02023R2832 — GA — 15.12.2023 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2023/2832 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2023

maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 2832 15.12.2023, lch. 1)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 90320, 30.5.2024, lch.  1 ((AE) 2023/28322023/2832)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2023/2832 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2023

maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Raon feidhme

1.  

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonaítear do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i ngach earnáil, seachas:

(a) 

cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(b) 

cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, i gcás ina socraítear méid na cabhrach ar bhonn phraghas nó chainníocht na dtáirgí a cheannaítear nó a chuirtear ar an margadh;

(c) 

cabhair arna deonú do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta;

(d) 

cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i bpróiseáil agus margú táirgí talmhaíochta, sna cásanna seo a leanas:

(i) 

nuair atá méid na cabhrach socraithe ar bhonn phraghas nó cainníocht na dtáirgí sin a cheannaítear ó tháirgeoirí tosaigh nó a chuireann na gnóthais lena mbaineann ar an margadh;

(ii) 

nuair a bhíonn an chabhair coinníollach ar a bheith curtha ar aghaidh go páirteach nó go hiomlán chuig táirgeoirí príomhúla;

(e) 

cabhair a dheonaítear do ghníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú chuig tríú tíortha nó chuig Ballstáit, mar atá cabhair a bhaineann go díreach leis na cainníochtaí a onnmhairítear, le bunú agus le hoibriú líonra dáileacháin, nó le caiteachas reatha eile a bhaineann leis an ngníomhaíocht onnmhairiúcháin;

(f) 

cabhair atá ag brath ar úsáid earraí agus seirbhísí intíre de bhreis ar earraí agus seirbhísí allmhairithe.

2.  
I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach in aon cheann de na hearnálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (c) nó (d), agus ina bhfuil sé gníomhach freisin i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó ina bhfuil gníomhaíochtaí eile aige atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonaítear i dtaca leis na hearnálacha nó gníomhaíochtaí áirithe sin, ar choinníoll go n-áirithíonn an Ballstát lena mbaineann, trína bhrath ar bhealaí cuí amhail deighilt gníomhaíochtaí nó deighilt cuntas, nach dtéann an chabhair de minimis a dheonaítear de réir an Rialacháin sin chun tairbhe do na gníomhaíochtaí sna hearnálacha nach bhfuil laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.  

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn ‘táirgí talmhaíochta’ táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, cé is moite de na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(b) 

ciallaíonn ‘táirgeadh príomhúil talmhaíochta’ táirgeadh táirgí de bhunús na hithreach agus na feirmeoireachta stoic, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, gan aon oibríocht eile a dhéanamh lena n-athraítear cineál na dtáirgí sin;

(c) 

ciallaíonn ‘próiseáil táirgí talmhaíochta’ aon oibríocht ar tháirge talmhaíochta as a dtagann táirge ar táirge talmhaíochta é freisin, cé is moite de ghníomhaíochtaí ar an bhfeirm is gá chun táirge ainmhí nó planda a ullmhú le haghaidh an chéad díola;

(d) 

ciallaíonn ‘margaíocht táirgí talmhaíochta’ táirge a choinneáil nó a thaispeáint d’fhonn é a dhíol, a thairiscint lena dhíol, a sheachadadh nó a chur ar an margadh ar bhealach ar bith eile, seachas an chéad díol ag táirgeoir príomhúil le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe agus aon ghníomhaíocht trína n-ullmhaítear táirge don chéad díol sin; measfar gur margú táirge talmhaíochta é an táirgeoir príomhúil táirge talmhaíochta a dhíol le tomhaltóirí deiridh más in áitreabh ar leithligh a áirithítear chun na críche sin a dhéantar an díolachán sin;

(e) 

ciallaíonn ‘táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe’ táirgí a shainmhínítear in Airteagal 5, pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

(f) 

ciallaíonn ‘táirgeadh príomhúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe’ gach oibríocht a bhaineann le hiascaireacht, tógáil nó saothrú na n-orgánach uisceach, chomh maith le gníomhaíochtaí ar an bhfeirm nó ar bord is gá chun ainmhí nó planda a ullmhú don chéad díol, lena n-áirítear gearradh, filléadú nó reo, agus an chéad díol le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe;

(g) 

ciallaíonn ‘próiseáil agus margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe’ gach oibríocht, lena n-áirítear láimhseáil, cóireáil agus claochlú, a dhéantar tar éis am an tabhairt i dtír — nó am na buainte i gcás an dobharshaothraithe — agus arb é is toradh uirthi táirge próiseáilte, chomh maith le dáileadh an táirge sin;

(h) 

ciallaíonn ‘eintiteas neamhbhrabúis’ eintiteas beag beann ar a stádas dlíthiúil (arna eagrú faoin dlí poiblí nó príobháideach) nó ar an mbealach maoinithe, arb é is príomhchuspóir dó cúraimí sóisialta a dhéanamh, gnóthas a athinfheistíonn aon bhrabúis a ghintear agus bíonn sé ag gabháil go príomha do ghníomhaíochtaí neamhthráchtála. I gcás ina saothraíonn eintiteas den sórt sin gníomhaíochtaí tráchtála freisin, ní mór dó deighilt chuntasaíochta a áirithiú maidir le maoiniú, costais agus ioncaim na ngníomhaíochtaí tráchtála sin ó na gníomhaíochtaí neamhthráchtála.

2.  

ciallaíonn ‘gnóthas aonair’, chun críocha an Rialacháin seo, na fiontair uile a bhfuil ar a laghad ceann amháin de na gaoil seo a leanas eatarthu:

(a) 

gur ag fiontar áirithe amháin atá tromlach de chearta vótála na scairshealbhóirí nó de chearta vótála na gcomhaltaí i bhfiontar eile;

(b) 

is ag fiontar amháin atá an ceart tromlach de chomhaltaí comhlachta riaracháin nó bainistíochta nó maoirseachta fiontair eile a cheapadh nó a chur as a bpost;

(c) 

is ag fiontar amháin atá an ceart tionchar ceannasach a bheith aige ar fhiontar eile de bhun conradh arna dhéanamh leis an bhfiontar sin nó de bhun foráil ina mheamram comhlachais nó ina airteagail chomhlachais;

(d) 

gur ag gnóthas amháin, ar scairshealbhóir nó comhalta de chuid fiontar eile é, atá an smacht ar thromlach chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí san fhiontar sin, de bhun comhaontú le scairshealbhóirí nó comhaltaí eile den fhiontar sin.

Measfar gur gnóthas aonair iad fiontair a bhfuil aon cheann de na gaoil dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) eatarthu trí ghnóthas amháin eile nó níos mó. Mar sin féin, fiontair a dhéanann seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch nach bhfuil aon ghaol eatarthu seachas go bhfuil nasc díreach ag gach ceann acu leis an gcomhlacht nó na comhlachtaí poiblí céanna, nó leis an eintiteas nó na heintitis neamhbhrabúis céanna, níor cheart caitheamh leo mar ghnóthas amháin chun críocha an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Cabhair de minimis

1.  
Measfar maidir le bearta cabhrach a dheonaítear do ghnóthais chun seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar nach gcomhlíonann na bearta sin critéir uile a leagtar amach in Airteagal 107(1) den Chonradh agus, dá bhrí sin, ní bheidh siad faoi réir an cheanglais fógra a thabhairt in Airteagal 108(3) den Chonradh má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
2.  
Méid iomlán na cabhrach de minimis a dheonófar in aghaidh an Bhallstáit do ghnóthas aonair a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní bheidh sé níos mó ná EUR 750 000 thar aon tréimhse 3 bliana.
3.  
Measfar gur deonaíodh an chabhair de minimis an tráth a dtugtar an ceart dlíthiúil don ghnóthas, de réir an chórais dhlíthiúil náisiúnta is infheidhme, an chabhair a fháil gan beann ar an dáta ar íocadh an chabhair de minimis leis an ngnóthas.
4.  
Beidh feidhm ag an uasteorainn a leagtar síos i mír 2 gan beann ar fhoirm na cabhrach de minimis ná ar an gcuspóir a shaothraítear leis an gcabhair sin agus cibé acu a mhaoinítear an chabhair atá deonaithe ag an mBallstát go hiomlán nó go páirteach as acmhainní de thionscnamh an Aontais.
5.  
Chun críocha na huasteorann a leagtar síos i mír 2, is mar dheontas airgid a shloinnfear an chabhair. Is figiúirí comhlána a bheidh sna figiúirí ar fad a úsáidfear, is é sin, sula ndéanfar aon cháin nó muirear eile a asbhaint. I gcás ina ndeonaítear cabhair i bhfoirm nach deontas í, beidh méid na cabhrach comhionann le coibhéis deontais chomhláin na cabhrach.
6.  
An chabhair is iníoctha i dtráthchodanna éagsúla, déanfar í a lascainiú go dtí a luach tráth ar deonaíodh í. Is é an ráta úis a úsáidfear chun críche lascainithe an ráta lascaine is infheidhme tráth a ndeonaítear an chabhair.
7.  
I gcás ina sárófar an uasteorainn a leagtar síos i mír 2 má dheonaítear cabhair nua de minimis do seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní bhainfidh an chabhair nua sin tairbhe as an Rialachán seo.
8.  
I gcás cumasc agus éadálacha, déanfar an chabhair de minimis ar fad a deonaíodh roimhe sin d’aon cheann de na gnóthais a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an sáraíonn aon chabhair de minimis nua a dheonaítear don ghnóthas nua nó don ghnóthas éadála an uasteorainn a leagtar síos i mír 2. An chabhair de minimis a dheonófar go dleathach roimh an gcumasc nó roimh an éadáil, leanfaidh sí de bheith dleathach.
9.  
Má scoiltear aon ghnóthas amháin ina dhá ghnóthas nó níos mó, déanfar an chabhair de minimis a deonaíodh roimh an scoilt a leithdháileadh ar an ngnóthas a bhain tairbhe aisti, arb é, i bprionsabal, an gnóthas atá ag glacadh air féin na gníomhaíochtaí ar ina leith a caitheadh an chabhair de minimis. Murar féidir leithdháileadh den sórt sin a dhéanamh, leithdháilfear an chabhair de minimis go comhréireach ar bhonn an luacha de réir na leabhar atá ar chaipiteal cothromais na ngnóthas nua ar dháta éifeachtach na deighilte.

Airteagal 4

Coibhéis deontais chomhláin a ríomh

1.  
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le cabhair ar féidir coibhéis deontais chomhláin na cabhrach ex ante a ríomh go beacht ina leith gan aon ghá le measúnú riosca a dhéanamh (‘cabhair thrédhearcach de minimis’).
2.  
Measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis í an chabhair ab éard atá inti deontais nó fóirdheontais úis.
3.  

Measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis atá i gcabhair más rud é:

(a) 

nach bhfuil an tairbhí faoi réir imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna ná nach gcomhlíonann sé na critéir faoina dhlí náisiúnta féin a chuirfeadh faoi réir imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna é ar iarratas óna chreidiúnaithe. I gcás gnóthais mhóra, beidh staid an tairbhí inchurtha le rátáil creidmheasa B- ar a laghad; agus i gcás ceann amháin acu seo:

(b) 

tá an iasacht urraithe le comhthaobhacht a chumhdaíonn 50 % ar a laghad den iasacht agus is fiú EUR 3 750 000 thar thréimhse 5 bliana nó EUR 1 875 000 thar thréimhse 10 mbliana an iasacht; más fiú níos lú ná na méideanna sin an iasacht nó má dheonaítear í ar feadh tréimhse níos giorra ná 5 bliana nó 10 mbliana faoi seach, ríomhfar coibhéis deontais chomhláin na hiasachta sin mar chion comhfhreagrach den uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo; nó

(c) 

má ríomhadh an choibhéis deontais chomhláin bunaithe ar an ráta tagartha b’infheidhme tráth bhronnta an deontais.

4.  
Ní mheasfar an chabhair ab éard atá inti instealltaí caipitil mar chabhair thrédhearcach de minimis ach amháin sa chás nach sáraíonn méid iomlán an insteallta phoiblí an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2).
5.  
An chabhair ab éard atá inti bearta cabhrach um maoiniú riosca i bhfoirm infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, ní mheasfar gur cabhair thrédhearcach de minimis í ach amháin sa chás nach sáraíonn an caipiteal a tugadh do ghnóthas aonair an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2).
6.  

An chabhair ab éard atá inti ráthaíochtaí, measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis é más rud é:

(a) 

nach bhfuil an tairbhí faoi réir imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna ná nach gcomhlíonann sé na critéir faoina dhlí náisiúnta féin a chuirfeadh faoi réir imeachtaí dócmhainneachta comhchoiteanna é ar iarratas óna chreidiúnaithe. I gcás gnóthais mhóra, beidh staid an tairbhí inchurtha le rátáil creidmheasa B- ar a laghad; agus i gcás ceann amháin acu seo:

(b) 

nach sáraíonn an ráthaíocht 80 % den bhuniasacht gach tráth, go dtabhaíonn an t-iasachtóir agus an ráthóir caillteanais go comhréireach agus ar an mbealach céanna, go ndéanann na glan-aisghabhálacha a ghintear ó aisghabháil na hiasachta ó na hurrúis a thug an t-iasachtaí na caillteanais a sheas an t-iasachtóir agus an ráthóir a laghdú go comhréireach, agus gurb é EUR 5 625 000 an méid a ráthaítear agus 5 bliana fad na ráthaíochta nó gurb é EUR 2 813 036 an méid a ráthaítear agus 10 mbliana fad na ráthaíochta; má tá an méid a ráthaítear níos ísle ná na méideanna sin nó más tréimhse níos giorra ná 5 bliana nó 10 mbliana fad na ráthaíochta faoi seach, ríomhfar coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochta sin mar chion comhfhreagrach den uasteorainn ábhartha a leagtar síos in Airteagal 3(2); nó

(c) 

má ríomhadh an choibhéis deontais chomhláin ar bhonn préimheanna tearmainn a leagtar síos i bhfógra ón gCoimisiún; nó

(d) 

roimh an gcur chun feidhme,

(i) 

gur cuireadh an mhodheolaíocht a úsáideadh chun coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochta a ríomh in iúl don Coimisiún faoi Rialachán eile de chuid an Choimisiúin sa réimse den státchabhair a bhí infheidhme an tráth sin agus má ghlac an Coimisiún leis go raibh sé ag teacht leis an bhFógra Ráthaíochta, nó aon fhógra comharbachta; agus

(ii) 

má thugann an mhodheolaíocht sin aghaidh go sainráite ar an saghas ráthaíochta agus ar an saghas idirbhirt fholuitigh atá i gceist i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

7.  
Aon chabhair arb éard atá inti ionstraimí eile, measfar gur cabhair thrédhearcach de minimis í má dhéantar foráil san ionstraim maidir le caidhp lena n-áirithítear nach sáraítear an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

Airteagal 5

Carnadh

1.  
Is féidir cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo a charnadh le cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir le Rialacháin de minimis eile ( 2 ).
2.  
Ní dhéanfar cabhair de minimis faoin Rialachán seo a charnadh le haon chúiteamh i leith na seirbhíse céanna lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, gan beann ar cé acu is Státchabhair í nó nach í.
3.  
Cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní dhéanfar í a charnadh le Státchabhair i ndáil leis na costais incháilithe chéanna nó i ndáil le Státchabhair don bheart céanna um maoiniú riosca más rud é go mbeadh mar thoradh ar an gcarnadh sin déine cabhrach nó méid cabhrach a sháraíonn an méid a shonraítear i saintosca gach cáis trí rialachán blocdhíolúine nó trí chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún. An chabhair de minimis nach ndeonaítear le haghaidh costais incháilithe shonracha nó nach bhfuil inchurtha ina leith, is féidir í a charnadh le státchabhair eile a dheonaítear trí rialachán blocdhíolúine nó trí chinneadh atá glactha ag an gCoimisiún.

Airteagal 6

Faireachán agus tuairisciú

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit, ón 1 Eanáir 2026, go gclárófar an fhaisnéis maidir leis an gcabhair de minimis a dheonaítear le haghaidh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i gclár lárnach ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Cuimseoidh an fhaisnéis sa chlár lárnach céannacht an tairbhí, méid na cabhrach, dáta an deonaithe, an t-údarás deonúcháin, an ionstraim chabhrach, agus an earnáil lena mbaineann ar bhonn aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas (‘aicmiú NACE’). Cuirfear an clár lárnach ar bun ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis agus, an tráth céanna, a áiritheoidh go gcomhlíonfar rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear trí iontrálacha sonracha a anaithnidiú i gcás inar gá.
2.  
Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a liostaítear i mír 1 a chlárú sa chlár lárnach maidir leis an gcabhair de minimis a dheonaíonn aon údarás laistigh den Bhallstát lena mbaineann laistigh de 20 lá oibre tar éis dheonú na cabhrach. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cruinneas na sonraí atá sa chlár lárnach a áirithiú.
3.  
Coinneoidh na Ballstáit taifid ar an bhfaisnéis chláraithe maidir le cabhair de minimis go ceann 10 mbliana ón dáta ar deonaíodh an chabhair.
4.  
Ní dheonóidh Ballstát an chabhair de minimis nua i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin tar éis a sheiceáil dó nach méadóidh an chabhair de minimis nua méid iomlán na cabhrach de minimis arna deonú don ghnóthas lena mbaineann go leibhéal atá os cionn na huasteorann a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile sa Rialachán seo.
5.  
Déanfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as clár lárnach ar an leibhéal náisiúnta sonraí comhiomlánaithe maidir le cabhair de minimis a deonaíodh don bhliain roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain. Áireofar sna sonraí comhiomlánaithe líon na dtairbhithe, méid foriomlán na cabhrach de minimis a deonaíodh agus méid foriomlán na cabhrach de minimis a deonaíodh in aghaidh na hearnála (trí ‘aicmiú NACE’ a úsáid). Is le haghaidh cabhair de minimis a dheonaítear ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2026 a bheidh na chéad sonraí a chuirtear isteach. Féadfaidh na Ballstáit tuairisciú chuig an gCoimisiún ar thréimhsí níos luaithe i gcás ina bhfuil na sonraí comhiomlánaithe ar fáil.
6.  
Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann ar fáil don Choimisiún, laistigh de 20 lá oibre nó laistigh de thréimhse is faide a leagfar amach san iarratas, gach faisnéis is gá, dar leis an gCoimisiún, chun measúnú a dhéanamh an bhfuil coinníollacha an Rialacháin seo comhlíonta, go háirithe maidir le méid iomlán na cabhrach de minimis atá faighte ag aon ghnóthas de réir bhrí an Rialacháin seo nó de réir brí rialachán de minimis eile.

Airteagal 7

Forálacha idirthréimhseacha

1.  
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonaítear sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm, má chomhlíonann an chabhair na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
2.  
Aon chabhair de minimis aonair a deonaíodh idir 29 Aibreán 2012 agus an 31 Nollaig 2023 agus a chomhlíonann coinníollacha Rialachán (AE) Uimh. 360/2012, measfar nach gcomhlíonann sí na critéir ar fad in Airteagal 107(1) den Chonradh agus beidh sí, dá bhrí sin, díolmhaithe ón gceanglas in Airteagal 108(3) den Chonradh fógra a thabhairt.
3.  
Ag deireadh thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo, féadfar aon chabhair de minimis a chomhlíonann coinníollacha an Rialacháin seo a dheonú go bailí go ceann tréimhse 6 mhí eile.
4.  
Go dtí go mbeidh an clár lárnach curtha ar bun agus go gcumhdóidh sé tréimhse 3 bliana, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát cabhair de minimis a dheonú do ghnóthas i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an Ballstát sin an gnóthas ar an eolas, i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach, faoi mhéid na cabhrach arna shloinneadh mar choibhéis deontais chomhláin agus a chineál de minimis, ag tagairt go díreach don Rialachán seo. I gcás ina ndeonaítear cabhair de minimis i gcomhréir leis an Rialachán seo do ghnóthais éagsúla ar bhonn scéime agus má dheonaítear méideanna éagsúla cabhrach aonair do na gnóthais sin faoin scéim sin, is féidir don Bhallstát lena mbaineann roghnú a oibleagáid a chomhlíonadh trí bhíthin méid a chur in iúl do na gnóthais a chomhfhreagraíonn don uasmhéid cabhrach atá le deonú faoin scéim sin. I gcásanna den sórt sin, bainfear úsáid as an tsuim shocraithe lena chinneadh an gcomhlíontar an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Sula ndeonóidh an Ballstát an chabhair, gheobhaidh sé dearbhú ón ngnóthas lena mbaineann, i scríbhinn nó go leictreonach, faoi aon chabhair de minimis eile atá faighte a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo nó ag rialacháin de minimis eile maidir leis thar aon thréimhse 3 bliana.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus tréimhse a churtha chun feidhme

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2030.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1184/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle, (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

( 2 ►C1  Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis san earnáil talmhaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lch. 9), Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45), agus Rialachán (AE) 2023/2831. ◄