriticiúla an Aontais a atógáil agus leis na cabhlaigh a ardú go leibhéil bhrabúsacha. In 2009, níor saothraíodh ach cúig stoc éisc de chuid an Aontais ar bhealach inbhuanaithe, tá os cionn 60 stoc éisc ann in 2022, agus leantar d’fheabhsuithe a dhéanamh i gcónaí. Tá pleananna bainistíochta ilbhliantúla a bhfuil cuspóirí uaillmhianacha inbhuanaitheachta leo mar bhonn anois le haghaidh cinnteoireacht bhliantúil chomhleanúnach maidir le deiseanna iascaireachta. Tá iascairí ag leanúint dá n-iarrachtaí chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh níos roghnaithí d’fhonn a dtionchar ar an muirthimpeallacht a laghdú
.
De bharr na bhfeabhsuithe sin ó thaobh na hinbhuanaitheachta comhshaoil de, mar aon leis an intuarthacht mhéadaithe a bhuí le creat reachtach cobhsaí, tháinig feabhas ar an bhfeidhmíocht eacnamaíoch ó bhí 2013 ann. Tá fianaise láidir ann go bhfuil margaí bia mara éifeachtúla agus dea-eagraithe ann mar thoradh ar CBI freisin, margaí a chuireann le trédhearcacht agus cobhsaíocht an tslabhra soláthair agus, dá bhrí sin, leis an soláthar bia.
Leis an gcreat láidir bainistithe iascaigh atá ag an Aontas, tugann sé dea-shampla freisin maidir leis an iascach inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud an domhain. Mar shampla, bhí iarrachtaí an Aontais ríthábhachtach maidir le creat rialachais nua uaillmhianach a bhunú sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh.
Tá clár oibre ERMI curtha chun cinn ag an Aontas freisin, ar rud é a chuir feabhas mór ar an inbhuanaitheacht a bhuí lena gcórais bainistithe agus rialaithe iascaigh. In 2021, bhí 54 as 55 bheart caomhnúcháin a ghlac ERBInna i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch, ar bearta iad a glacadh chun na stoic atá faoina gcúram a bhainistiú. Thacaigh an tAontas freisin le hobair EIS ar ghnéithe sóisialta a chur chun cinn i roinnt ERBInna. Sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, is é is aidhm do straitéis CIGM 2030 prionsabal na hoibre cuibhiúla a chur chun cinn, lena n-áirítear trí dhálaí oibre cothroma agus sábháilte agus trí rochtain ar chosaint shóisialta.
Ina theannta sin, bhí ról ríthábhachtach ag an Aontas maidir leis an tuinnín gorm a bhí i mbéal a gcliste a thabhairt go leibhéil inbhuanaithe. Anois tagann 87 % de ghabhálacha tuinníní tráchtála ar fud an domhain ó stoic ar leibhéil shláintiúla flúirse. I gcás na stoc a ndéanann cabhlach an Aontais iascaireacht orthu, déantar 17 as 20 stoc tuinníní agus stoc atá cosúil le tuinníní atá faoi chúram ERBInna a bhainistiú go hinbhuanaithe.
Bhí ról lárnach ag an Aontas freisin i dtaca le dul chun cinn cinntitheach na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Bithéagsúlacht Mhuirí i Limistéir Lasmuigh den Dlínse Náisiúnta (BBNJ). Tá sé i gceannas ar an gComhghuaillíocht Ard-Uaillmhéine ina bhfuil 50 tír, agus déanfaidh sé na hiarrachtaí uile is gá chun comhaontú pras uaillmhianach a áirithiú in 2023. Ar an gcaoi chéanna, bhí ról lárnach ag an Aontas i dtabhairt i gcrích an Chomhaontaithe chun Iascach Mórmhara Neamhrialáilte a Chosc san Aigéan Artach Láir in 2018 agus Chomhaontú EDT maidir leis an toirmeasc ar fhóirdheontais iascaigh áirithe in 2022. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta freisin maidir le limistéir mhuirí nua mhórscála faoi chosaint a ainmniú san Aigéan Theas. Chuidigh ceannaireacht idirnáisiúnta an Aontais freisin le dul chun cinn a áirithiú sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN, ar ina leith a léirigh sí an taifead feidhmíochta is airde. Thairis sin, leis na SFPAnna le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, soláthraítear tairbhí frithpháirteacha don Aontas agus do thíortha comhpháirtíochta agus dá ndaonraí araon. Áirítear clásail um chearta an duine sna SFPAnna is déanaí agus comhtháthaítear riachtanais na ndaonraí áitiúla a thuilleadh leo.
I gcás an dobharshaothraithe, le hathchóiriú CBI 2013, tugadh isteach uirlisí nua chun dobharshaothrú inbhuanaithe a chur chun cinn. In éineacht le cistiú ón Aontas, bhíothas in ann dul chun cinn a dhéanamh i dtéarmaí inbhuanaitheacht agus iomaíochas na hearnála tábhachtaí seo. In 2021, ghlac an Coimisiún treoirlínte straitéiseacha nua, agus rinne na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, a bpleananna straitéiseacha náisiúnta dobharshaothraithe a nuashonrú dá réir sin.
Le Rialachán CBI 2013, soláthraítear an chobhsaíocht a theastaíonn ó earnáil an iascaigh. Is iad an inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch, an comhar réigiúnach éifeachtach agus an chinnteoireacht eolaíochtbhunaithe na bunchlocha atá ann i gcónaí. Tá siad níos ábhartha anois ná riamh chun táirgeadh bia áitiúil a chinntiú agus chun tionchair chomhshaoil agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Is é atógáil na stoc éisc os cionn leibhéil na huastáirgeachta inbhuanaithe an bonn i gcónaí chun na príomhchuspóirí sin a bhaint amach.
Mar sin féin, tá roinnt dúshlán fós ann chun CBI a chur chun feidhme ina iomláine. Is gá claochlú níos tapa agus níos struchtúrtha a dhéanamh chun tionchar na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a laghdú. Tá gá leis sin chun timpeallacht mhuirí shláintiúil a athchóiriú agus slándáil bia a áirithiú, chomh maith le cuidiú leis an earnáil a bheith níos athléimní, éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus rannchuidiú le haeráidneodracht go tapa. Leis sin, cuideofar le costais bhreosla a shábháil agus borradh a chur faoin bhfuinneamh glas.
Tugtar aird sa Teachtaireacht seo ar roinnt gnéithe sonracha de CBI, inar gá cur chun feidhme a neartú agus/nó ina bhfuil gá le tuilleadh measúnuithe agus machnaimh chun a áirithiú gur féidir leis an earnáil, leis an tsochaí i gcoitinne agus leis an dúlra tairbhe iomlán a bhaint as acmhainneacht ollmhór an bheartais seo. Tugtar aghaidh ar roinnt de na gnéithe sin ar bhealach níos mionsonraithe freisin sa phlean gníomhaíochta muirí agus i dtionscnamh an aistrithe fuinnimh.
Baineann siad go háirithe leis an méid seo a leanas:
-an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus na costais agus na tairbhí a bhaineann léi don tsochaí agus d’iascairí;
-an rannchuidiú le cur chun feidhme na reachtaíochta comhshaoil agus an chórais rialachais ghaolmhair;
-feabhsú an bhoinn eolais agus neartú an chur chuige bunaithe ar éiceachórais, agus cuspóirí socheacnamaíocha agus cuspóirí comhshaoil araon á gcur san áireamh;
-todhchaí na gairme agus athnuachan glúine;
-deiseanna taighde agus cistiúcháin an Aontais a úsáid;
-cionroinnt cuótaí ar an leibhéal náisiúnta agus trédhearcacht an phróisis;
-creat na hacmhainneachta cabhlaigh agus a ábhartha atá sé d’infheistíochtaí struchtúracha ar bord, lena n-áirítear chun tacú le haistriú fuinnimh na hearnála;
-feabhas a chur ar fhorbairt táscairí sóisialta chun méadú a dhéanamh ar stóinseacht na dtuarascálacha socheacnamaíocha a úsáidtear chun bearta bainistíochta agus caomhnúcháin iascaigh a ullmhú.
8.‘Comhshocrú Iascaigh agus Aigéin’ chun an bealach a réiteach don todhchaí
Ag tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh ó rinneadh an t-athchóiriú deireanach air in 2013, is beartas é CBI na todhchaí a chumasaíonn agus a thacaíonn leis an méid seo a leanas: (i) an t-iascach agus an dobharshaothrú i sineirge leis an dúlra; (ii) soithí iascaireachta agus feirmeacha dobharshaothraithe a oibríonn le tionchar agus le hacmhainní níos lú; (iii) rannchuidiú an bhia mara le cosaint na slándála bia agus le treisiú athléimneacht agus inbhuanaitheacht na gcóras bia san Aontas; chomh maith le (iv) iascairí agus feirmeoirí ar féidir leo sásamh, aitheantas agus dea-bhail eacnamaíoch a fháil ina ngairm bheatha.
Le CBI a bheidh slán i bhfad na haimsire, ní mór freastal ar iascairí agus ar fheirmeoirí dobharshaothraithe dá dtugtar dreasachtaí agus a fhaigheann tacaíocht chun nuáil a dhéanamh agus chun an teicneolaíocht is déanaí a úsáid. Leis an nuálaíocht, beidh gníomhaíochtaí iascaigh agus feirmeoireachta níos éifeachtaí agus níos brabúsaí, lena n-áiritheofar soláthar bia ísealcharbóin agus lena gcuirfear le sláinte na n-aigéan agus na n-uiscí, agus le hinbhuanaitheacht an chórais bhia. Le cosaint níos fearr ar éiceachórais mhuirí, cuideofar linn freisin déileáil le tionchair dhosheachanta an athraithe aeráide, amhail tonnta teasa muirí, athrú ar dhálaí trófacha agus aigéadú.
Leis na soithí agus leis na feirmeacha éisc a bheidh ann amach anseo, cuirfear deireadh le spleáchas na n-earnálacha iascaigh dobharshaothraithe ar bhreoslaí iontaise agus beidh siad i bhfad níos fuinneamhéifeachtúla. Cumhachtófar soithí le fuinneamh agus le breoslaí in-athnuaite agus le tiomáint atá glan agus neodrach ó thaobh fuinnimh de, agus ar an gcaoi sin tabharfar aghaidh ar an athrú aeráide agus ar thruailliú ar muir. Ina theannta sin, beidh siad níos roghnaithí agus beidh an iascaireacht níos éifeachtúla a bhuí leis na teicneolaíochtaí is déanaí le haghaidh iascaireacht bheacht. Ar deireadh, le CBI, tacófar le hiascairí na todhchaí a úsáidfidh trealamh iascaireachta níos inbhuanaithe agus a bheidh níos sofhreagrúla i bhfianaise an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus athruithe ar muir, iascairí a bheidh in ann aistriú go sealadach chuig gníomhaíochtaí eile an gheilleagair ghoirm agus chuig seirbhísí poiblí chun an brú ar acmhainní éisc a mhaolú. Beidh an t-iascach nuálach agus sábháilte, lena soláthrófar an tseirbhís luachmhar ‘maoirseacht na farraige’.
Is é an túsphointe cur chun feidhme cuí na gceanglas reachtach atá ann cheana a áirithiú ionas go mbeidh na sonraí, an t-eolas agus an t-ionchur uile ar fáil chun cur leis an machnamh a dhéanfar leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile. Mar a shonraítear sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an Teachtaireacht seo, tá dlús á chur ag páirtithe leasmhara lena gcomhar chun cuspóirí CBI a bhaint amach, rud a réitíonn an bealach do chomhar luachmhar sna blianta amach romhainn.
Leis an gcomhairliúchán forleathan a rinneadh leis na páirtithe leasmhara chun an Teachtaireacht seo a ullmhú, léiríodh go han-soiléir nach féidir ach an t-iascach agus an dobharshaothrú a bhainistítear de mheon an chomhair agus na muiníne idir údaráis phoiblí ar gach leibhéal – an pobal eolaíochta, iascairí agus feirmeoirí dobharshaothraithe agus a n-eagraíochtaí, agus an tsochaí shibhialta – torthaí uaillmhianacha a bhaint amach i dtéarmaí na hinbhuanaitheachta agus na brabúsachta araon.
I bhfianaise an mhéid thuas, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit, ar pháirtithe leasmhara iascaigh agus ar an bpobal eolaíochta dul i bpáirt leis an gCoimisiún i ‘gComhshocrú Iascaigh agus Aigéin’, lena n-athdhearbhaítear an gealltanas comhpháirteach chun an beartas atá ann faoi láthair a chur chun feidhme ina iomláine agus rannchuidiú leis an machnamh agus leis na measúnuithe is gá ar ghnéithe áirithe de CBI. Leis sin, cuirfear le plé idir bainisteoirí iascaigh agus páirtithe leasmhara i dtaca le féachaint chuige go mbeidh an beartas slán i bhfad na haimsire i dtéarmaí na hathléimneachta sóisialta agus na hathléimneachta comhshaoil araon.
Déanfar an Comhshocrú a bhunú ar na príomhphrionsabail seo a leanas:
-comhlíontacht iomlán leis na rialacha atá ann cheana, chun a áirithiú go ndéanfar an t-iascach ar leibhéil inbhuanaithe agus chun tionchair dhiúltacha ar éiceachórais mhuirí a laghdú go mór;
-níos mó trédhearcachta i dtéarmaí rialachais agus cinnteoireachta chun a áirithiú go mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha uile rannpháirteach sa phróiseas agus go mbeidh faisnéis iomlán acu maidir leis na rialacha;
-rialachas feabhsaithe, ina bhfuil naisc níos dlúithe le réimsí beartais eile chun cur chuige níos iomlánaíche a fhorbairt, cur chuige lena dtugtar aghaidh freisin ar bhrúnna eile ar an muirthimpeallacht, agus trí dhul chun cinn breise a dhéanamh maidir le comhar an Aontais le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad chun cothrom iomaíochta a áirithiú;
-aitheantas ar ról na n-iascairí mar ‘mhaoir na farraige’ agus soláthar creata a thacaíonn le hathléimneacht shocheacnamaíoch na hearnála, le hinbhuanaitheacht comhshaoil agus le hathnuachan glúine;
-cur chuige réamhbhreathnaitheach a bhuí le tuilleadh taighde agus nuálaíochta, a chuirfidh ar a cumas don earnáil rannchuidiú leis an aeráidneodracht (lena n-áirítear trí ‘shoithí na todhchaí’ agus trí threalamh agus teicnící iascaireachta níos inbhuanaithe); forbairt na hiascaireachta beaichte a éascú; gairm bheatha na n-iascairí sa todhchaí a dhearadh; agus na sonraí is gá a bhailiú le haghaidh forbairtí beartais amach anseo.
Leis an gcomhbheartas iascaigh atá ann faoi láthair, mar aon le gníomhaíochtaí a eascraíonn as an Teachtaireacht seo, as an bplean gníomhaíochta muirí agus as tionscnamh an aistrithe fuinnimh, beidh níos mó rannpháirtíochta ann agus beifear in ann níos mó infheistíochta a dhéanamh amach anseo. Is éard atá sa Chomhshocrú Iascaigh agus Aigéin glao chun oibriú i gcomhar chun na feabhsuithe is gá a dhéanamh ar chur chun feidhme CBI sa ghearrthéarma, agus chun tús a chur le céim nua phlé idir na páirtithe leasmhara iascaigh uile. Is glao é chun an beartas a chalabrú, i gcás inar gá, chun cuidiú linn dul i ngleic le dúshláin agus réaltachtaí nua agus chun comhthuiscint a chruthú maidir leis an mbóthar atá romhainn. Má thagann na páirtithe leasmhara uile le chéile agus má dhéanann siad a gcion féin, cuideoidh CBI leis an mbainistíocht a optamú agus le buanna comhchoiteanna a bhaint amach mar fhreagairt ar na dúshláin roimh an iascach agus an dobharshaothrú, roimh na héiceachórais mhuirí agus roimh na pobail chósta, ar dúshláin iad atá ag dul i méid.